Baile     

Turasóireacht & Fáilteachas

Táthar ag iarraidh leas a bhaint as earnáil Turasóireachta agus Sláinteachais na hÉireann chun cuidiú leis an tír teacht as an gcúlú eacnamaíochta.

Meastar go gcuireann fiontair in earnáil na turasóireachta tuairim is 180,000 post ar fáil ar fud na tíre, i réimsí cosúil le lóistín, bialanna, iompar agus ionaid turasóireachta (Foinse 2012 Government Action Plan for Jobs). 

Dar le figiúirí CSO don bhliain 2012 tháinig 6.51 milliún turasóir ó gach cuid den domhan ar cuairt go hÉirinn an bhliain sin. I 2013, bhí figiúirí turasóireachta thuas faoi 7%, agus dá bhrí sin bhí sí ar an mbliain is fearr don earnáil ó thosaigh an cúlú eacnamaíochta.

Ar na cuairteoirí Ardphróifíle a tháinig chun na tíre bhí Banríon Shasana, Uachtarán Mheiriceá, an tUasl Obama agus a chlann agus Ceannairí Domhanda ag Cruinniú Mullaigh G8 -  agus craoladh na cuairteanna sin go hidirnáisiúnta, rud a chuir Éire chun cinn ar fud an domhain. 

Tháinig cuairteoirí breise a bhuíochas leis an teacht le chéile 'The Gathering'. Tá tuairim is 133,000 duine fostaithe anois in earnálacha an lóistín agus na seirbhíse bia, agus sin méadú de nach mór 12% (14,200 post breise) ó bhí 2012 ann (Foinse: Report on the Action Plan For Jobs - Ráithe 4).

Dar le Fáilte Ireland d’fhéadfadh an líon daoine atá fostaithe in earnáil na turasóireachta (má chuirtear san áireamh codanna eile den earnáil cosúil le comhdhálacha, ionaid turasóireachta agus féilte) bheith ag druidim le 200,000 (Foinse: Annual Tourism Industry Review, Eanáir 2014). Mar sin, is léir go bhfuil Éire ina ceann scríbe mealltach do chuairteoirí agus go bhfuil an turasóireacht ar cheann de na tionscail dhúchasacha is mó.

Ní hé amháin gurb é Fáilte Ireland Údarás Náisiúnta Turasóireachta na hÉireann, ach tá sé freagrach freisin as earcú, oiliúint agus oideachas na ndaoine sa tionscal turasóireachta.


Fáilte Ireland 

Oibríonn Fáilte Ireland i gcomhar le Tourism Ireland (a chuireann Éire chun cinn mar cheann scríbe i margaí thar lear) agus le Northern Ireland Tourist Board (atá freagrach as forbairt agus margaíocht na turasóireachta i dTuaisceart Éireann). Reáchtálann siad feachtas mór dúchasach trí www.discoverIreland.ie, mar a bhfuil eolas cuimsitheach faoi lóistín, gníomhaíochtaí, imeachtaí, ionaid turasóireachta agus tairiscintí speisialta do laethanta saoire in Éirinn. Seo a leanas tosaíochtaí Fáilte Ireland le haghaidh 2014:

  • Tionscnaimh nua dála ‘The Wild Atlantic Way’ agus  ‘Dublin Plus’, agus togra nua freisin d’oirthear agus do dheisceart na tíre
  • Turasóireacht gnó agus imeachtaí móra
  • Laethanta Saoire sa Bhaile
  • Leagáid The Gathering l
  • Féilte agus imeachtaí
  • Díolacháin, forbairt dhigiteach agus éispéiris

FÁILTEACHAS

Tá tionscal an fháilteachais leathnaithe amach le blianta beaga anuas. Chomh maith leis na tithe ósta, na tithe aíochta agus na bialanna a bhíodh i gcónaí riamh san earnáil seo, tá raon leathan áiseana eile san áireamh ann anois. Mar shampla, d’fhéadfaí hallaí bia in ollmhargaí, earnáil na dtithe altranais agus lónadóireacht institiúideach, agus imeachtaí spóirt a áireamh freisin. Dá bharr sin, tá níos mó deiseanna fostaíochta ann in earnáil an fháilteachais.

Tithe Ósta agus Lóistín

Tá Earnáil Thithe Ósta na hÉireann ag croílár earnáil an fháilteachais agus tá tuairim is 50,000 duine fostaithe i 850 teach ósta ar fud na tíre. Sa mhéid gur cuireadh leis an líon tithe ósta le blianta beaga anuas, chaill a lán tithe ósta an-chuid airgid sa chúlú eacnamaíochta agus tá earnáil na dtithe a chuireann leaba is bricfeasta ar fáil ag streachailt léi, cé go mbíonn cuairteoirí i gcónaí á moladh go hard na spéire.

Dar le tuairiscí le haghaidh 2013 d’fhan níos mó daoine i dtithe ósta i mBaile Átha Cliath in 2013 ná mar a fhan aon tráth le linn bhlianta an rachmais. Tharla seo mar thoradh ar fhás na turasóireachta gnó ón Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath agus na himeachtaí iomadúla san O2 agus sa Bord Gáis Energy Theatre, - a d’oscail a ndoirse tar éis thús an chúlaithe eacnamaíochta.

Bíonn a lán fostaithe, le róil iomadúla éagsúla, ag teastáil ó gach teach ósta. Bíonn deiseanna gairme éagsúla ilchineálacha ann do dhaoine a bhfuil suim acu san earnáil seo.   Seo a leanas roinnt de na róil sin:

  • Rannóg na Seomraí – Bainisteoir Oifige Tosaigh, Bainisteoir Áirithintí, Bainisteoir Seirbhísí do Chuairteoirí, Bainisteoir Slándála – a bhíonn freagrach as bainistiú éifeachtach i bhfáiltiú an tí ósta, foireann fáiltithe agus roinnt ball foirne a bhíonn i mbun díolacháin seomraí sa teach ósta, sábháilteacht agus slándáil cuairteoirí
  • Fáilteoir – A oibríonn ag deasc tosaigh an tí ósta, etc. agus seo an chéad duine a gcasann cuairteoirí air/uirthi
  • Bainisteoir/Cúntóirí Cóiríochta  - atá freagrach as slacht a choinneáil ar sheomraí codlata agus ar gach spás poiblí sa teach ósta
  • Imeachtaí & Fóillíocht – Stiúrthóir Imeachtaí, Comhdhálacha agus Lónadóireacht, Bainisteoir Imeachtaí; 

[Tá eolas sonrach faoi na gairmeacha indibhidiúla san earnáil seo le fáil in 'Gairmeacha Samplacha' ar an leathanach seo] Bíonn gairmeacha sna róil sin le fáil i dtithe ósta, tithe ‘leaba is bricfeasta’, Tithe Aíochta, Brúnna, Láithreacha Campála agus Sráidbhailte Saoire ar fud na hÉireann.
Chomh maith leis na róil seo tá róil bhainistíochta ann ó thaobh an ghnó de. I measc na ról bainistíochta tá:

  • Bainisteoir Ginearálta/Bainisteoir Ginearálta Grúpa
  • Bainisteoir Dualgais
  • Bainisteoir Díolachán agus Margaíochta
  • Bainisteoir Acmhainní Daonna

Bia agus Deoch

Cuimsítear san earnáil Bia agus Dí gach cineál ionaid ina soláthraítear bia agus deochanna, mar shampla tithe ósta agus bialanna, tithe tábhairne, clubanna agus ionaid. Meallann an earnáil seo daoine ar maith leo bheith ag obair le daoine, béilí a chruthú agus a thabhairt do dhaoine, manglaim a dhéanamh, biachláir a chruthú etc.

Sna gairmeacha seo bíonn gá le scileanna sármhaithe idirphearsanta agus sóisialta chun a bheith ag plé lena chéile agus leis an bpobal.

Gairmeacha i réimse an Bia agus na Dí:

  • Príomhchócaire
  • Cócaire – leibhéal iontrála an phríomhchócaire – ullmhaíonn miasa le go ndéanfaí iad a chócaráil, obair ghinearálta sa chistin
  • Bainisteoir Bialainne
  • Freastalaí
  • Sommelier – Saineolaí Fíona 
  • Foireann an Bheáir
  • Bainisteoir Beáir

TURASÓIREACHT

Is fiú €5 bhilliún tionscal na turasóireachta d’Eacnamaíocht na hÉireann agus tagann tuairim is 6 mhilliún duine ar cuairt chun na tíre gach bliain. Tá deiseanna gairme ann in Éirinn agus thar lear do dhaoine óga ar gach leibhéal – idir riarachán oifige is bhainistíocht shinsearach i raon eagraíochtaí turasóireachta. Ina measc tá:

  • Oifigí Turasóireachta
  • Treoraithe
  • Gníomhairí Taistil
  • Ionaid Áirithinte
  • Aerlínte 
  • Ionaid Fóillíochta 
  • Iarsmalanna
  • Ionaid Chultúir
  • Ionaid Oidhreachta
  • Siopaí Turasóireachta

Dul le Gairm in Earnáil na Turasóireachta agus an Fháilteachais

Sa mhéid go bhfuil gairmeacha suimiúla sásúla le fáil sna hearnálacha seo bíonn a lán daoine óga ag lorg cúrsaí oiriúnacha chun iad a ullmhú dul leis na gairmeacha seo. Bíonn na hearnálacha seo an-iomaíoch agus mar sin má tá cáilíochtaí agat is mó seans go mbeidh tú in ann post níos fearr a fháil.

Tá raon cúrsaí ar fáil sa chóras ardoideachais in Éirinn, ar gach leibhéal ón gcúrsa iar-ardteistiméireachta go dtí Céimeanna Leibhéal 7 & 8. Tá an raon chomh leathan go bhféadfadh sé mearbhall a chur ar dhuine. Bíonn a leithéidí seo de theidil ar na cúrsaí:

  • Bainistíocht Turasóireachta
  • Margaíocht Turasóireachta
  • Taisteal agus Turasóireacht

Tá céimeanna dhá ábhar ann freisin, mar ar féidir staidéar a dhéanamh ar cúpla gné den tionscal i gcomhthráth, abair Turasóireacht agus Fáilteachas, Turasóireacht agus Fóillíocht, Fáilteachas agus Margaíocht.

Áireoidh formhór na gcúrsaí fochéime tréimshe oibre mar chuid den chúrsa, agus d’fhéadfadh sin leanúint ar feadh 6 mhí nó bliain. Bíonn an taithí oibre ina bunchuid de na cúrsaí seo agus bíonn an deis ag mic léinn cleachtadh a dhéanamh ar a bhfuil foghlamtha acu sa choláiste nó san ollscoil.  Sa mhéid go bhfuil gné idirnáisiúnta ag baint leis na tionscail seo, bíonn teangacha an-úsáideach freisin.

De ghnáth bíonn fáil ar chúrsaí teanga mar chuid de na cúrsaí fáilteachais agus turasóireachta. Chomh maith leis na cúrsaí thuasluaite, tá cúrsaí níos speisialaithe ann freisin sa Turasóireacht a chuimsíonn réimsí amhail Turasóireacht Chultúir, Margaíocht Turasóireachta, Pleanáil Turasóireachta, Bainistíocht Músaeim, Bainistíocht Oidhreachta, agus Turasóireacht Inchothaithe: tá siad seo go léir oiriúnach do dhaoine a bhfuil suim acu bheith fostaithe in earnáil ar leith sa tionscal seo.

Cuireann Fáilte Ireland oiliúint scileanna agus oiliúint ar an láthair oibre ar fáil dóibhsean ar mhaith leo dul le gairm san earnáil, nó ar mhaith leo a gcuid oiliúna a chur i gcrích agus iad ag obair.

Cúrsaí ‘Earn and Learn’

Má tá tú ar bís post a fháil agus mura dteastaíonn uait cúrsa lánaimseartha coláiste a dhéanamh seans go mbeadh suim agat sna cláir ‘Earn & Learn’. Sna cúrsaí seo is féidir leat:

  • Freastal ar an gcoláiste ar bhonn páirtaimseartha chun cáilíocht lánaitheanta a bhaint amach.
  • Taithí oibre a fháil, ar phá, sa tionscal turasóireachta
  • Íocann Fáilte Ireland do tháillí coláiste (ach amháin an Clár Forbartha do Bhainisteoir faoi Oiliúint).

Bíonn na fostóirí atá páirteach sa chlár seo sásta scaoileadh leat chun freastal ar do léachtaí nó ar do ranganna oidis agus bíonn ‘meantóir’ agat sa láthair oibre freisin!

Bíonn ort fostóir a aimsiú ar dtús chun áit a fháil ar an gcúrsa. Beidh ar d’fhostóir clárú le Fáilte Ireland agus tú a ainmniú don chúrsa. Ach mura bhfuil fostóir agat, d’fhéadfadh an coláiste comhairle a chur ort faoi fhostóir a aimsiú.

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe