Baile     

Ainmhithe & Tréidliacht

Tréidliacht

Is gairmithe iad Tréidlianna, arb í cosaint sláinte agus leas ainmhithe an phríomhfhreagracht atá orthu. Déanann tréidlia diagnóisiú agus rialú ar ghalair ainmhithe, déanann siad cóireáil ar ainmhithe tinn agus gortaithe, cuidíonn siad le cosc a chur ar tharchur galair idir ainmnithe agus daoine, agus cuireann siad comhairle ar úinéirí faoi conas aire a thabhairt do pheataí agus conas bheith ag obair le hainmhithe agus beostoc. Cinntíonn siad go bhfuil an slabhra soláthair bia sábháilte trí bheostoc sláintiúil a choinneáil le chéile agus cigireacht a dhéanamh ar tháirgí feola agus éineola.

Bhí 2011 ina bliain thábhachtach d’eagraíochtaí agus d’institiúidí tréidliachta ar fud an domhain. Tugadh Bliain Dhomhanda na Tréidliachta ar 2011 mar chomóradh ar 250 bliain ó bunaíodh oiliúint tréidliachta mar oiliúint fhoirmiúil agus mar ghairm eagraithe.  Tá an cleachtas sa tréidliacht ag athrú. Anuas ar theicneolaíochtaí nua a chur i bhfeidhm sa chúram ainmnithe, bíonn tréidlianna i mbun caomhnú speiceas atá i mbaol, caighdeáin arda a sholáthar ó thaobh an chúraim a dhéantar d’ainmhithe sa tsaotharlann de, agus taighde ardchaighdeáin a dhéanamh ar ghalair ainmhithe chomh maith le cuidiú réitigh a fháil ar fhadhbanna sláinte ag daoine.

Tá tuairim 1,900 tréidlia cláraithe sa Stát – agus tá tuairim is dhá nó trí mhíle dhéag díobhsan atá ag obair i gcleachtas príobháideach. Chomh maith leis sin, tá 330 tréidlia fostaithe ag an Stát, tuairim is 30 tréidlia fostaithe ag údaráis áitiúla, tá 20 go 30 ag obair sa tionscal agus tá roinnt ag teagasc agus i mbun taighde i roinn na tréidliachta in UCD. Dar leis an Daonáireamh deireanach bhí fás maith fostaíochta san earnáil tréidliachta don tréimhse sin, agus d’ardaigh an líon daoine ag obair faoi bhreis is aon trian go dtí 3,284.

Altra Tréidliachta

Ar cheann de na roghanna ar dhul leis an Tréidliacht féin, mura mbaintear amach na pointí arda is gá san Ardteistiméireacht, tá gairmeacha an altra tréidliachta nó an Teicneora Tréidliachta. Mar thoradh ar an bhfás i méid, éileamh agus sofaisticiúlacht na gcleachtas tréidliachta tá margadh maith ann do sheirbhísí altraí tréidliachta. Féadfaidh Teicneoirí Deimhnithe Tréidliachta nó Altraí Tréidliachta roinnt mhaith de na gnáthaimh saotharlainne a dhéanamh, cúnamh a thabhairt sa scrúdú fisiciúil ar an ainmhí agus i srian a choinneáil ar an ainmhí, agus roinnt gnáthamh glanta fiacla a chur i gcrích, cuidiú le máinliacht, le roinnt mionghnáthamh ainéistéise agus a lán rudaí eile a dhéanamh a samhlaíonn daoine a dhéanfadh an Tréidlia féin. Maireann na cúrsaí le haghaidh na ngairmeacha seo idir dhá bhliain agus ceithre bliana.

Tá deiseanna sármhaithe ann faoi láthair d’Altraí Tréidliachta agus meastar go leanfaidh sé sin go ceann cúpla bliain ar aon nós. Mar is amhlaidh le haon obair a bhaineann le hainmhithe, is gá go mbeifeá tiomanta don phost agus nach bhfuil ailléirgí ainmhithe agat. Ní féidir na huaireanta oibre a thuar i gcónaí agus athraíonn siad ó am go ham agus is dócha go n-iarrfar ort bheith ag obair ag an deireadh seachtaine nó san oíche.

Dul le Gairm sa Tréidliacht

Níl ach cúrsa amháin tréidliachta sa Stát - an chéim sa Tréidliacht in UCD. Ba chóir go mbeadh iarratasóirí lánchinnte de go bhfuil suim acu sa ghairm seo sula gcuireann siad isteach ar áit. Tá sé thar a bheith tábhachtach labhairt le tréidlia roimh ré chun a bheith go hiomlán réadúil faoi cad atá i gceist.
Cibé scéal é, tá deiseanna maithe fostaíochta ann do Thréidlianna. Féach ar an bhfíseán faoi Thréidliacht a d’eisigh UCD.

In 2012 tugadh isteach an t-oideachas leanúnach éigeantach tréidliachta (CVE) do gach tréidlia cláraithe chun a chinntiú go gcoinneoidís iad féin chun dáta leis na forbairtí reatha agus chun dearbhú a chur ar fáil d’úinéirí go raibh a n-ainmhithe ag fáil an chúraim tréidliachta is fearr. Féach ar an bhfíseán  a d’eisigh UCD faoin Teastas sa Spórt Eachaí.

Eolaíocht Ainmhithe

Mar rogha ar an Tréidliacht féin d’fhéadfá céim a dhéanamh san Eolaíocht Bhitheach/Eolaíocht Ainmhithe. I gcéim san Eolaíocht Bhitheach Tréidliachta déantar staidéar ar fheidhm ainmhithe, ar a mbainistiú agus ar a leas i gcomhthéacs talmhaíochta, para-thréidliachta, saotharlainne nó fiadhúlra. Mar mhac léinn san Eolaíocht Ainmhithe nó Eolaíocht Bhitheach Tréidliachta d’fhoghlaimeofá conas eolas agus prionsabail na heolaiochta a chur i bhfeidhm chun tuiscint a fháil agus bainistiú a dhéanamh ar tháirgeadh, ar phróiseáil agus ar mhargú táirgí ainmhithe agus conas bainistiú agus caomhnú a dhéanamh ar ár n-acmhainní nádúrtha, mar shampla speicis dhúchasacha agus speicis atá i mbaol.

Le céim sa réimse seo d’fhéadfá dul le gairm i dtionscail na n-ainmhithe, nó i dtaighde ar ainmhithe agus taighde bithleighis. Bhí an-rath ar chéimithe san Eolaíocht Ainmhithe ó thaobh poist a fháil i raon leathan réimsí. I measc na réimsí sin tá: comhairle agus taighde, tionscal an bhia d’ainmhithe, soláthar, próiseáil agus margú táirgí ainmhithe, oideachas dara leibhéal agus talmhaíochta, comhairleoireacht phríobháideach, bainistiú feirmeoireachta agus fiontraíocht.

Le blianta beaga anuas, bhí níos mó deiseanna fostaíochta ar fáil sa tseirbhís phoiblí agus sa tionscal príobháideach araon. Tá an cháilíocht san Eolaíocht Ainmhithe an-oiriúnach freisin má tá sé i gceist agat bheith i mbun gairme eile agus an fheirmeoireacht pháirtaimseartha ar siúl agat chomh maith.

 

Easnaimh Scileanna

Ní bhfuarthas aon cheann

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe