Baile     

Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge

March 6, 2024


Seolfaidh Esther Doyle, Príomhchigire Cúnta, An Roinn Oideachais, an leagan Béarla d’acmhainn treorach nua COGG. Tugann an acmhainn tharraingteach nuálach seo spléachadh cuimsitheach ar an iliomad deiseanna gairme agus forbartha fadsaoil atá ar fáil do scoláirí iar-bhunscoile a bhfuil spéis acu an Ghaeilge a úsáid tar éis a gcuid scolaíochta.

Foilsíodh an bunleagan Gaeilge den phacáiste anuraidh. Sa leagan Béarla seo den phacáiste, faightear léargas ar an éagsúlacht leathan cúrsaí agus printíseachtaí atá ar fáil thrí Ghaeilge nó atá bainteach le saol na Gaeilge agus na Gaeltachta. Cuireann an Ghaeilge a lán deiseanna breise ar fáil do dhaoine óga i réimse leathan gairmeacha, ní hamháin sa bhaile in Éirinn ach thar sáile chomh maith. Leagann Careers with Irish: Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge béim ar fhás agus ar leathnú na bhféidearthachtaí gairme seo do dhaoine óga a bhfuil spéis acu leanúint ar aghaidh ag forbairt a gcuid scileanna Gaeilge.

San áireamh sa phacáiste chomh maith, tá eolas suas chun dáta ar mhórán gnéithe a mbeadh suim ag scoláirí iar-bhunscoile iontu agus iad ag roghnú gairme .i. scéimeanna cónaitheacha Gaeilge, scoláireachtaí, agus sparánachtaí a bhaineann leis an nGaeilge, mar aon le noda agus iad i mbun ullmhúcháin don roghnú gairme. Tugtar a lán samplaí spéisiúla pearsanta faoi dheiseanna oibre trí Ghaeilge nó le Gaeilge i mórán rannóga éagsúla, mar shampla:

  • Na Meáin Chumarsáide
  • Aistriúchán agus Ateangaireacht in Éirinn agus thar lear, Tithe an Oireachtais, Rannóg an Aistriúcháin agus An tAontas Eorpach san áireamh
  • An Státseirbhís agus na Seirbhísí Poiblí
  • Dlí
  • Gnó
  • Oideachas
  • Cultúr agus na hEalaíona

Is í an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta and Gaelscolaíocht (COGG) a d’fhoilsigh Deiseanna Gairmeacha le Gaeilgeagus tá an leagan Béarla agus Gaeilge ar fáil saor in aisce le seachadadh go scoileanna na tíre. Tá leagan digiteach ar fáil le hioslódáil ar shuíomh COGG anseo agus cuirfear an pacáiste ar fáil trí chraobhacha réigiúnda den IGC san fhómhar. Déanfar leasuithe bliantúla ar an acmhainn chun a chinntiú go mbeidh an t-eolas is déanaí faoi chúrsaí agus faoi dheiseanna ag scoláirí.

Ag cur fáilte roimh an leagan Béarla, a bhfuil tacaíocht iomlán na Roinne Oideachais aige, deir Jacqueline Ní Fhearghusa, Príomhfheidhmeannach COGG, go bhfuil sí ag súil go mór le scaipeadh an phacáiste ar scoileanna fud fad na tíre:

“Tar éis aiseolas iontach a fháil ó scoileanna Gaeltachta agus lan-Ghaeilge ar an leagan Gaeilge, táimid cinnte go mbeidh an leagan Béarla den acmhainn fíorluachmar do mhúinteoirí, do chomhairleoirí Treorach agus do scoláirí sna scoileanna uile…Seo an chéad uair a leithéid d’eolas cuimsitheach faoi dheiseanna le Gaeilge a bheith bailithe in aon áit amháin do scoláirí. Tá sé fíorthábhachtach go dtuigfeadh daoine óga ó cheann ceann na tíre cé chomh luachmhar agus a bheidh a gcuid scileanna Gaeilge dóibh sa saol oibre amach anseo”

Tá dearadh tarraingteach agus aoisoiriúnach ar an bpacáiste agus is fuarasta do scoláirí teacht ar a thuilleadh sonraí. Baintear an-úsáid as cóid QR agus naisc go físeáin éagsúla chun gur féidir breis eolais a lorg ar an bpointe.

Ag caint ar an acmhainn nua seo agus ar a thaithí féin leis an nGaeilge, deir an craoltóir aitheanta ar 2FM agus ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge, Aindriú de Paor:

“Níl aon mhíbhuntáiste ag baint le bheith dhátheangach. D’oscail an Ghaeilge doirse dom nach raibh a fhios agam a bhí ann agus leanann siad ag oscailt dom de shíor. Tá deiseanna thar lear duit má tá Gaeilge agat agus tá pobal amuigh ansin, idir óg agus aosta, atá cairdiúil, éirimiúil agus eisceachtúil, atá ag plé leis an nGaeilge.”

Sonraí Iomlána