Baile     
Ráiteas Príobháideachta


Ráiteas Príobháideachta

Tá Saoloibre.ie tiomanta de príobháideacht ár n-úsáideoirí a chosaint. Teastaíonn uainn eispéireas slán sábháilte a sholáthar don úsáideoir. Déanfaimid ár ndícheall a chinntiú go bhfann an t-eolas a sholáthraíonn tú dúinn príobháideach agus faoi rún, agus nach n-úsáidfear é ach chun na críche arna leagan síos anseo. Seo a leanas ár dtiomantas i do leith agus nochtann sé duit na cleachtais atá againn i ndáil le heolas a bhailiú agus a scaipeadh don suíomh gréasáin: www.saoloibre.ie.

Cuairteanna Saoloibre
Déanann an suíomh gréasáin saoloibre.ie logáil ar sheoltaí IP, ar chineálacha brabhsálaithe agus ar fhad ár seisiún úsáideora chun críche riaracháin. Bailímid eolas ar ár n-úsáideoirí uile i dteannta a chéile, amhail cad iad na rannóga is minice a dtugann na húsáideoirí cuairt orthu agus cad iad na seirbhísí is coitianta a ndéanann úsáideoirí rochtain orthu. Bainimid úsáid as do sheoladh IP chun cuidiú linn fadhbanna a aimsiú lenár bhfreastalaí, d fhonn ár suíomh gréasáin a riar agus chun cuidiú linn feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhíse atá ar fáil ar an suíomh seo. Baintear úsáid as do sheoladh IP chun eolas leathan déimeagrafach a bhailiú.

Ní nascaimid seoltaí IP le haon ní atá sainaitheanta go pearsanta le duine. Ciallaíonn sé seo go ndéanfar rianú ar sheisiún úsáideora ach go mbeidh an t-úsáideoir anaithnid.  Cuidíonn an t-eolas seo linn feidhmiú chun leas ár n-úsáideoirí, agus cén chaoi ar féidir linn eispéireas leanúnach níos fearr a chruthú dár n-úsáideoirí.

Ní bhailímid ach an t-eolas pearsanta a bhfuil gá againn leis d fhonn do riachtanais a chomhlíonadh.

Ballraíocht
Má chláraíonn tú le saoloibre.ie trínár bhfoirm chlárúcháin a chomhlánú, beidh an t-eolas a chuirfidh tú ar fáil ar ár mbunachar sonraí. Ní stórálaimid ach an méid íosta eolais, dóthain d fhonn a chinntiú gur féidir leatsa aon sonraí atá stóráilte ar do Chomhad Gairme a aisghabháil. NÍ dhíolfaimid, ní chuirfimid ar cíos nó ní dhéanfaimid trádáil ar do shonraí pearsanta le haon tríú páirtí.


Rogha/Díliostáil
Má theastaíonn uait go mbainfí d eolas pearsanta ónár gcomhaid, seol ríomhphost le do thoil chugainn ar  [email protected] le d iarratas.

Naisc
Féadfaidh an suíomh seo naisc a sholáthar le suímh eile. Féadfaidh polasaithe príobháideachta ar na suímh seo a bheith éagsúil uathu sin ar shuíomh gréasáin saoloibre.ie, agus comhairlímid duit athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaithe atá ar na suímh eile sula gcuireann tú d eolas pearsanta ar fáil. Cé go ndearnadh gach cúram ardcháilíocht agus ardchaighdeán na suíomh a bhfuil nasc againn leo a chinntiú, ní ghlacfaidh  saoloibre.ie le haon fhreagracht as ábhar na suíomh sin.

Slándáil
Tá bearta slándála i bhfeidhm ag an suíomh seo d fhonn cosaint in éadan chaillteanas, mhí-úsáid nó athrú an eolais faoina rialú. Déantar an t-eolas atá coimeádta ar an suíomh seo a stóráil i meaisíní atá cosanta ag pasfhocail, taobh thiar de bhalla dóiteáin agus ní féidir leis an bpobal i gcoitinne rochtain a fháil air trí mheán an Ghréasáin.

Má tá aon cheist agat faoin ráiteas príobháideachta seo, faoi chleachtais an tsuímh seo, nó faoi dhéileáil a bhí agat leis an suíomh seo, is féidir leat dul i dteagmháil le:

Durrow Communications
+353 1 4402314

[email protected]