Baile     

Fóillíocht, Spórt & Folláine

San earnáil Fóillíochta, Spóirt agus Folláine cuimsítear raon gníomhaíochtaí, mar shampla páirceanna téamacha, pictiúrlanna agus gníomhaíochtaí faoin aer, spórt mar chaitheamh aimsire, sláinte agus folláine.
D’fhéadfaí meáin spóirt agus tuarasóireacht spóirt a chur san áireamh anseo freisin. Tá an tionscal leathnaithe amach anois agus daoine ag éirí níos feasaí ar chúrsaí sláinte agus níos mó ama acu chun tabhairt faoi chaitheamh aimsire ná mar a bhíodh. 

FÓILLÍOCHT  

Sa tionscal fóillíochta bítear i mbun siamsaíochta agus áineasa, agus táirgí agus seirbhísí bainteacha a sholáthar. Áirítear san earnáil seo liosta fada de ghníomhaíochtaí siamsaíochta mar shampla an phictiúrlann, marcaíocht ar chapall, páirceanna téamacha, siopaí geallghlacadóireachta, agus casino cluichíochta. Is tionscal seirbhísí diansaothair é tionscal na fóillíochta.

SPÓRT & FOLLÁINE

     
     


Tá an tsuim a bhíonn á léiriú ag daoine sa spórt ag dul i méid, agus tá daoine i bhfad níos rannpháirtí sa spórt ná mar a bhíodh. Tá breis is 38,000 duine fostaithe in earnáil an spóirt in Éirinn, dar le Chónaidhm Spóirt na hÉireann, agus is ionann sin agus tuairim is 2% den fhórsa náisiúnta oibre.  Cuireann taobh tráchtála earnáil an spóirt 8,134 post (21%) as an iomlán san earnáil ar fáil.

Anuas air sin, tá 8,826 post (23%) eile san earnáil dheonach spóirt. Cuireann soláthar earraí agus seirbhísí don earnáil spóirt poist ar fáil le haghaidh beagnach 15,000 duine.  Is féidir an rannóg Spóirt agus Folláine a roinnt in dhá mhór-réimse:

Spórt Iomaíoch – a chuimsíonn gach cineál gníomhaíochta fisicí a bhfuil mar aidhm léi feabhas a chuar ar fholláine fhisiceach agus torthaí a bhaint amach i gcomórtas ar gach leibhéal – amaitéarach agus gairmiúil araon agus ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Spóirt fóillíochta – cuimsítear anseo gach cineál gníomhaíochta fisicí fóillíochta agus folláine, i.e. gníomhaíochtaí spóirt a bhfuil mar aidhm acu feabhas a chur ar fholláine fhisiceach agus ar fholláine mheabhrach, chomh maith le caidrimh mhaithe shóisialta a chothú.

Is féidir a áireamh sa spórt mar chaitheamh aimsire gníomhaíochtaí spóirt chomh maith le siúlóidí, gleacaíocht, dul go dtí an t-áras gleacaíochta, bogshodar, ióga, galf, sciáil agus babhláil. Tá méadú mór tagtha ar líon agus ar ilchineálacht na n-ionad fóillíochta agus spóirt le blianta beaga anuas, agus tá éagsúlacht mhór ann sna cineálacha seirbhísí a chuirtear ar fáil.
I roinnt de na hionaid bheaga bíonn seomraí gléasta agus ionad gleacaíochta, agus in ionaid níos mó bíonn sraith iomlán de ghníomhaíochtaí spóirt agus fóillíochta, chomh maith le trealamh, linn snámha, seomraí teiripe, ranganna agus cúrsaí oiliúna agus fiú amháin saoráidí beáir agus lónadóireachta.

GAIRMEACHA SAN FHÓILLÍOCHT, SA SPÓRT & FOLLÁINE

Tá deiseanna éagsúla gairme le fáil san earnáil seo den gheilleagar.

Seo a leanas roinnt réimsí oibre:
  • Ionad fóillíochta nó halla gleacaíochta – mar bhainisteoir, mar bhainisteoir cúnta, mar gharda tarrthála, mar chóitseálaí pearsanta, mar chóitseálaí folláine nó mar theiripeoir i spá
  • Cóitseáil agus oiliúint – sainchomhairleoir sláinte agus folláine, bainisteoir spóirt, marcaíocht ar chapall, clubanna peile, gníomhaíochtaí allamuigh, ióga nó spórt ar leith
  • Spórt gairmiúil  - e.g. peileadóir, marcach, galfaire, giolla gailf, tiománaí railí, tionscnóir
  • Siamsaíocht  -  e.g. obair i bpictiúrlann, rásaíocht capall, páirceanna téamacha, siopaí geallghlacadóireachta, casino
  • Deonach & Sóisialta – clubanna óige, ceardlanna pobail  

I measc na bhfostóirí san earnáil seo tá cuideachtaí móra fóillíochta, ionaid fóillíochta, páirceanna téamacha, clubanna sláinte agus folláine, tithe ósta agus clubanna spóirt, airéiní spóirt, coláistí, eagraíochtaí cultúrtha, údaráis áitiúla, oibreoirí turasóireachta, ionaid phobail, pictiúrlanna agus ionaid cheoil.
Bíonn na coinníollacha oibre ag brath ar an ról. Tá roinnt de na jabanna lonnaithe laistigh, mar shampla i dtithe ósta, i siopaí spóirt, i hallaí gleacaíochta, i hallaí spóirt nó i bpictiúrlanna, agus tá jabanna eile lonnaithe lasmuigh, mar shampla teagasc marcaíochta capall, gníomhaíochtaí allamuigh i gclubanna spóirt nó in ionaid eachtraíochta.

Bheadh gá le roinnt mhaith traenalá fisiciúla agus roinnt mhaith gníomhaíochta i roinnt de na poist seo. Ní bhíonn na huaireanta oibre san earnáil seo rialta, agus d’fhéadfaí a bheith ag obair go déanach, istoíche, ag an deireadh seachtaine nó ar laethanta saoire bainc.  Bíonn ardú céime le fáil i bpoist san earnáil seo, chuig post maoirseachta nó bainistíochta.

Is minic a théann lucht spóirt isteach i gcúrsaí gnó, nó isteach i bpost sna meáin, sa chraoltóireacht nó sa chumarsáid tar éis dóibh dul ar scor ón spórt gairmiúil. San earnáil seo bíonn a lán deiseanna ann taisteal thar lear (e.g. báid taistil) agus i roinnt jabanna, is féidir a bheith féinfhostaithe.

Scileanna agus Cumais

Bíonn gá bheith in ann cumarsáid mhaith a dhéanamh le daoine eile in aon phost san earnáil seo. Tá géarghá le scileanna eagrúcháin agus bheith in ann obair mar chuid d’fhoireann. Bíonn scileanna réitigh fadhbanna an-tábhachtach freisin agus ó am go chéile bíonn gá le scileanna maithe gnó. Agus gan amhras, má tá sé i gceist agat dul le gairm sa spórt gairmiúil is gá leibhéal an-ard cumais a bheith bainte amach agat sa spórt agus a bheith lántiomanta don spórt sin.

Dul le Gairm sa Spórt agus san Fhóillíocht

Bíonn riachtanais éagsúla iontrála ag gabháil leis na poist sa tionscal seo. I gcásanna áirithe bíonn gá le cáilíochtaí ar leith, agus i gcásanna eile ní bhíonn gá le haon cháilíocht fhoirmiúil. Sa mhéid go bhfuil an ghairmiúlacht sa spórt agus cúrsaí rialála ag éirí níos tábhachtaí, ní leor bheith aclaí chun dul le gairm sa spórt.

Ba bhuntáiste mór é cáilíocht Leibhéal 5 agus 6 a bheith agat, chomh maith le scileanna ar leith (i.e. teagascóir Sláinte agus Folláine) agus tá céimeanna tríú leibhéal ar fáil freisin, a bhaineann le gnéithe gnó agus bainistíochta a bheadh an-úsáideach freisin.
Tá cúrsaí iomadúla a chuideodh leat dul le gairm san earnáil seo – idir chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta le haghaidh gairmeacha in Ionaid Fóillíochta is chúrsaí Céime Leibhéal 8 san Eolaíocht Spóirt, san Innealtóireacht Spóirt nó i nGnó agus Bainistíocht Spóirt.

I gcás aon duine a bheadh ag obair le leanaí nó le daoine leochaileachta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí fóillíochta, spóirt nó fisiceacha a sholáthar, is gá go rachadh an duine sin trí phróiseas Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána. De ghnáth bíonn sé sin ina chuid den phróiseas earcaíochta.

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe