Baile     

Ceol & Na Taibhealaíona

Cuimsíonn an earnáil seo gach cineál siamsaíochta agus taibhiúcháin – mar shampla Rinceoirí, Aisteoirí, Fuirseoirí, Cumadóirí, Scríbhneoirí, Amhránaithe, Léiritheoirí agus mar sin de. 

Ar na saintréithe a bheadh riachtanach chun dul le gairm thaibhiúcháin bheadh díograis, féinsmacht, cruthaitheacht, féinmhuinín, agus bheith an-chinnte de do chumas.

Fís atá i mealltacht agus spleodar na taibh-ealaíona do roinnt mhaith daoine óga. Ba chóir é sin a mheabhrú ón tús ar fad. I gcomhair gach amhránaí, damhsóir, aistreoir a n-éiríonn leo tá na céadta eile atá ag streachailt leo ag fanacht le dóchas, b’fhéidir fís nach bhfíorófar riamh. 

Má tá tú cumasach, agus má theastaíonn uait dul leis an sórt seo gairme, is mó go mór an sásamh a bheidh le baint as ná an sásamh a bhaintear as ‘gnáthphost’. Éirinn go han-mhaith le muintir na hÉireann ag soláthar taibheoirí den chéad scoth. Tugann an rath seo ar na hÉireannaigh uchtach do dhaoine eile ar mhian leo a mhacasamhail a bhaint amach.  Is féidir an earnáil seo a roinnt in dhá chuid: gairmeacha ar an stáitse agus gairmeacha den stáitse. 


Gairmeacha ar an Stáitse
Tarraingíonn gairmeacha ar an stáitse ár n-aird – na réalta rac-cheoil idir náisiúnta, na haisteoirí in Hollywood agus na daoine cáiliúla a bhíonn sna sobalchláir Mheiriceánach agus Astrálacha. Ní gan dianobair a bhain na haisteoirí agus na hamhránaithe sin amach a gclú agus a gcáil maille le roinntín beag den ádh. Do gach banna ceoil a n-éiríonn leo, abair ‘Snowpatrol’ mar shampla, tá na céadta eile atá chomh maith céanna leo, ach nach mbaineann clú agus cáil amach. 

Gairmeacha den Stáitse
Bíonn pearsanra agus seirbhísí tacaíochta ann i gcás gach scannáin nó léiriúcháin amharclainne. Tá na grá céanna ag an fhoireann gairmithe seo don tionscal is atá ag na taibheoirí féin. Tá i bhfad níos mó gairmeacha den stáitse; léiritheoirí, stiúrthóirí, teicneoirí fuaime, teicneoirí soilsithe, teicneoirí físe, dearthóirí seite, tógálaithe agus gníomhairí, agus tá siad go léir ríthábhachtach don earnáil. Bíonn a mhacasamhail de shaol ag an bpearsanra seo is a bhíonn ag amhránaithe, aisteoirí agus ceoltóirí – is é seo agus rith agus ag rás roimh léiriú nó roimh thaibhiúchán, agus ansin tréimhsí gan aon obair gan phá ina dhiaidh sin. 

Drámaíocht
Le cúig bliana déag anuas is mór a bhain Éire amach i saol na drámaíochta. Tá níos mó cuideachtaí gairmiúla amharclainne agus drámadóirí ann sa tír seo anois ná mar a bhí riamh cheana. Tá drámaíocht agus téatar anois ina ngnéithe tábhachtacha inár gcóras oideachais agus tá deiseanna nua ann sa chraoltóireacht, i scannáin agus ar an teilifís do chéimithe sa tír seo. Drama. 

Áit a fháil san earnáil
Tá an earnáil siamsaíochta ag fás in éirínn agus tá roinnt cúrsaí ann ag tacú agus ag oileadh na ndaoine atá díograiseach i leith na hoibre seo. Bíonn gá ag ealaíontóirí le cumas i bhfad níos mó ná an gnáthdhuine chun go n-éireodh leo. Go minic bíonn post páirtaimseartha ag daoine chun na billí a íoc ach fiú na taibheoirí a bhfuil rath beag éigin orthu, bíonn siad chomh sásta leis an spreagadh agus na sceitimíní go bhfuil siad den tuairim gur fearr go mór an saol sin ná aon phost ó naoi go cúig. 

Ceol
Faigheann daoine a dhéanann staidéar ar cheol poist sna réimsí seo a leanas: múinteoireacht (ag gach leibhéal), ceoltóir i gceolfhoireann, iriseoireacht cheoil, stiúrthóir córach, orgánaí eaglaise/stiúrthóir ceoil, léiriúchán agus taibhiúchán raidió, tionscal an cheoil, ilmheáin, poiblíocht an cheoil agus taifeadadh, riarachán ealaíne, leabharlannaí ceoil agus seirbhísí faisnéise.  


Na hEalaíona Taibhiúcháin



B’fhéidir toisc go bhfuil fáil chomh héasca agus chomh gasta ar chomhaid físe agus fuaime ón idirlíon rinneadh athbheochan athuair ar na healaíona taibhiúcháin in Éirinn agus ar fud an domhain. Tá deiseanna ann do thaibheoirí beo, seachas taifeadta.  Is sampla maith an rath idirnáisiúnta a bhí ar River Dance de na deiseanna millteacha atá ann do thaibheoirí Éireannacha.

Chomh maith le hamhránaithe, rinceoirí agus ceoltóirí tá raon ról speisialtachta agus bainistíochta anois ann sa réimse seo amhail bainisteoir amharclainne, bainisteoir cúnta stáitse, roghnú aisteoirí, léiriúchán, díoloifig, Caidreamh Poiblí agus margaíocht.  De ghnáth bheadh céim sna daonnachtaí ag daoine san earnáil seo, mar shampla Béarla, Ceol nó oiliúint sa drámaíocht, rince, staidéir téatair nó bainistíocht ealaíon.

Bíonn an-iomaíocht ann áit a fháil ar chúrsa sna healaíona taibhiúcháin. Cé go bhfuil an-sásamh le baint as an obair, bíonn sí treallach agus páirtaimseartha.

Easnaimh Scileanna

Ní bhfuarthas aon cheann

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe