Baile     

Cléireachas & Riarachán

Bíonn gá ag gach cineál eagraíochta le foireann cléireachais agus riaracháin a bhíonn ag láimhseáil gnáthaimh oifige agus a chinntíonn go bhfeidhmíonn an gnó go héifeachtach agus go mín réidh.

Bíonn gá leis na seirbhísí a chuireann foireann riaracháin agus cléireachais ar fáil i scoileanna, coláistí, ospidéil, gníomhaireachtaí rialtais, gnóthaí corparáideacha agus beaga, oifigí leighis agus dlí, gailearaithe ealaíne, eagraíochtaí san earnáil pobail, agus a lán eile nach iad. Is i réimsí cléireachais agus riaracháin atá an líon is mó daoine fostaithe ar fud na ngairmeacha go léir.

Tá beagnach 90% de phoist chléireachais agus riaracháin i dtionscadail a chuireann seirbhísí ar fáil. Is féidir leis an obair seo a bheith an-éagsúil ó earnáil go hearnáil ag brath ar mhéid an ghnó, ar mhéid na heagraíochta, ar cibé acu an eagraíocht phríobháideach nó phoiblí í nó an post sa tseirbhís phoiblí atá i gceist.

I bpoist chléireachais agus riaracháin cuimsítear raon leathan dualgas, ag brath ar riachtanais an ghnó nó na heagraíochta ar leith. Bíonn fosaithe ag teastáil i roinnt láithreacha oibre a bhfuil eolas sonrach acu agus nach bhfuil gá mórán maoirseachta a dhéanamh orthu. I gcuideachtaí eile bítear ag lorg fostaithe nach bhfuil ach eolas bunúsach acu ar fheidhmeanna a ndéanfaidh maoirseoirí dlúthmhonatóireacht orthu.   

RÓIL CHLÉIREACHAIS

De ghnáth bíonn poist chléireachais ar an leibhéal iontrála. De ghnáth is éard a bhíonn i gceist leo ná an guthán a fhreagairt, clóscríbhneoireacht, comhdú agus roinnt bunfheidhmeanna eile a chur i gcrích faoi mhaoirseacht. Bíonn róil riaracháin níos sinsearaí go minic  - d’fhéadfadh go mbeadh do réimse maoirseachta féin agat chun a chinntiú go gcomhlíonfaí tasc ar leith agus ní bheadh an méid céanna maoirseachta ort ag teastáil chuige sin.
Seo a leanas roinnt ról cléireachais:

Cúntóir Cléireachais (ar a dtugtar Cléireach nó Oibrí Cléireach)i measc na dtascanna bheadh gnáth-thascanna riaracháin i ngnó nó in eagraíocht, nó i rannóg laistigh d’eagraíocht. Bíonn daoine sna poist seo an-eagraithe, bíonn scileanna maithe TF acu agus bíonn siad go maith ag déileáil le daoinear an nguthán. I measc a bhfreagrachtaí bíonn comhdú, déileáil le postas, sonraí a thaifeadadh agus a chothú ag úsáid ríomhaire nó córais láimhe, agus dualgais ghinearálta eile. Tacaíonn a gcuid oibre le daoine eile san oifig.

Riarthóir Cléireachais leis an tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí 

I gcuideachtaí níos mó áit a bhfuil tú mar chuid d’fhoireann níos mó de 'chléirigh', is féidir leat ardú céime a fháil chun a bheith i do Chléireach Sinsearach, Ceann Roinne Bainisteoir Oifige. D’fhéadfá dul le speisialtóireacht i réimse ar leith d’obair chléireachais mar shampla Cléireach Cuntais, Cléireach Dlí, Cúntóir AD, nó Cuntóir Pearsanta.

Foireann na hOifige Tosaigh

Bíonn ról lárnach ag foireann na hoifige tosaigh, mar shampla an Fáilteoir, san eagraíocht mar go gcuireann siad íomhá na heagraíochta chun cinn ina gcuid oibre. Sa mhéid gurb iadsan an chéad phointe teagmhála idir an pobal agus an eagraíocht, bíodh sin ar an nguthán nó go pearsanta, cuireann siad teachtaireachtaí áirithe trasna sa chaoi a bhfuil siad gléasta, sa tslí a n-iompraíonn siad iad féin agus sa chuma atá orthu. 

Sa mhéid go bhfuil an luas ag síormhéadú i gcúrsaí gnó sa lá atá inniu ann, bíonn ar an bhfoireann cléireachais foghlaim conas feidhmiú go héifeachtach agus iad faoi bhrú, agus ar bhealaí éagsúla, sa timpeallacht shíorathraitheach. Is féidir leis na baill sin den phobal a bhíonn i dteagmháil leis an eagraíocht a bheith an-éilitheach agus is gá don fhoireann san oifig thosaigh déileáil leo ar bhealach suaimhneach, éifeachtach, cairdiúil.

Má tá suim agat i ngairm mar seo, bheadh gá le scileanna maithe Béarla, idir scríofa agus labhartha. Bítear ag súil níos mó is níos mó na laethanta seo go mbeadh teanga Eorpach amháin eile ar do thoil agat. Saintréithe eile a bheadh tábhachtach ná scileanna maithe eagrúcháin, scileanna maithe méarchláir, inniúlacht i mbainistiú riachtanas oifige, scileanna maithe cumarsáide, cairdiúlacht agus cuma shlachtmhar néata. De ghnáth ní bheadh gá le céim chun obair chléireachais a dhéanamh. Bheadh cúrsa i scileanna oifige úsáideach do roinnt post. 

RÓIL RIARACHÁIN


De ghnáth bíonn poist riaracháin beagán níos sinsearaí ná poist chléireachais. D’fhéadfadh go mbeadh do réimse maoirseachta féin agat, agus de ghnáth ní bheadh gá an méid céanna maoirseachta a dhéanamh ar do phost laethúil. I measc na dtascanna laethúla bheadh freagairt an ghutháin, clóscríbhneoireacht agus próiseáil focal, dul ar thóir airgid atá ag dul don eagraíocht, sonraí a eagrú agus ábhar a chomhdú, freastal ar riachtanais na foirne sinsearaí, faisnéis a thabhairt do chliaint agus ó am go chéile don phobal.

Rúnaí – go traidisiúnta bhíodh ar rúnaí clóscríbhneoireacht a dhéanamh, glaonna gutháin a fhreagairt agus coinní a shocrú. Ní bheadh aon mhór-ról eile ag rúnaí agus ní bheadh aon chumhacht ag an té sin chun cinntí neamhspleácha a ghlacadh san eagraíocht. Sa lá atá inniu ann níl ann a tuilleadh don ról traidisiúnta mar rúnaí agus comhlíontar na dualgais sin anois sa ról mar Chúntóir Riaracháin.

Rúnaí Dátheangach – déileálann an rúnaí dátheangach le hobair riaracháin i níos mó ná teanga amháin. Bíonn ar roinnt rúnaithe dátheangacha a dteangacha iasachta a úsáid níos minice ná mar a bhíonn ar dhaoine eile, ag brath ar a bpost nó ar an eagraíocht. D’fhéadfadh go mbeadh orthu obair ar bhonn leanúnach sa Bhéarla agus i dteanga iasachta amháin, nó i níos mó ná teanga iasachta amháin eile, nó d’fhéadfadh nach mbeadh orthu ach na teangacha eile a úsáid.
Ní gá go mbeadh céim ollscoile ina réamhriachtanas do phost mar seo, ach is minic anois go mbíonn daoine le céimeanna ag fáil post i róil riaracháin le cuideachtaí móra ilnáisiúnta, mar Chúntóír Pearsanta mar shampla, nó mar Rúnaí Sinsearach ar leibhéal na bainistíochta corparáidí.

Cúntóir Feidhmiúcháin – oibríonn an cúntóir feidhmiúcháin le Feidhmeannaigh ardleibhéil sa ghnó nó san eagraíocht chun cúnamh a thabhairt dóibh. Seo ról níos sinsearaí ná ról an rúnaí ar an leibhéal iontrála agus bíonn dualgais chasta ag gabháil leis an ról. Chomh maith le cumarsáid isteach agus amach a láimhseáil, d’fhéadfadh cúntóirí feidhmiúcháin a bheith i bhfeighil cruinnithe a sceidealú, córais chasta chomhdúcháin a choinneáil, athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid agus doiciméid a ullmhú agus b’fhéidir maoirseacht a dhéanamh ar fhoireann. Seans go mbeadh cead acu doiciméid phríobháideacha a léamh agus a láimhseáil a théann ó dheasca na bhFeidhmeannach, idir thaifid phearsanta is mhiontuairiscí ó chruinnithe Boird.

Dul le Gairm san obair Chléireachais agus Riaracháin

Chun ceann de na poist seo a fháil bíonn gá le scileanna maithe cumarsáide, idir scríofa is labhartha, agus scileanna maithe ríomhaireachta, eagrúcháin agus bainistithe ama, agus bheith in ann tascanna a chur i gcrích ar ardchaighdeán.  Tá a lán cúrsaí ábhartha ann le haghaidh gairmeacha i réimse an Chléireachais agus an Riaracháin agus reáchtáiltear iad i gcoláistí le Cúrsaí Iar-Ardteisteiméireachta agus in Institiúidí Teicneolaíochta ar fud na tíre.
Na mic léinn a dhéanann na cúrsaí seo gnóthaíonn siad taithí i ngach gné den teicneolaíocht chuí agus de reáchtáil éifeachtach timpeallachtaí oifigí nua-aimseartha.  De ghnáth maireann na cúrsaí seo bliain agus bíonn siad ar siúl ar bhonn lánaimseartha. Cuirtear taithí oibre ar fáil mar bhunchuid den staidéar. An aidhm leis na cúrsaí seo ná na mic léinn a oileadh sna scileanna praiticiúla agus ríomhaireachta cuí do shaol dinimiciúil an ghnó.   [Déan iniúchadh ar na cúrsaí CAO agus PLC/FET atá ar fáil ar an leathanach seo]

Ar na cúrsaí seo de ghnáth d’áireofaí réimsí amhail scileanna TF (Próiseáil focal, Scarbhileoga, Bunachair Shonraí), Dlí an Ghnó, Leabharchoimeád, Cumarsáid agus Áirimh Ghnó. Tá ardchúrsaí riaracháin ar fáil freisin do réimsí sonracha san earnáil. Féach An Foras Riaracháin  (IPA) le haghaidh tuilleadh eolais faoi raon leathan de chúrsaí creidiúnaithe. Is féidir le foireann chléireach agus riaracháin obair ar bhonn páirtaimseartha nó lánaimseartha. Bíonn raon leathan tuarastail ann i bpoist chléireachais agus riaracháin, ag tosú le tuarastal de €18,000 a bheadh á fháil ag rúnaí, agus ag ardú ag brath ar an gcineál poist agus leis na blianta de thaithí.

OBAIR SHEALADACH Is féidir jabanna sealadacha a fháil trí chlárú le gníomhaireacht agus tá tóir ar an gcineál seo oibre le blianta beaga anuas ní hamháin do dhaoine agus iad idir dhá phost, ach mar shlí bheatha ann féin. Tá a lán daoine a roghnaíonn dul leis an obair shealadach leanúnach mar ghairm.  Earcaíonn gníomhaireachtaí oibrithe sealadacha chun fostaithe lánaimseartha a chlúdach atá ar Shaoire Mháithreachais, ar Ghnáthlaethanta Saoire nó ar Shaoire Bhreoiteachta nó chun cuidiú leis an ngnó ag tréimhsí gnóthacha, mar shampla nuair atá Iniúchadh Dheireadh na Bliana ar siúl, nó le linn Séasúir Ghnóthacha.

 

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe