Baile     

DEISEANNA GAIRME LE GAEILGE IN INSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

October 13, 2023


An bhfuil suim agat sna deiseanna fostaíochta atá ar fáil in institiúidí an Aontais Eorpaigh do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge acu? Nó ar mhaith leat daoine i measc do lucht aitheantais a spreagadh le cur isteach ar na deiseanna sin?

Beidh seimineár lae ar líne á eagrú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Rialtas na hÉireann Dé Céadaoin, an 1 Samhain, faoi scáth Oireachtas na Samhna 2023, chun daoine a chur ar an eolas faoi na deiseanna éagsúla atá ar fáil.

Féach an clár anseo.

Mar a fheicfidh tú, beidh seisiúin eolais á reáchtáil ar maidin againn le daoine ó na hinstitiúidí éagsúla faoin rogha gairmeacha atá ann do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge acu agus faoi na folúntais a bhíonn ar fáil.  Beidh ionadaithe rialtais agus ollscoile in Éirinn ann chomh maith chun labhairt faoi na cúrsaí ollscoile atá ar fáil agus faoin gcaoi le hullmhú le cur isteach ar na folúntais éagsúla.

Beidh deis ann ansin freastal ar cheardlanna praiticiúla ar líne.  Seo seans triail a bhaint as an gcineál oibre a bhíonn idir lámha sna hinstitiúidí agus comhairle a fháil ó dhaoine atá fostaithe cheana féin sna poist seo.

Ní mór an fhoirm seo a líonadh le clárú don seimineár agus le cur in iúl dúinn cé na ceardlanna ar mhaith leat freastal orthu.  Beidh líon teoranta spásanna ann agus mar sin tabharfar tús áite dóibh siúd is luaithe a chláróidh.  Dúnfar an clárú ar 16:00 an 27 Deireadh Fómhair.

Sonraí Iomlána