Baile     
Scileanna Idirphearsanta

Scileanna Pearsanta:

Is éard atá i gceist le scileanna pearsanta ná scileanna a bhaineann leis an gcaoi a ndéanaimid muid féin a bhainistiú agus a chur in iúl. Léiríonn iad ar an láthair oibre, inár staidéar agus inár ngnáthghníomhartha sa dearcadh agus sna iompraíocht a léirímid.

I measc na scileanna bainistithe pearsanta tá siad seo:

  • Dearcadh agus impraíocht dhearfach (e.g. nithe a dhéanamh as do stuaim féin agus do chion den obair a dhéanamh)
  • Freagracht a ghlacadh (e.g. spriocanna agus tosaíochta a shocrú; dualgais a chomhlíonadh; bheth iontaofa ionas go mbeadh daoine in ann brath ort)
  • Oiriúnaitheacht (e.g. tascanna nó tionscadail iomadúla a dhéanamh; bheith nuálaíoch agus acmhainneach; bheith oscailte agus sofhreagrach d’athruithe)
  • Suim a bheith agat san fhoghlai ar feadh an tsaoil

Bíonn sé níos éasca bheith ag obair le daoine a bhfuil Scileana Pearsanta dea-fhorbartha acu mar go gcuidíonn siad timpeallacht thairgiúil éifeachtach a chruthú agus a chothú. Déan do mhachnamh ar na nithe seo thíos


Cé acu ar fearr bheith ag obair leo?


 An té

 An té

  • A chaitheann go macánta leat; a deir go díreach leat céard a mheasann sé nó sí faoina bhfuil le rá agat
  • A deir rud amháin leat ach a mhalairt le daoine eile fút
  • A bhíonn de réir a chéile; ar féidir brath air agus atá cúirtéiseach agus gairmiúil
  • Nach mbíonn cainteach agus a athraíonn meon ó lá go lá
  • Ar féidir leis/léi cothromaíocht a bhaint amach idir an saol san obair agus an saol sa bhaile
  • A dhéanann iomarca oibre, nach labhraíonn faoi rud ar bith seachas an obair
  • A éisteann le do chuid aiseolais agus a chinntíonn gur thuig sé/sí é agus a oibríonn leat chun réiteach a fháil ar an bhfadhb
  • A bhíonn cosantach nuair a dhéanann tú iarracht aiseolas a thabhairt dó/di, a dhéanann neamhaird de na nithe atá le rá agat agus a dhiúltaíonn glan glacadh leis go bhfuil fadhb ann
  • Atá solúbtha agus toilteannach athruithe a dhéanamh ar mhaithe leis an bhfoireann nó leis an eagraíocht
  • A dhiúltaíonn athruithe a dhéanamh; a chloíonn go docht le gnás, rialacha nó ionchais sheanbhuanithe
  • A ghlacann freagracht as a ghníomhartha féin
  • A chuireann an milleán ar dhaoine eile nó a chuireann a mbotúin faoi cheilt
  • A aithníonn an méid atá déanta agat agus a thugann aitheantas do do láidreachta, bídís ina gcinn phríobháideacha nó mar ghrúpa
  • Nach luann ach do laigí agus d’fhadhbanna, idir phríobháideacha agus sa ghrúpa
  • A mholann tú, a éisteann leat, a thugann tacaíocht duit agus a thógann ar do smaointe
  • A fhaigheann locht ar do mholtaí, agus a mhíníonn duit cén fáth nach n-éireoidh leo

Samplaí de Scileanna Pearsanta:
Scileanna Foghlama Lorgaíonn tú deiseanna chun bheith ag foghlaim. Léiríonn tú spéis san fhoghlaim agus san fhorbairt phearsanta. Lorgaíonn tú aiseolas chun cur le do thuiscint ar rudaí éagsúla.
Inoiriúnaitheacht Cuireann tú tú féin in oiriúint do dhúshláin nua agus léiríonn tú oscailteach i leith bealaí nua rudaí a dhéanamh. Bíonn tú éifeachtach agus tú ag athrú pleananna nó gníomhartha chun déileáil le cúinsí a bhíonn ag athrú.
Socrú Spriocanna Léiríonn tú go bhfuil de chumas agat cinneadh a ghlacadh faoi céard atá ag teastáil, agus céard is féidir a bhaint amach. Bíonn tú dílis don sprioc agus déileálann tú le constaicí ar bhealach réadúil.
Tionscnaíocht Léiríonn tú an cumas a bheith tionscnaíoch i gcúinsí éagsúla. Bíonn tú ag lorg deiseanna chun cinntí a dhéanamh nó tionchar a imirt ar chúrsaí.
Neamhspleáchas Bíonn tú in ann tascanna a dhéanamh go héifeachtach agus ní bhí mórán cúnaimh ná tacaíochta ag teastáil uait, ná aon mhaoirseacht dhíreach
Inspreagthacht Bíonn tú tiomanta de go n-éireodh leat. Bíonn tú muiníneach as do chumais agus bíonn ag súil leis go n-éireoidh leat sna tascanna a d’aontaigh tú a dhéanamh.
Iontaofacht Bíonn tú iontaofa agus freagrach i gcomhlíonadh do dhualgas. Déanann tú d’obair a sheiceáil go cúramach chun a chinntiú gur smaoinigh tú ar na mionsonraí go léir.
Gairmiúlacht Bíonn tú socair nuair a bhíonn tú faoi bhrú. Déanann tú do dhícheall oibriú ar mhaithe le leas is fearr na heagraíochta i gcónaí agus leanann tú an gnás éadaí atá ag an eagraíocht.

Comórtas Scilenna Gairme

 

Conas na Scileanna sin a Fhorbairt?

Is féidir leat an cleachtadh a dhéanamh atá ar an mbileog eolais atá le híoslódáil anseo. Cuirtear síos ann ar na scileanna is mó éileamh i measc fostóirí. Is féidir leat tú féin a rátáil de réir na scileanna seo, nó d’fhéadfá a fháil amach cad iad na laigí nó na láidreachtaí atá agat. Ansin d’fhéadfá deiseanna a lorg na scileanna sin a fhorbairt.

 

 

Download Self-Assement Worksheet

Bileog Oibre - Scileanna Gairme Féin-Mheasúnú