Baile     

Pobal & Deonach

Cuimsíonn an Earnáil Phobail agus Dheonach formhór na n-eagraíochtaí nach bhfuil i mbun gnó le haghaidh brabúis. Tugtar an ‘Tríú hEarnáil’ ar an earnáil seo agus is féidir leis na heagraíochtaí a bheith an-bheag, ina ngrúpaí pobail, nó an-mhór, ina bhforais mhóra náisiúnta agus idirnáisiúnta – mar shampla clubanna CLG agus ionaid oideachais sa phobal, nó grúpaí stocaireachta ceartais shóisialta amhail Comhairle Náisiúnta na mBan (NWCI).

Tá an earnáil seo faoi scáth na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, a bhfuil mar aidhm aici na trí réimse sin, Comhshaol, Oidhreacht agus Rialtas Áitiúil, a thabhairt le chéile faoi aon Roinn Rialtais amháin.

I measc na n-eagraíochtaí atá feidhmeach san earnáil seo tá:

  • Eagraíochtaí Pobail
  • Cuideachtaí Forbartha Áitiúil agus Comhpháirtíochtaí
  • Grúpaí don Aos Óg
  • Eagraíochtaí Ealaíne agus Cultúir
  • Eagraíochtaí neamhbhrabúis
  • Carthanais
  • Grúpaí stocaireachta agus ceartais shóisialta
  • Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus Neamhrialtais (NGO)
  • Grúpaí LGBT
  • Fiontair Shóisialta
  • Clubanna Spóirt
  • Seirbhísí Deonacha – e.g. Báid Tarrthála (RNLI); Seirbhís Chúnta Dóiteáin; Cúltaca an Gharda Síochána; Bailte Slachtmhara.

Sa chiall is leithne, fostaíonn an earnáil seo 100,000 duine, cosúil leis an líon daoine atá fostaithe in earnáil na talmhaíochta agus na gairneoireachta. San earnáil féin, fostaíonn Eagraíochtaí Pobail tuairim is 63,000 duine ar bhonn lánaimseartha agus páirtaimseartha (Foinse: The Wheel, Meitheamh 2013) agus fostaíonn an earnáil Fiontair Shóisialta tuairim is 30,000 duine i mbreis is 1,400 fiontar sóisialta (Tuarascáil Forfás/EGFSN, Iúil 2013).

Gach bliain glacann breis is 2 mhilliún duine páirt san obair shóisialta, chultúrtha agus dhaonnúil trí mheán na nEagraíochtaí Deonacha (Foinse: BetterTogether.ie Meitheamh 2013). Déanann oibrithe deonacha an-difríocht i ngach paróiste sa tír, agus iad ag feidhmiú ar bhoird scoile is ag cóiteseáil foirne peile– e.g. sa chomórtas Bailte Slachtmhara, atá ar cheann de na tionscnaimh is tábhachtaí ó thaobh an chomhshaoil de sa tír, bíonn arm d’oibrithe deonacha ag obair go tréan i 821 cathair, baile agus sráidbhaile ar fud na hÉireann.

Ag Obair san Earnáil Phobail agus Dheonach

Tarlaíonn formhór mór na hoibre a dhéanann grúpaí Pobail agus Forbartha Áitiúla i bpobail ina bhfuil na fadhbanna sóisialta agus eacnamaíochta is measa sa tír. Díríonn an obair ar chuidiú le daoine imeallaithe de gach aois, agus le pobail, bealaí a aimsiú chun a réitigh féin a aimsiú ar fhadhbanna.

De ghnáth spreagtar daoine chun tabhairt faoin obair dheonach mar go dteastaíonn uatha an pobal a fheiceáil ag feabhsú. Chun obair san earnáil seo is gá do dhuine a bheith díograiseach, dícheallach agus scileanna praiticiúla a bheith acu. Bíonn daoine ag gach leibhéal cáilíochta agus taithí oibre ag obair san earnáil seo.
Seo a leanas roinnt sainghairmeacha san earnáil: Oibrí leis an Aos Óg; Oifigeach Réigiúnach leis an Aos Óg; Oibrí Forbartha Pobail; Oifigeach Oideachais Pobail; Oide Oideachais Pobail; Comhordaitheoir Cláir Oideachais; Oibrí For-rochtana Pobail; Comhairleoir; Oibrí Athshlánaithe Drugaí; Oifigeach Imeasctha Pobail; Oifigeach Comhionannais. 

Níl teorainneacha na hearnála seo soiléir ar chor ar bith agus d’fhéadfaí a bheith ag plé leis an earnáil ar an iliomad bealaí. Seo thíos roinnt catagóirí:

EAGRAÍOCHTAÍ POBAIL

Oibríonn na grúpaí seo ar an leibhéal áitiúil chun chuidiú le daoine a bpobail áitiúla a thógáil. Cuireann siad seirbhísí riachtanacha ar fáil ar fud na sochaí sibhialta -  do leanaí, do luathfhágálaithe scoile, do dhaoine scothaosta, do dhaoine faoi mhíchumas nó le drochshláinte, do dhaoine leochaileacha, d’úsáideoirí drugaí, do dhaoine gan dídean, do mhná, d’inimircigh, do thaistealaithe, agus do ghrúpaí de mhionlaigh eitneacha.

De réir mar a théann dífhostaíocht in airde agus na seirbhísí poiblí ag streachailt leo, déanann eagraíochtaí pobail iarracht an bhearna a líonadh. Is ón rialtas a fhaigheann formhór na ngrúpaí a gcuid airgid chun an obair a chur i gcrích. Déantar iad a mhaoiniú trí fhoinsí éagsúla, mar shampla trí na Coistí Gairmoideachais, FÁS, Cuideachtaí Forbartha Áitiúla, tascfhórsaí drugaí, iontaobhais phríobháideacha, nó táillí ó fhoghlaimeoirí etc. 

Eagraíochtaí Forbartha Áitiúla agus Cuideachtaí Comhpháirtíochta

Bunaíodh eagraíochtaí forbartha áitiúla den chéad uair sna 1990í, chun cláir faoi Chiste Struchtúrach na hEorpa a sholáthar. Baineann an stát leas as Eagraíochtaí Forbartha Áitiúla fós chun cláir um chuimsiú sóisialta agus um fhorbairt tuaithe a chur i bhfeidhm agus tugtar ‘Cuideachtaí Comhpháirtíochta’ orthu anois. Déanann Cuideachtaí Comhpháirtíochta bonneagar sóisialta agus eacnamaíochta a fhorbairt i gceantair áitiúla, go háirithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste.

Oibríonn siad ar an leibhéal áitiúil ag díriú ar chuimsiú sóisialta, chun dul i ngleic le riachtanais na ndaoine dífhostaithe, chun fostaíocht a chruthú go háitiúil, chun bealaí isteach san fhostaíocht a chruthú, agus chun cur chuige comhordaithe a fhorbairt a chuideoidh le daoine filleadh ar an obair.  

Ionaid Oideachais Pobail

Déanann soláthraithe éagsúla an tOideachas Pobail a sholáthar ar fud na tíre. I measc na soláthraithe sin tá grúpaí pobail, grúpaí neamhbhrabúis faoi bhainistíocht neamhspleách agus eagraíochtaí reachtúla dála na Boird Oideachais agus Oiliúna. Tugtar ‘oideachas dara seans’ air seo freisin mar go bhfreastalaíonn daoine ar chúrsaí oideachais pobail, ar daoine iad nár chríochnaigh an scoil.  

Is é AONTAS Líonra Oideachais Pobail na hÉireann agus tá 140 soláthraí oideachais pobail sa líonra seo. San earnáil reachtúil is iad na Boird Oideachais is Oiliúna a chuireann an t-oideachas pobail ar fáil.

Grúpaí don Aos Óg

Bíonn an obair leis an aos óg bunaithe ar rannpháirtíocht dheonach agus díograis na ndaoine óga féin. Is minic a chuirtear síos air mar ‘oideachas neamhfhoirmiúil’ a tharlaíonn i gclubanna áitiúla do dhaoine óga, de ghnáth idir 12 -18 mbliana d’aois. Bíonn roinnt ceannairí fásta sna clubanna sin agus cuirtear gníomhaíochtaí áineasa agus oideachais ar fáil. An aidhm leis na gníomhaíochtaí sin ná taithí a thabhairt do na daoine óga ionas go mbeidh siad in ann a ngníomhaíochtaí féin a phleanáil agus a eagrú.

In Éirinn, de ghnáth bíonn clubanna óige á reáchtáil ag Foróige, eagraíocht dheonach náisiúnta a fhaigheann maoiniú ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Oibríonn Foróige le grúpaí cosúil leis na Tascfhórsaí Áitiúla Drugaí, Boird Oideachais agus Oiliúna  (ETB), an Garda Síochána agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) chun cuidiú le forbairt an aosa óig. Seo thíos físeán a chuir Foróige le chéile.

EAGRAÍOCHTAÍ EALAÍON & CULTÚIR

Tá an Earnáil Ealaíon ina bunchuid den earnáil phobail agus dheonach agus is iad na heagraíochtaí náisiúnta cultúir atá ag tús cadhnaíochta san fho-earnáil sin. Tacaítear leis na healaíona sa phobal trí chláir éagsúla Rialtais a chuireann maoiniú ar fáil d’úsáid na n-ealaíon mar uirlis forbartha pobail agus mar uirlis forbartha pearsanta. Tá roinnt eagraíochtaí deonacha a thacaíonn le healaíona sna phobail. Oibríonn roinnt eagraíochtaí deonacha i réimsí na hamharclannaíochta agus na bhfísealaíon.  

Tá an earnáil ealaíon agus cultúir féin déanta suas den iliomad eagraíochtaí agus ealaíontóirí agus cleachtóirí cultúrtha. Is féidir formhór na n-eagraíochtaí cultúir a rangú mar fhiontair bheaga nó mheánmhéide le níos lú ná deich bhfostaí lánaimseartha ag obair iontu. I measc na bpost sa réimse seo tá: Oifigeach Ealaíon, Riarthóir Ealaíon, Oibrí Ealaíon Pobail; Oifigeach Oideachais Ealaíon; Oifigeach Forbartha Ealaíon; [etc.]

CARTHANAIS & EAGRAÍOCHTAÍ NEAMHBHRABÚIS

Tá díreach faoi bhun 8,000 carthanas cláraithe in Éirinn. Is éard is carthanas cláraithe ann ná eagraíocht san earnáil phobail agus dheonach nó eagraíocht neamhbhrabúis ar bhronn na Coimisinéirí Ioncaim stádas carthanais uirthi (Uimhir CHY). Seo a leanas an sainmhíniú atá ag na Coimisinéirí Ioncaim ar charthanas:

“their purposes are to relieve poverty, advance education or religion, and/or promote other purposes of benefit to the community, and if on wind-up their assets are transferred to some other body with similar charitable purposes.”

Ní gach eagraíocht san earnáil seo a bhfuil stádas carthanais aici (e.g. dar le Declan Ryan, ón One Foundation, meastar go bhfuil 24,000 carthanas in Éirinn). Den 7,874 eagraíocht a bhfuil uimhir CHY acu, is aonáin chorpraithe iad 4,011 agus tá siad cláraithe mar chuideachtaí leis an CRO. Is daoine aonair neamhchorpraithe iad na 3,863 aonán eile.

Aithníodh go bhfuil na daoine sin ina gcarthanais ach nach bhfuil siad cláraithe mar chuideachta leis an CRO.  Na 4,153 aonán nach bhfuil uimhir CHY acu tá siad go léir corpraithe agus tá siad cláraithe leis an CRO, sin iomlán de 8,164 aonán corpraithe i mbunachar sonraí INKex Not-for-Profit.

I mí Iúil 2013, thug rialtas na hÉireann cead le go mbunófaí Udarás Rialála Carthanas in 2014. Faoin Acht Carthanas 2009, bhí sé i gceist comhlacht a bhunú a dhéanfadh rialáil ar charthanais agus ar ghníomhaíochtaí bailithe airgid roimhe seo, ach cuireadh moill leis mar thoradh ar ghéarchéim airgeadais na hÉireann. Táthar ag súil go ndéanfaidh an comhlacht nua cur le muinín an phobail as eagraíochtaí carthanais.

Cuireann carthanais seirbhísí tacaíochta éagsúla ar fáil sa tír seo agus thar lear i réimsí mar seo: oideachas, taighde, sláinte, seirbhísí sóisialta, an comhshaol, stocaireacht agus an dlí, spórt agus cultúr. Is ón HSE a fhaigheann formhór na n-eagraíochtaí seo maoiniú.

I gcás fhormhór na n-eagraíochtaí (64%) tá níos lú ná 50 duine fostaithe iontu. Níl ach 33% a fhostaíonn níos mó ná 50 duine. Tá 32% ann a fhostaíonn níos lú ná deicniúr. I measc na ról sna heagraíochtaí sin tá: Bainisteoir/Oifigeach Airgeadais; Oifigeach Bailithe Airgid; Taighdeoir Sóisialta; [etc.]

STOCAIREACHT, ABHCÓIDEACHT, CEARTAS SÓISIALTA & EAGRAÍOCHTAÍ NEAMHRIALTAIS

Is éard atá i gceist le stocaireacht ná iarracht dul i bhfeidhm ar shaincheist, nó ar thoradh cinntí oifigiúla, mar shampla tathant ar oifigigh phoiblí píosa reachtaíochta a rith nó a tharraingt siar. Baineann an stocaireacht le guth a thabhairt do dhaoine.
Déanann eagraíochtaí neamhrialtais, dála Comhairle um Chearta an Duine, Comhairle um Inimiricigh na hÉireann nó Cuimsiú Éireann, obair chun cuidiú le daoine a dtuairimí a chur in iúl ag leibhéal an pholasaí.

Bíonn gá gníomhaíochtaí pleanáilte, eagraithe, cothaithe a chur i bhfeidhm sa stocaireacht chun cuidiú le daoine a gcearta  a bhaint amach, agus chun ionadaíocht a dhéanamh ar a leasa agus chun seirbhísí riachtanacha a fháil. D’fhéadfadh aon rud a bheith i gceist leis – mar shampla stocaireacht ag agóid phoiblí, ar mhaithe le hathrú sóisialta nó eacnamaíochta a bhaint amach.  

Bíonn 38% de na heagraíochtaí neamhbhrabúis in Éirinn i mbun na stocaireachta ceartais shóisialta, a fhéachann le réadú a dhéanamh ar phrionsabail an cheartais, an chomhionannais, na gceart daonna, na dínite daonna agus an chuimsithe shóisialta.
An aidhm atá ag eagraíochtaí dála Amnesty International, UNICEF, Cumann N. Uinseann de Pól agus Cumann Ailse na hÉireann ná tathant ar chinnteoirí aghaidh a thabhairt ar chúiseanna na bhfadhbanna sóisialta. (Foinse: Anna Visser – Stiúrthóir, The Advocacy Initiative in The Village Bealtaine 2013)

*In Éirinn, eagraíochtaí arb é Carthanas Cláraithe a stádas dlí tá siad coiscthe ó stocaireacht a dhéanamh, nó ó aidhmeanna páirtithe polaitíochta a chur chun cinn.

Deanann an Banc Domhanda Eagraíochtaí Neamhrialtais a rangú mar eagraíochtaí neamhrialtais oibríochtúla, a bhíonn i mbun tionscadail forbartha den chuid is mó, nó eagraíochtaí neamhrialtais stocaireachta, a mbíonn i mbun stocaireacht a dhéanamh ar chúis éigin.

Feidhmíonn eagraíochtaí neamhrialtais ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal idirnáisiúnta. Bíonn roinnt eagraíochtaí neamhrialtais eagraithe mórthimpeall saincheisteanna ar leith, mar shampla bochtaineacht, cearta daonna, an comhshaol nó ceisteanna sláinte.  

I measc na n-eagraíochtaí neamhrialtais forbraíochta in Éirinn tá Concern, Goal, nó Trocaire. I measc na n-eagraíochtaí neamhrialtais idirnáisiúnta tá leithéidí Amnesty International agus Oxfam, a bhíonn ag stocaireacht ar fud an domhain ar mhaithe le cearta daonna.

De ghnáth bíonn poist sa réimse seo nasctha le freagrachtaí eile i.e. cumarsáid, taighde, bailiú airgid. Más spéis leat bheith ag obair sa réimse seo is féidir obair a fháil i roinnt réimsí éagsúla, mar shampla obair maidir leis an gcomhshaol nó obair dlí, saincheisteanna sláinte, cearta sibhialta, cearta ainmhithe, soláthar bia – aon saincheist a bhaineann le héagóir nó le míbhuntáiste.

Seo a leanas roinnt de na gairmeacha san earnáil seo: Oibrí Tacaíochta; Oibrí Cúnaimh; Oibrí Daonnúil; Oibrí Tionscadail; Oifigeach Cumarsáide; Pléadálaí; Comhordaitheoir Feachtais; Oifigeach Faisnéise; Bainisteoir Meáin; Oifigeach Polasaí; Comhordaitheoir Bailithe Airgid; Eagraí Imeachtaí; [etc.].

FIONTAR SÓISIALTA

Is éard is fiontar sóisialta ann ná gnó a chuirtear ar bun chun dul i ngleic le ceisteanna sóisialta, eacnamaíochta nó comhshaoil. Bíonn fiontair shóisialta i mbun gníomhaíochtaí trádála nó tráchtála chun a gcuspóirí a bhaint amach agus déantar aon bharrachas a thuileann an gnó a athinfheistiú sa chuspóir sóisialta. Tá breis is 25,000 duine fostaithe san earnáil seo den phobal agus tá breis is 1,400 fiontar sóisialta in Éirinn.  

Tá a bhfréamhacha ag fiontair shóisialta i luathghluaiseacht na gcomharchumann. Sa lá atá inniu ann, bíonn an earnáil seo i mbun a lán gníomhaíochtaí eacnamaíochta agus sóisialta. De ghnáth déanann fiontair shóisialta earraí agus seirbhísí a sholáthar ar bhonn áitiúil agus dá bhrí sin na poist a chruthaítear is poist iad sna pobail áitiúla.

Cuireann fiontair shóisialta poist ar fáil do dhaoine le scileanna éagsúla. An aidhm a bhíonn ag roinnt de na fiontair ná fostaíocht a chur ar fáil do na daoine is imeallaithe agus is scoite amach ón margadh fostaíochta, bíodh sin ar bhonn geografach nó ar bhonn sóisialta. Cuireann siad seirbhísí agus fostaíocht ar fáil i roinnt mhaith pobal áitiúil agus tuaithe.
Mar chuid den Phlean Gnímh le haghaidh Post, tá Rialtas na hÉireann tar éis a gheallúint go dtacóidís le forbairt na hearnála seo ionas go mbeadh sí ina hearnáil bheoga, fhuinniúil. Tá a lán féidearthachtaí ann d’fhás fostaíochta. Tá ceithre chineál fiontar sóisialta ann:

  • Fiontair le deiseanna tráchtála a bhunaítear chun toradh sóisialta a bhaint amach
  • Fiontair a chruthaíonn deiseanna fostaíochta do ghrúpaí imeallaithe
  • Eagraíochtaí forbartha eacnamaíochta agus pobail
  • Fiontair a chuireann seirbhísí riachtanacha ar fáil, e.g. An Tionscnamh um Iompar Tuaithe

Dar le Forfás/EGFSN tá féidearthachtaí ann an fhostaíocht in earnáil na bhFiontar Sóisialta a dhúbailt sa tréimhse go dtí 2020. Ina dTuarascáil 2013 tá sraith moltaí chun tacú le forbairt earnáil na bhFiontar Sóisialta faoin bPlean Gnímh le haghaidh Post. Tugadh gealltanas sa Chlár don Rialtas go ndéanfaí cur chun cinn ar earnáil bheoga, fhuinniúil, éifeachtach fiontair shóisialta.

Bíonn roinnt de na Ranna Rialtais ag idirphlé le hearnáil na bhFiontar Sóisialta. Tá sé de fhreagracht ar an Aire Stáit, Seán Sherlock, forbairt a dhéanamh ar an earnáil ar bhonn tras-Rialtais, le tacaíocht ón Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.

AN TODHCHAÍ

Seo a leanas roinnt deiseanna earnála d’fhiontair shóisialta a luadh le linn seisiúin chomhairliúcháin: miondíol pobail agus seirbhísí cúraim; turasóireacht agus táirgí oidhreachta; seirbhísí fóillíochta agus spóirt; agus táirgeadh fuinnimh.

OBAIR DHEONACH


Obair Dheonach Éireann 

Tá breis is 63,000 duine fostaithe go lánaimseartha nó go páirtaimseartha san earnáil phobail, ach díol spéise é go ndéanann oibrithe deonacha an méid sin oibre gur ionann an méid a dhéanann siad agus obair 31,000 duine sa bhreis! Ó 2008 i leith, dhúbail an líon daoine cláraithe le Volunteer Ireland, agus sheas an figiúr sin ag 14,800 i mí Eanáir 2013 - éacht i gcomhthéacs na gcúinsí eacnamaíochta atá ann faoi láthair

Spreagtar oibrithe deonacha mar go dteastaíonn uathu réiteach a fháil ar fhadhb sa phobal trí chuidiú le daoine nó le pobail athrú dearfach a dhéanamh sa saol. Is éard atá i gceist leis an obair dheonach ná cuidiú le daoine eile agus leis an bpobal i gcoitinne.

In Éirinn, bíonn eagraíochtaí cosúil le Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus an Cumann Lúthchleas Gael ann a bhuíochas le hiarrachtaí oibrithe deonacha, daoine a chuireann a gcuid ama ar fáil go deonach sa phobal. Tá an iliomad cúiseanna go ndéanann daoine obair ar bhonn deonach, ach tá trí phríomhchúis;

  • Bíonn sásamh le baint as torthaí na hoibre a fheiceáil
  • Bíonn mothúcháin dhearfacha ag baint le hobair a dhéanamh ar son daoine eile
  • Is féidir casadh le daoine nua

Bíonn ganntanas acmhainní ann i roinnt mhaith tionscadal agus eagraíochtaí pobail agus bítear ag brath ar dhea-thoil agus am daoine. Bíonn daoine ann a roghnaíonn obair dheonach a dhéanamh chun taithí a fháil; bíonn daoine eile ann a dhéanann an cineál seo oibre chun scileanna nua a ghnóthú; do dhaoine eile, is maith lei bualadh le daoine agus cur leis an ngréasán daoine atá ar a n-aithne.   

Trí mheán na hoibre deonaí is féidir leat tabhairt ar ais don phobal, cuidiú le cara nó cúis ar leith a chur chun cinn.

Bíonn luach pearsanta ag baint le hobair dheonach a dhéanamh agus bíonn sé go maith i gcónaí don CV. Ó am go chéile is féidir le hobair dheonach i réimse ar leith taithí a thabhairt duit i ngairm is spéis leat. Tarlaíonn sé go minic go bhfaigheann daoine fostaíocht ar phá ag eascairt ó obair dheonach a bhí ar siúl acu.

Buntáiste eile a bhaineann leis an obair dheonach ná gur féidir leat cur le do scileanna: scileanna cumarsáide agus bheith ag obair le daoine; scileanna tógála foirne; scileanna praiticiúla.

Leis an gcúlú eacnamaíochta thosaigh a lán daoine ag obair san earnáil dheonach mar gur chaill siad a bpost. Tá na figiúirí is déanaí seo ó Ionaid d’Oibrithe Deonacha na hÉireann (VCI) ag teacht leis na staidrimh is déanaí ón CSO, a thugann le fios go bhfuil 440,000 duine ar an mbeochlár (dífhostaithe). Le 2.5 bliain anuas, chláraigh 34,107 duine leis na hIonaid d’Oibrithe Deonacha na hÉireann. 

Is féidir amharc ar an suíomh gréasáin chun liosta de na hionaid d’oibrithe deonacha a fháil chomh maith leis na tionscadail atá ag earcú oibrithe deonacha ar fud na hÉireann: www.volunteer.ie. Nó is féidir leat dul i dteagmháil leis an eagraíocht a bhfuil suim agat oibriú léi agus fiosrú go díreach faoi na deiseanna atá ann d’oibrithe deonacha.

Seo a leanas na Seirbhísí Náisiúnta a chuireann oiliúint ar fáil d’oibrithe deonacha –

Bheadh taithí agus oiliúint le haon cheann de na grúpaí seo an-úsáideach ar an CV agat.

OBAIR DHEONACH THAR LEAR

Is iomaí deis éagsúil, fhuinniúil atá ar fáil ina earnáil na hoibre deonaí ar fud an domhain. Bíonn deiseanna ar fáil i dtíortha éagsúla le haghaidh raon scileanna agus ról éagsúil. De gnáth bítear ag obair le pobail sa chuid sin den domhan atá i mbéal forbraíochta, agus bítear ag obair i réimsí cosúil le talmhaíocht, oideachas, soláthar uisce, sláintíocht, sláinte agus réimsí eile nach iad.

Is eagraíocht náisiúnta í VSO (Voluntary Service Overseas) a thugann an deis d’oibrithe deonacha cónaí i bpobail áitiúla ar fud an domhain agus obair i gcomhar leis na páirtithe áitiúla.
Is é aidhm VSO daoine a thabhairt le chéile chun eolas, taithí agus scileanna a roinnt chun comhrac i gcoinne na bochtaineachta. Tá cláir ag VSO i mbreis is 30 tír, in áiteanna amhail an Aetóip, an Tansáin, an India, Uganda, Nua-Ghuine Phapua, an Mhósaimbíc agus Siarra Leon. Bíonn VSO ag obair ar fud na hAfraice, na hÁise agus limistéar an Aigéin Chiúin.
Má theastaíonn uait an domhan a thaisteal, d’fhéadfadh an obair dheonach an deis sin a thabhairt duit agus d’fhéadfá eolas agus scileanna a ghnóthú agus tú ann.

Is é Cúnamh Éireann clár Rialtas na hÉireann chun tacú le tionscadail i dtíortha atá i mbéal forbraíochta. Tá eolas faoi obair dheonach a dhéanamh thar lear le fáil ar IrishAid.ie. D’fhéadfá teacht ar eagraíochtaí eile ag obair sa réimse seo trí Dóchas, cumann na n-eagraíochtaí neamhrialtais Forbartha Éireannacha.

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe