Baile     

Scrúdú TEG B1 d’iarrthóirí ar an MGO – Dáta deiridh d’iarratais: 8 Eanáir 2024

December 4, 2023

An bhfuil sé i gceist agat cur isteach ar an MGO (Bunmhúinteoireacht) in 2024 nó 2025? Mar chuid den phróiseas iontrála, ní mór d’iarrthóirí scrúdú a dhéanamh chun a gcumas sa Ghaeilge a mheas ag Meánleibhéal 1 (B1) de chuid Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Beidh ar iarrthóirí 65% a ghnóthú sa scrúdú cainte mar choinníoll iontrála. Beidh scrúduithe cainte ag leibhéal B1 ar siúl i mí Eanáir/Feabhra 2024 in ionaid ar fud na tíre.

Dátaí Scrúdaithe: 26/27 Eanáir; 9/10 Feabhra 2024

Foirm iarratais: ar fáil ar an 15 Samhain 2023

Dáta deiridh d’iarratais: 8 Eanáir 2024

Eisiúint torthaí: lár mhí an Mhárta 2024

Tá tuilleadh eolais agus scrúduithe samplacha ar fáil anseo.

 

Sonraí Iomlána