Baile     

Cúrsaí Mara, Iascaireacht & Dobharshaothrú

Muirí, Iascaireacht agus Dobharshaothrú

I measc na ngníomhaíochtaí san earnáil Muirí, Iascaireachta agus Dobharshaothraithe tá iascaigh mhara, dobharshaobhrú, próiseáil bia mara, próiseáil feamainne, taiscéalaíocht ola agus gáis, bitheolaíocht mhuirí agus táirgeadh fuinnimh in-athnuaite muirí, tráchtáil Muirí (seirbhísí airgeadais, dlí agus árachais). Is féidir na gairmeacha san earnáil seo a roinnt i réimsí seanbhunaithe gníomhaíochtaí muirí, nó i margaí nua:

Foinse: Ireland's Ocean Economy, SEMRU/NUIG

Ar na trí chatagóir is tábhachtaí ó thaobh na gníomhaíochta eacnamaíochta de san earnáil mhuirí in Éirinn tá Turasóireacht agus Fóillíocht Uisce-bhunaithe, Loingseoireacht agus Iompar Muirí, agus Bia Mara. I measc na réimsí bainteacha gairme tá:

  • An tionscal turas mara
  • Seirbhísí amhail Tógáil Bád
  • Tógáil Muirí, Innealtóireacht agus Gíomhaíochtaí déantúsaíochta
  • Taiscéalaíocht amach ón gcósta e.g. hidreacarbón agus eastóscadh

Tá a lán gairmeacha san earnáil seo, idir phoist ag leibhéal na hiontrála is ghairmeacha mar innealtóirí gairmiúla, teicneoirí oilte agus eolaithe oilte.

TURASÓIREACHT AGUS FÓILLÍOCHT UISCE-BHUNAITHE

Sa réimse seo tá gníomhaíochtaí fóillíochta amhail Slatiascaireacht Farraige (bád agus ar an gcósta); Spóirt Uisce (seoltóireacht, bádóireacht, sciáil ar uisce, scairdsciáil, surfáil, cadhcáil, tumadóireacht scúba etc.); Ionaid saoire/turais cois trá (Snámh, Éanbhreathnú, Breathnú ar Mhíolta Móra/ar Dheilfeanna, limistéir chaomhantais Dúlra, éiceathurasóireachtc etc.).

Féach freisin An Earnáil Turasóireachta & Fáilteachais .

LOINGSEOIREACHT AGUS IOMPAR MUIRÍ

Bhí an saol ar muir leis an Loingeas Trádála mealltach i gcónaí riamh do dhaoine óga ar theastaigh uathu tabhairt faoin taisteal agus iad i mbun a ngairme. Más breá leat bheith ag obair ar muir seo gairm oiriúnach duitse! In earnáil na loingseoireachta áirítear bulc-lastas, loingseoireacht coimeádán agus iompar paisinéirí.

Tá roinnt gnólachtaí móra seanbhunaithe ann sa réimse seo, nach gcuireann ach seirbhísí lastais ar fáil, agus gnólachtaí eile a chuireann seirbhísí lastais agus paisinéirí ar fáil (e.g. Stenaline. P&O Ferries, Irish Ferries). Tá úinéirí príobháideacha loinge ag feidhmiú san earnáil seo chomh maith. Baintear úsáid as teicneolaíocht nua-aimseartha san iliomad réimsí ar bord loinge trádála sa lá atá inniu ann, agus leagtar béim ar leith ar shábháilteacht agus ar chosaint sa timpeallacht sin.

D’ainneoin go bhfuil gnéithe ardteice ag baint le hoibríochtaí loinge, is gá do mhairnéalaigh a bheith in iúl ar an timpeallacht nádúrtha ina bhfuil siad ag obair agus is gá dóibh cloí le bunphrionsabail an taistil farraige. Tá dhá phríomhrannóg ina ndéantar obair ar bord loinge, an Deic agus an tInneall.

Bíonn rannóg na Deice ag plé le feidhmiú foriomlán na loinge agus i measc a freagrachtaí tá loingseoireacht, cumarsáid, lastas agus cobhsaíocht, cothabháil agus sábháilteacht. Bíonn rannóg Sheomra an Innill freagrach as seirbhísí teicniúla mar shampla tiomáint an phríomhinnill, trealamh eile, agus giniúint leictreachais.

I measc na ngairmeacha sa réimse seo tá: Máistir (Captaen); Úinéir agus oibreoir loinge; Príomh-mháta (Oifigeach); 2ra Máta; 3ú Máta; Mairnéalach; Lóistíocht Calafoirt agus Muirí (Gníomhaire agus Bróicéir loingseoireachta; Bainisteoir loinge; Gníomhaire Línéir agus Calafoirt; Stíbheadóir; Oibreoir Raidió, Oibreoir Lastála; Oifigigh Imréitigh Custaim; Seoltóir Lasta; agus róil a bhaineann le Sábháilteacht agus Oiliúint.

Féach freisin an Earnáil Iompair & Lóistíochta

AN TIONSCAL BIA MARA

Tá ceithre phríomhréimse i dtionscal an Bhia Mara: Iascaireacht, Feirmeoireacht Éisc (Dobharshaothrú), Proiseáil Bia Mara agus Margaíocht Bia Mara. Tá tuairim is 5,000 duine fostaithe i dtionscal na hiascaireachta agus 2,000 fostaithe i dtionscal na feirmeoireachta éisc. Tá tuairim is 3,000 duine fostaithe i bpróiseáil éisc agus sa dobharshaothrú ar fud an chósta.

Iascaireacht

Na daoine atá i mbun na hiascaireachta ar bhonn tráchtála déanann siad an iascaireacht sin le haghaidh iasc agus sliogiasc i ngnáthóg nádúrtha na n-iasc agus bíonn a slí bheatha bunaithe ar úsáid a bhaint as soláthar nádúrtha inchurtha ar ais d’éisc agus de shliogéisc. Tá tuairim is 2,000 bád sa fhlít iascaireachta agus is ionann sin agus tuairim is 2% den fhlít iascaireachta atá san Eoraip.

Bíonn roinnt iascairí ag obair ar bháid bheaga in aice an chósta, i rith an lae, áit ar féidir an cósta a fheiceáil. Bíonn criúnna na mbád sin beag – de ghnáth beirt nó triúr agus tugann siad na héisc isteach chun tíre gach lá – mar sin bíonn an marú éisc breá úr. I gcásanna eile bíonn iascairí ag obair i mbáid mhóra agus maireann na turais cúpla seachtain, i bhfad óna gcalafort baile, ag brath ar chineáil agus ar mhéid an bháid.

Bíonn scileanna loingseoireachta agus sábháilteachta ríthábhachtach dóibhsean a oibríonn ar uisce, is cuma cé chomh mór nó chomh beag is atá an bád. Cuirean Bord Iascaigh Mhara cúrsa trí lá ar fáil sa Bhunoiliúint Sábháilteachta – agus tá ceangal dlí ar iascairí an cúrsa sin a dhéanamh, tá sé de cheangal orthu freisin Feistí Pearsanta Flótála a chaitheamh.

Bíonn criú ag teastáil ar bháid mhóra – i measc an chriú sin bíonn captaen (duine i bhfeighil an árthaigh iascaireachta), máta agus innealtóir agus mairnéalaigh oilte chun an trealamh iascaireachta a láimhseáil, chun éisc a shortáil agus a phacáil tráth a dtógtar iad ar bord agus chun cúnamh a thabhairt i bhfeidhmú ginearálta an bháid.
Bíonn dúshláin nua ann gach lá ar bhád mór agus bíonn gá leis an iliomad píosaí trealaimh ardteicniúla loingseoireachta agus iascaireachta, a bhfuil scil agus taithí ag teastáil chun iad a úsáid. Is é Bord Iascaigh Mhara an eagraíocht atá freagrach as oiliúint a sholáthar i dtionscal na hiascaireachta agus reáchtálann siad cúrsaí agus tá éileamh mór ann fós le haghaidh criúnna ar gach leibhéal. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig Bord Iascaigh Mhara

Dobharshaothrú

Dar le figiúirí ón Aontas Eorpach, tá Éire ar an 7ú earnáil dobharshaothraithe is ó agus táirgeann an earnáil sin beagnach 50,000 tonna d’earraí dobharshaothraithe gach bliain.  

Tá réimse na feirmeoireachta éisc ag dul i méid agus tá sé ag mealladh daoine chun obair a dhéanamh mar bhainisteoirí feirme, mar bhitheolaithe muirí, mar thumadóirí agus mar oibrithe ardoilte ar féidir leo athruithe a thabhairt faoi deara in iompraíocht éisc agus sliogéisc agus freagairt dó sin dá réir. Meastar go mbeidh an dobharshaothrú ar an bpríomhsholáthraí éisc agus bia mara amach anseo. Tá an obair iléagsúil agus níos cosúla le hobair an fheirmeora ná obair an iascaire, ach aistríonn na scileanna céanna is gá don iascaireacht trasna chuig an dobharshaothrú.   

Próiseáil Bia Mara

Tá earnáil na próiseála bia mara dírithe ar réigiúin ar an gcósta sna háiteanna seo: Dún na nGall, Gaillimh, Corcaigh, Ciarraí agus an tOirdheisceart. Tá tuairim is 200 gnólacht, fiontair bheaga is mheánmhéide den chuid is mó, i mbun éisc a láimhseáil, a dháileadh agus a phróiseáil. Dar le suirbhéanna de chuid BIM tá níos lú ná 5% de na cuideachtaí seo a bhfuil níos mó ná 50 duine fostaithe iontu go lánaimseartha.

Margaíocht ar Bhia Mara

Tá ag éirí go maith leis an margaíocht atá ar siúl ar bhia mara na hÉireann. Díoltar bia mara Éireannach dar luach €340 milliún in Éirinn gach bliain. I measc na margaí idirnáisiúnta tá an Eoraip, an Afraic agus an Meánoirthear, agus tá margaí maithe easpórtála ann freisin sa Fhrainc, sa Spáinn, sa Bhreatain, sa Ghearmáin agus sa Nigéir. Téann formhór mór an bhia mara a easpórtálann an tír chuig an Eoraip, ach tá margaí nua, mar shampla an Chóiré, Hong Cong agus an Rúis a bhfuil deiseanna maithe iontu freisin.  B’fhiú €415 milliún in 2011 na heaspórtálacha de bhia mara as Éirinn.

 EOLAÍOCHT, TEICNEOLAÍOCHT & TRÁCHTÁIL MUIRÍ


  • Táirgí/Seirbhísí Ardteicniúla - e.g. braiteoirí ceimiceacha, bitheolaíocha agus fuaimeolaíochta;
  • Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide Muirí; 
  • Tráchtáil Muirí - e.g. Seirbhísí Airgeadais, Dlí agus Árachais Muirí
  • Biteicneolaíocht agus Bith-tháirgí  - táirgí agus próisis ó orgnánaigh mhuirí, feidhmchláir a bhaineann le forbairt drugaí, feistí bithleighis, comhábhair bia, ceimiceáin thionsclaíocha;
  • Fuinneamh In-athnuaite Muirí – leas a bhaint as acmhainní nádúrtha fuinnimh gaoithe agus taoide

TAISCÉALAÍOCHT OLA AUGS GÁIS

Tá Éire ina táirgeoir gáis ó tosaíodh an chéad druileáil sa chéad tobar ola sa Mhuir Cheilteach i 1970. I measc na ngníomhaíochtaí sa réimse seo tá taiscéalaíocht ola agus gáis, agus eastóscadh agus táirgeadh gáis. 

Tá an Stát tar éis réimsí nua ceadúnais a oscailt don taiscéalaíocht amuigh ó chósta an Iarthair in Éirinn, agus tá aird á dhíriú athuair ar an tionscal ola agus gáis in Éirinn. Anuas air sin, tá poitéinseal ag baint leis na hábhair a aimsíodh le déanaí sa Mhuir Cheilteach, cé nár dearbhaíodh gur foinsí tráchtála iad go fóill.

I measc na ngairmeacha sa taiscéalaíocht ola agus gáis tá siad seo: geolaí: geoifisiceoir, innealtóir druileála, innealtóir táirgeachta agus roinnt ról speisialtóireachta a bhaineann le hoibríochtaí.

DÉANTÚSAÍOHT MUIRÍ

I measc na ngairmeacha sa déantúsaíocht muirí tá deisiú bád, déanamh seolta, líontáin iascaireachta, ionstraimí muirí, teicneolaíocht dobharshaothraithe, agus innealtóireacht thionsclaíoch muirí. De ghnáth is cuideachtaí beaga iad na cuideachtaí san earnáil seo agus i measc na ngairmeacha a bhíonn ar fáil iontu tá: tógálaí bád, táthaire, innealtóir muirí, dearthóir meicniúil, siúinéir.

DUL LE GAIRM SAN EARNÁIL MUIRÍ

Tá cúrsaí san eolaíocht muirí agus san eolaíocht bhainteach agus céimeanna bitheolaíochta muirí ar fáil in NUIG, GMIT, IT Sligeach, UCC, CIT, TCD, LIT agus Institiúid an Chabháin. Féach ar na cúrsaí ar roghchlár CAO/HETAC ar an leathanach seo. 

Cúrsaí Oiliúna Bhord Iascaigh Mhara

Déantar cúrsaí BIM a chur le chéile i gcomhar leis an tionscal. Is cúrsaí praiticiúla iad a ndéanann FETAC agus an Roinn Iompair iad a chreidiúnú agus tá baint phraiticiúil dhíreach acu leis an earnáil. Mar sin cuireann siad deiseanna réadúla gairme ar fáil dóibhsean a dhéanann iad. Seo a leanas roinnt de na cúrsaí sin:

An Coláiste Náisiúnta Muiri

Coláiste Náisiúnta Muirí Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí lonnaithe i Rinn an Scidígh, Co. Chorcaí agus is é seo an lárionad ainmnithe náisiúnta chun oideachas agus oiliúint a chur ar dhaoine don Chabhlach agus is é Coláiste Muirí na hÉireann é freisin. Tá Coláiste Náisiúnta na hÉireann tar éis sraith de chláir oideachais a fhorbairt chun deiseanna a sholáthar do dhaoine a bhfuil suim ghairmiúil acu sa tionscal muirí.

Ionad Forbartha Dobharshaothraithe agus Iascaigh UCC

Tá Ionad Forbartha Dobharshaothraithe agus Iascaigh (AFDC) i gColáiste na hOllscoile Cocaigh ina ionad barr feabhais don taighde ar dhobharshaothrú agus ar iascaigh. Dírítear ann ar na réimsí seo: bitheolaíocht éisc, sláinte agus galar sliogéisc, géineolaíocht mhóilíneach, dobharshaothrú éisc agus sliogéisc agus taighde ar mhamaigh muirí agus ar iascaigh.

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe