Baile     

Comórtas Scileanna Gairme 2024- Deis iontach do Scoláirí na Scoileanna Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

February 22, 2024


A
Chomhairleoirí Treorach, a chomhordnóirí idirbhliana/Ardteiste Feidhmí/Gairmchlár na hArdteiste, agus a mhúinteoirí an Ghaeloideachais go léir!

Beatha agus sláinte chugaibh agus ag súil go mbain na héinne súp as an mbriseadh lárthéarma!

Bhí sé chomh deas an deis a bheith againn aithne a chur ar roinnt mhaith comhairleoirí treorach i mbliana agus COGG agus Careersportal.ie/Saoloibre.ie ar chamchuairt ag roinnt acmhainní Gaeilge don Treoir trí Ghaeilge ag ceardlanna éagsúla fuaid fad na tíre.

Anois tá an-áthas orainn Comórtas Scileanna Gairme 2024 a fhógairt i gcomhar le Careersportal/saoloibre.ie agus is é 22ú Márta an spriocdháta do scoláirí le cur isteach ar an gcomórtas.  Bheimis faoi chomaoin mhór agaibh dá bhféadfadh sibh, i bpáirt le múinteoirí eile i bhur gcuid scoileanna, na scoláirí a spreagadh chun an deis iontach seo a thapú.

Anuraidh, bhí ardú beag ar líon na scoláirí Gaeltachta agus Gaelcholáistí a ghlac páirt sa chomórtas agus d’éirigh thar barr ar fad leis na scoláirí ó na scoileanna nua.  Bheadh sé go hiontach ar fad cur leis an líon scoláirí arís i mbliana.

 

Cén fáth gur cheart duit scoláirí a spreagadh chuige?

 

       Cad atá le déanamh ag na scoláirí?

 

  • Deis iontach is ea é do na scoláirí cuimhneamh ar bhuntáiste na Gaeilge sa saol oibre, is cuma cén gairm bheatha atá sa cheann acu.

 

 

  • Tugann an comórtas seans do scoláirí machnamh ar na scileanna a d’fhorbair siad i rith a dtaithí oibre.

 

  • Machnamh criticiúil a dhéanamh ar cad a d’fhoghlaim siad le linn tréimhse taithí oibre.
  • Bíonn deis ag scoláirí cuimhneamh ar  conas a chabhróidh na scileanna sin leo ina gcuid gairmeacha amach anseo.

 

  • Cuntas a ullmhú ar Thaithí Oibre bunaithe ar an 2 lá de thaithí oibre a rinne na scoláirí.
  • Tá duaiseanna iontacha le buachan ag na scoláirí– ina measc, ríomhaire glúine MacBook Air,  ceamara GoPro agus a lán eile.

 

  • Imscrúdú a dhéanamh ar Ghairm amháin a bhfuil fíorshum ag an scoláire ann.
  • Anuas air sin, gheobhaidh na scoileanna buacha 1000 euro dá gclár scoile – Treoir/Idirbhliain/Ardteist Fheidhmeach nó Gairmchlár na hArdteiste.

 

  • An cuntas a sholáthar i bhfoirm scríofa nó físe,a rogha féin ag gach scoláire.
 
  • Seol an t-iarratas mar cheangaltán ar ríomhphost chuig [email protected] roimh 22 Márta

 Go n-éirí libh go léir leis an gcomórtas!  Is féidir aon cheist a chur go [email protected]

Sonraí Iomlána