Baile     

Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán

April 9, 2024


An bhfuil ardscileanna teanga agat agus an bhfuil spéis agat post a bhaint amach mar aistritheoir in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh nó in earnáil na Gaeilge? Má tá, b’fhéidir go mbeadh spéis agat níos mó eolais a fháil faoin Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, cúrsa de chuid Choláiste na hÉireann/Ghaelchultúir atá dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán an-mhaith Gaeilge acu cheana ach ar mhaith leo cruinneas a bhaint amach sa teanga scríofa.

Do you have an advanced command of the Irish language, and have you ever considered working as a translator in one of the EU institutions or in the Irish language sector? If so, perhaps you’d be interested in learning more about our Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán/Postgraduate Diploma in Translation. This postgraduate course, offered by Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr, is aimed at those who already have a very good standard of Irish but who wish to attain accuracy in the written language.

Beidh seisiún eolais maidir leis an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán á reáchtáil againn ar Zoom ag 12.00pm-1.00pm Dé Sathairn, 13 Aibreán agus is é Cathaoirleach Cláir an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, Éamonn Ó Dónaill, a bheidh i mbun an tseisiúin seo.

If you’d like to learn more, please join us at 12.00pm - 1.00pm on Saturday, 13 April for an information session, on Zoom, about the course, hosted by the Programme Chair of the Postgraduate Diploma in Translation, Éamonn Ó Dónall. Seisiún eolais

Information session Maireann an Dioplóma trí sheimeastar/sé mhí dhéag agus tá sé ag leibhéal 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Tá an cúrsa seo ar cheann de na cúrsaí Gaeilge iarchéime is mó ráchairt. Tá áiteanna ar an gcúrsa an-teoranta agus is gá tabhairt faoi scrúdú iontrála le háit a bhaint amach air.

The Diploma, which is a level 9 NFQ course, runs for three semesters, over a sixteen-month period. This course is one of the most prestigious postgraduate courses for Irish. Availability is limited and applicants are required to sit an entrance exam to secure a place.

Tá níos mó deiseanna ann ná mar a bhí riamh i ndán dóibh siúd a bhfuil cruinneas teanga agus ardscileanna aistriúcháin acu. Déan infheistíocht i do chuid oideachais agus sealbhaigh na scileanna riachtanacha chun na deiseanna ar fad a thapú leis an gcúrsa luachmhar seo.

There are more opportunities than ever for those with accuracy in Irish and translation skills. Invest in your education and acquire the necessary skills to seize these opportunities with this renowned programme.

Sonraí Iomlána