Baile     

Earcaíocht: Oifigeach Feidhmiuchain Gaeilge liofa 2023

November 20, 2023

Tá Oifigigh Feidhmiúcháin fostaithe i ngach Roinn/Oifig Rialtais ina bhfuil réimse freagrachtaí feidhmiúcháin. Is é grád an Oifigigh Feidhmiúcháin an grád bunleibhéil ag leibhéal na bainistíochta sóisearaí sa Státseirbhís.

Déanann Oifigigh Feidhmiúcháin anailís chriticiúil ar mholtaí agus ar thuarascálacha, agus déanann siad imscrúdú ar chásanna neamhchoitianta casta a dteastaíonn cinneadh uatha.  Bíonn obair agus gníomhaíochtaí éagsúla ar siúl ag Oifigigh Feidhmiúcháin agus tá na nithe seo a leanas san áireamh: taighde a dhéanamh agus moltaí a dhréachtú maidir le beartas agus maidir le reachtaíocht; obair an bhainisteora shóisearaigh a dhéanamh i Ranna Rialtais, a bheith freagrach as obair a bhainistiú agus, tar éis dóibh taithí a fháil, as foireann mhór agus acmhainní eile a bhainistiú; a bheith ag plé go díreach le baill den phobal maidir leis na seirbhísí a chuireann an Státseirbhís ar fáil dóibh. 

Nuair atá Oifigigh Feidhmiúcháin á n-earcú, tuigeann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí gur féidir go rachadh cuid mhaith díobh siúd a cheaptar ar aghaidh chuig poist shinsearacha sa Státseirbhís.  Dá bharr seo, lorgaímid daoine a thaispeánann an cumas freagracht ard a ghlacadh i mbainistíocht na seirbhíse poiblí agus maidir le hanailís a dhéanamh ar cheisteanna beartais phoiblí.

Leabhrán Eolais an Iarrthóra anseo Dáta dúnta: 27ú Samhna

Sonraí Iomlána