Baile     

Baincéireacht & Seirbhísí Airgeadais

Baincéireacht, Árachas & Seirbhísí Airgeadais

Déantar na milliún idirbheart airgeadais in Éirinn gach lá agus tá bainistiú ‘ghluaiseacht an airgid’ sin á dhéanamh ag an earnáil bhaincéireachta. Dar le Cónaidhm Baincéireachta na hÉireann, tá tuairim is 90,000 duine fostaithe ar fud na hearnála baincéireachta in Éirinn. Ba léir díreach chomh tábhachtach is bhí an earnáil seo d’eacnamaíocht na tíre nuair a tharla an ghéarchéim bhaincéireachta cúpla bliain ó shin.

San iarracht an tír a tharraingt as an ngéarchéim eacnamaíochta, chuir an Rialtas a lán caipitil isteach i mbainc Éireannacha chun nach gclisidís ar fad agus ionas go mbeidís in ann tosú ag tabhairt iasachtaí airgid do dhaoine arís. Bunaíodh NAMA chun cuidiú le bainc tosú ag feidhmiú go sásúil arís. Is dócha go dtógfaidh an próiseas téarnaimh cúpla bliain, ach beidh leas le baint ag an earnáil bhaincéireachta as an téarnamh sin chomh maith mar go mbeidh poist bhreise san earnáil arís. 

Rialáil airgeadais

Tá Banc Ceannais na hÉireann freagrach as baincéireacht ceannais agus as rialáil airgeadais. Is é ról an Rialtóra Airgeadais maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na ndreamanna seo a leanas:

  • Institiúidí creidmheasa, idirghabhálaithe infheistíochta, malartáin airgeadais, stocbhróicéirí,  scéimeanna comhinfheistíochta, cistí, cúiteamh d’infheisteoirí agus saincheisteanna a bhaineann le tomhaltóirí
  • Árachas saoil, árachas ginearálta agus saincheisteanna a bhaineann le tomhaltóirí
  • Comhair Chreidmheasa
  • Iasachtóirí airgid, idirghabhálaithe morgáiste agus creidmheasa, monatóireacht a dhéanamh ar na táillí a ghearrann institiúidí ar thomhaltóirí agus saincheisteanna a bhaineann le tomhaltóirí 

Déanann an Banc Ceannais monatóireacht agus forfheidhmiú ar chosaint tomhaltóirí, ar iompar gnó agus ar riachtanais stuamachta na n-institiúidí airgeadais atá ag feidhmiú in Éirinn. Beartaíonn an Banc Ceannais freisin ar cad iad na riachtanais is bunúsaí inniúlachta is gá do ghnólachtaí iad a chomhlíonadh.

SEIRBHÍSÍ AIRGEADAIS

Táimid go léir tar éis na bainc agus na cumainn foirgníochta ar an bpríomhshráid a fheiceáil ag feidhmiú, ach is san IFSC i mBaile Átha Cliath a tharlaíonn formhór na gníomhaíochta a bhíonn ar siúl ag seirbhísí airgeadais in Éirinn. Bunaíodh an IFSC sa bhliain 1987 chun infheistíocht a mhealladh chun na tíre ó eagraíochtaí domhanda seirbhísí airgeadais. Tá seirbhísí airgeadais anois ar an 4ú réimse is mó de sheirbhísí a easpórtáiltear as an tír.  

Is féidir an earnáil seo a roinnt i gceithre réimse de ghníomhaíocht airgeadais:

  • Cuntasaíocht agus Bainistiú Airgeadais – féach an Earnáil Cuntasaíocht agus Cánachas  
  • Baincéireacht agus seirbhísí bainteacha
  • Pleanáil airgeadais agus Infheistíochta
  • Seirbhísí árachais

Tá craobh ag leath de na 50 banc is mó ar domhan in Éirinn – ina measc tá Citigroup, JP Morgan, BNP Paribas agus Bank of America/Merrill Lynch. Tá breis is 450 cuideachta seirbhísí airgeadais ag feidhmiú san IFSC, agus roinnt eile in áiteanna eile ar fud na tíre, mar shampla BNY Mellon i Loch Garman agus Statestreet i gCill Chainnigh.

Cuireann breis is 100 cuideachta Éireannach seirbhísí tacaíochta teicneolaíochta agus bainteacha ar fáil don earnáil. Anuas air sin, tá roinnt seirbhísí dúchasacha airgeadais agus eagraíochtaí dúchasacha árachais ag feidhmiú in Éirinn, ina measc Fexco, FBD, IFG, AIB Bank, Banc na hÉireann, Abbey Capital, EBS, Irish Life & Permanent, VHI, Liberty Insurance agus Quintillion.

Dul le Gairm i réimse na Infheistíochta Airgeadais

Téann a lán daoine óga le gairmeacha in earnáil na baincéireachta tar éis dóibh céim a bhaint amach sa ghnó, sa chuntasaíocht, san eacnamaíocht nó i staidéir airgeadais. I gcás daoine óga eile tosaíonn siad ag obair san earnáil ar fhágáil na scoile dóibh agus cuireann siad lena gcáilíochtaí de réir mar a  théann siad ar aghaidh sa ghairm. Le fada an lá mheall earnáil na seirbhísí airgeadais daoine óga fuinniúla, uailmhianacha. 

Is éard a bheadh i gceist i ngairm mar Bhainisteoir Infheistíochta Airgeadais nó Déileálaí ná bheith ag obair do chuideachta mhór ilnáisiúnta nó do chuideachta níos lú le féidearthachtaí móra fáis acu. I ngairm san Airgeadas Corparáideach, sanntar freagracht ort go han-luath sa ghairm agus mar sin bheadh gá leas a bhaint as do scileanna réitigh fadhbanna láithreach bonn. Bheifí ag súil go mbeadh céim agat san Airgeadas nó sa Chuntasaíocht mar cháilíocht íosta le haghaidh na bpost seo.

Dé ghnáth bíonn a lán brú ag baint le hobair an bhainisteora Infheistíochta nó an Déileálaí agus is gairm an-iomaíoch í. Bíonn gá bheith an-dírithe agus eolas domhain a bheith agat ar an margadh. Más maith leat a lán freagrachta agus an brú a ghabhann leis sin, níor mhiste do mhachnamh a dhéanamh ar dhul leis an ngairm seo. Cuireann formhór na mBanc agus na gCorparáidí Infheistíochta oiliúint ar fáil iad féin le haghaidh Déileálaithe agus Bainisteoirí Infheistíochta.  De ghnáth bíonn gá le 2 bhliain de thaithí ag obair sa phost féin sula mbeadh dóthain taithí agus saineolais agat le go dtabharfaí an t-údarás agus an tsaoire duit trádáil thar ceann do Bhainc nó do Chorparáide.

Seirbhísí Idirnáisiúnta Airgeadais

Tá a lán athruithe ag tarlú i dtionscal na Seirbhísí Idirnáisiúnta Airgeadais in Éirinn faoi láthair. Seo fo-earnáil d’earnáil na seirbhísí airgeadais agus tá fás mór tagtha uirthi le 20 bliain anuas. Is maith le cuideachtaí Seirbhísí Idirnáisiúnta Airgeadais lonnú in Éirinn. Seo a leanas na scileanna is gá chun obair san earnáil seo, mar a thuairiscigh EGFSN (Feabhra 2014):

  • Forbairt táirgí do thionscal na gcistí, agus nuálaíocht próisis
  • Cuntasóirí le taithí in earnáil na seirbhísí airgeadais
  • Scileanna rialála agus géilliúlachta
  • Scileanna bainistithe tionscadal
  • Saineolaithe sa teicneolaíocht hibrideach – Anailísithe gnó le scileanna TF/Córas
  • Scileanna Anailísíochta Sonraí

Earnáil Léasaithe Aerárthach

Tá an earnáil léasaithe aerárthach san áireamh in Earnáil na Seirbhísí Airgeadais ina raibh 16,803 duine fostaithe in 2012. Tá Éire ar cheann de na príomháiteanna a bhíonn i mbun léasú aerárthach. Tá naoi gcinn de na deich gcuideachta léasaithe ar domhan ag feidhmiú anseo, agus i measc a n-oibríochtaí tá gach cuid den slabhra breisluacha, idir dhíolacháin, bhainistiú sócmhainní agus sheirbhísí teicniúla. D’éirigh go maith leis an earnáil seo a bhuíochas le bunú GPA sna 1980í mar ar forbraíodh scileanna áitiúla agus bonn maith de dhaoine oilte.

Le blianta beaga anuas, bhain rath na hearnála leis an gcóras fabhrach cánach corparáide, le saineolas i réimse na n-acmhainní daonna agus leis an ngréasán leathan comhaontaithe cánach. Chuidigh sé go mór leis an earnáil go mbaineann aerlínte móra Éireannacha úsáid as seirbhísí léasaithe. Tá soláthraithe seirbhísí coimhdeacha, dála Shannon Aerospace, tar éis fás is forbairt chun freastal ar na mór-oibríochtaí léasaithe.

Tá a lán gníomhaíochtaí a tharlaíonn i réimse na n-oibríochtaí san earnáil seo, mar shampla díolacháin, athmhargaíocht agus socrú léasa, oibríochtaí airgeadais, éadáil agus bainistíocht, idirbheartaíocht idirbheart, cur i bhfeidhm agus struchtúrú comhaontuithe agus seirbhísí teicniúla lena n-áirítear clárú aerárthach Éireannach. Fiche bliain ó shin ní raibh sa léasú aerárthach ach margadh nideoige. Sa lá atá inniu ann is fiú an tionscal seo $150 billiún. Is cuideachtaí Éireannacha úinéirí nó bainisteoirí 19% de na 18,000 aerárthach tráchtála atá in úsáid faoi láthair. 

BAINCÉIREACHT

Is féidir baincéireacht a roinnt i dtrí réimse: Baincéireacht mhiondíola, a chuireann seirbhísí ar fáil do dhaoine aonair nó do ghnóthaí beaga; baincéireacht chorparáideach, a chuireann seirbhísí baincéireachta ar fáil d’eagraíochtaí móra; baincéireacht infheistíochta – sa réimse seo baintear leas as airgead an chustaiméara chun brabús a dhéanamh tríd an infheistiú in airgeadra eachtrach, i mbannaí, in urrúis agus sa stocmhargadh. 

Bíonn Bainc mhiondíola agus Cumainn Foirgníochta ag déileáil le hidirbhearta airgeadais an phobail. Cuireann siad seirbhísí ar fáil, mar shampla cuntais choigiltis agus cuntais iasachtaí, cuntais infheistíochta, morgáistí, airgeadra eachtrach agus saoráidí cárta creidmheasa.

Cuireann bainc chorparáideacha seirbhísí airgeadais ar fáil (comhairle, iasachtaí, imréiteach, taiscí infheistíochta agus táirgí speisialtóireachta) do ghnó-chliaint a bhfuil láimhdeachas mór acu e.g. breis is £25 milliún sterling), mar shampla institiúidí airgeadais, cuideachtaí móra, agus cuideachtaí Éireannacha tráchtála stáit. Bíonn rannóg baincéireachta corparáidí ag bainc a chuireann iasachtaí ar fáil.

Dul le Gairm sa Bhaincéireacht

Téann a lán daoine óga le post sa réimse seo fostaíochta tar éis dóibh cáilíocht a bhaint amach sa ghnó, sa chuntasaíocht, san eacnamaíocht nó sa staidéar airgeadais. I gcás daoine eile téann siad le gairm sa réimse seo ar fhágáil na scoile dóibh agus is minic a bheartaíonn siad ar cháilíocht a bhaint amach iad féin níos déanaí. 

Bíonn gá le leibhéal oideachais na hArdteistiméireachta chun post a fháil mar airgeadóir bainc nó mar oibrí cléireach de shaghas eile. Bíonn bainc ag lorg daoine a bhfuil scileanna maithe cumarsáide acu, ar maith leo bheith ag obair leis an bpobal agus atá ar a suaimhneas ag láimhseáil suimeanna móra airgid. 

I ngach Banc bíonn Bainisteoir Bainc i mbun maoirseacht a dhéanamh ar chúrsaí an bhainc. Bíonn bainisteoir cúnta ann freisin chun cuidiú leis na tascanna bainistíochta. Bíonn gá le céim sa ghnó nó i réimse bainteach airgeadais chun post a fháil mar ionadaí díolacháin nó mar fheidhmeannach bainistíochta sa bhanc.   

Ríomh-thráchtáil

Is éard atá sa Ríomhthráchtáil ná an ceannach agus an díol táirgí agus seirbhísí a dhéanann gnóthaí nó tomhaltóirí ar an idirlíon. Mar shampla leabhair a dhíol ar Amazon.com nó táirgí éagsúla a dhíol ar eBay. Baineann bainc agus eagraíochtaí baincéireachta úsáid as táirgí agus seirbhísí ríomh-thráchtála chun a n-idirbhearta a chur i gcrích gan aon ghá teagmháil dhíreach a bheith acu lena gcustaiméirí. I measc na seirbhísí sin tá Uathmheaisíní Bainc (ATM), Ríomhaistriú Airgid (ETF), baincéireacht mhóibíleach, baincéireacht ar líne, Idirmhalartú Leictreonach Sonraí (EDI) agus seirbhísí teileachumarsáide. 

Gnó Claochlaitheach

Tá tomhaltóirí ag aistriú anois ón mbaincéireacht thraidisiúnta i mbrainsí chuig an mbaincéireacht ar líne, i gcás roinnt mhaith seirbhísí. Baineann formhór an phobail úsáid as fón cliste, as ríomhaire glúine nó as táibléad agus dá bharr sin tá ar bhainc an tslí ina ndéanann siad a gcuid gnó a athrú.  Mar shampla, cuireann PayPal seirbhís ar fáil mar ar féidir le gnó nó duine íocaíochtaí a sheoladh agus a fháil ar líne.

Le blianta beaga anuas tá bealaí nua tagtha ar an bhfód chun idirbhearta airgeadais a chur i gcrích, agus tá dul chun cinn mór déanta ó thaobh cúrsaí teicneolaíochta de. Tá na Gnóthaí Claochlaitheacha seo ag soláthar seirbhísí ar líne atá ag athrú na baincéireachta ó bhonn.

Baincéireacht Infheistíochta agus Cistí

Bíonn ar bhainc úsáid mhaith a bhaint as an mbrabús a dhéanann siad óna gcustaiméirí. Tá a mBainc Infheistíochta féin ag na Bainc Mhóra in Éirinn. Chomh maith leis sin, baineann siad leas as airgead a gcustaiméirí chun brabús sa bhreis a dhéanamh. Déanann siad é seo trí infheistiú in airgeadra eachtrach, i mbannaí, in urrúis agus sa stocmhargadh. Tugtar Trádálaithe Déileálaithe ar na daoine a bhíonn i mbun an réimse seo de ghnó na Baincéireachta. 

An jab ag an Déileálaí ná tráchtearra a cheannach ar phraghas amháin agus é a dhíol ar phraghas níos airde. Mar shampla, d’fhéadfaí 800,000 i ndollar SAM a cheannach ar maidin agus é a dhíol arís níos déanaí an lá céanna in airgeadra eile ag ráta níos fearr. De ghnáth oibríonn Bainisteoirí Infheistíochta do Bhainc Mhóra Infheistíochta nó do ghnóthaí meánacha nó móra. An phríomhaidhm acu ná cuidiú lena gcuideachta teacht ar an airgead is gá chun an gnó a fhás, nithe a cheannach, pleanáil don todhchaí airgeadais agus bainistiú a dhéanamh ar aon airgead ar láimh.

D’fhéadfá obair a dhéanamh do chuideachta mhór ilnáisiúnta nó do chuideachta níos lú a bhfuil féidearthachtaí maithe fáis aici. Tabharfar a lán freagrachta duit go luath sa ghairm seo agus mar sin beidh géarghá le do scileanna réitigh fadhbanna san airgeadas corparáideach. Bheifí ag súil, ar a laghad, le céim san Airgeadas nó sa Ghnó le haghaidh na bpost seo. 

Gairm eile sa Bhainistiú Infheistíochta agus Airgeadais ná gairm an Bhainisteora Cistí, abair le haghaidh Cuideachta Árachais Saoil. Déanann an Bainisteoir Cistí infheistiú agus bainistiú ar an gciste (an t-airgead) a thagann ó fhoinsí éagsúla, i gcomhar leis an bhfoireann infheistíochta airgeadais speisialtóireachta, agus déantar é sin ar son an té a chuir an t-airgead ar fáil le hinfheistiú. Bíonn ar dhuine a bheadh ag obair mar bhainisteoir cistí i.e. pinsin fhrithpháirteacha, cistí iontaobhais, nó cistí fálaithe taithí oideachais agus ghairmiúil den chéad scoth a bheith acu. 


Tá tuairim is 12,500 duine fostaithe i dtionscal na gcistí in Éirinn dar le Comhlachas Thionscal Cistí na hÉireann (IFIA) agus tá láithreacht in Éirinn ag beagnach gach soláthraí mór cistí ar domhan. 

Dul le Gairm sa Bhaincéireacht Infheistíochta agus Cistí

I gcás fhormhór na ndaoine a théann le gairm sa réimse seo bíonn siad tar éis céim a dhéanamh sa Staidéar Gnó nó sa chuntasaíocht. Tá raon mór seirbhísí agus táirgí ar fáil i dtionscal na gcistí agus dá bhrí sin bíonn na róil agus na freagrachtaí iléagsúil agus leathan, agus tá sé sin le sonrú ar na CVanna éagsúla a bhíonn ag daoine sa tionscal seo. 

Is féidir le gairmeacha i dtionscal na gCistí a bheith bainteach go díreach le seirbhísí a sholáthar do chistí infheistíochta (e.g. seirbhísí do pháirtithe leasmhara, luacháil cistí, cumhdach, cuntasaíocht cistí, bainistiú ar an gcaidreamh le cliaint, géilliúlacht do cheanglais dlí, cánachas, bainistiú riosca). Tá a lán gairmeacha tacaíochta gnó eile sa tionscal mar shampla teicneolaíocht faisnéise, acmhainní daonna, margaíocht, forbairt gnó agus cuntasaíocht  bhainistíochta.

ÁRACHAS

Samhlaigh mura mbeadh aon árachas ann! Ní fhéadfaí tabhairt faoi loingseoireacht ná faoi thaisteal, ní bheadh aon tógáil ann, ná aon mhonarchana ná oifigí, ní bheadh dochtúirí ann ná sainchomhairleoirí eile, nó ní fhéadfaí tiomáint timpeall na háite – agus is dócha nach mbeadh ann d’úinéireacht tithe. Gan árachas bheadh an iomarca riosca ag baint leis na nithe seo. Gan riosca a ghlacadh ní bheadh aon ghnó ná aon nuálaíocht ann.

Is é ról earnáil an árachais cosaint airgeadais a sholáthar d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair, chun iad a chosaint ar rioscaí nó ar chúinsí nach raibh siad ag súil leo.

Cuireann cuideachtaí árachais clúdach airgeadais ar fáil i bhfoirm ‘polasaithe árachais’. Oibríonn bróicéirí árachais mar idirghabhálaithe thar ceann a gcliant chun an táirge árachais is fearr a aimsiú dóibh.

Cuireann bainc mhiondíola, dála AIB agus Banc na hÉireann, seirbhísí árachais ar fáil, i measc seirbhísí baincéireachta eile. Tá cuideachta idirnáisiúnta Zurich a bhfuil láithreacht aici i mBaile Átha Cliath agus Loch Garman, agus fostaíonn sí 1,000 duine in Éirinn.

Dul le Gairm san Árachas

Tá a lán ról éagsúil i gceist leis na poist in earnáil an árachais. Earcaíonn roinnt mhaith de na cuideachtaí árachais daoine atá díreach tar éis an scoil a fhágáil agus cuireann siad oiliúint orthu sa chuideachta. Tá cáilíochtaí speisialtóireachta éagsúla ar féidir iad a bhaint amach ón Insurance Institute of Ireland (III) agus ar an gcaoi sin tugtar tacaíocht do dhaoine san earnáil seo ag gach céim den ghairmréim. Cosúil le hearnáil na baincéireachta, tá níos mó éilimh anois ar iarrthóirí a bhfuil cáilíochtaí acu i margadh an Árachais.

Bítear ag súil go mbeidh cáilíocht chuí ag daoine atá ag obair i margadh an Árachais mar go bhfuil Banc Ceannais na hÉireann tar éis caighdeáin agus rialacháin sa bhreis a leagan síos a gcaithfear cloí leo, ó thaobh comhairle a sholáthar do chustaiméirí laistigh den mhargadh árachais in Éirinn i gcoitinne. Tá raon leathan deiseanna ar fáil do chéimithe cumasacha ardchaighdeáin sa réimse seo – idir speisialtóirí sa mhatamaitic agus bhainistíocht ghinearálta gnó, róil forbartha gnó is róil atá dírithe ar an gcustaiméir nó róil sa bhainistíocht airgeadais.  In earnáil an árachais bítear ag obair le díolachán, le préimheanna a ríomh agus a phróiseáil agus le héilimh a mheasúnú.

Is é sprioc an ghnó seo cuidiú le daoine agus le gnóthaí bainistiú a dhéanamh ar riosca chun iad féin a chosaint ar chaillteanais ollmhóra agus chun fadhbanna riosca a réamh-mheas.

Dar leis an Irish Insurance Federation (IIF) tá breis is 14,300 duine fostaithe sa réimse seo in Éirinn agus oibríonn breis is leath san árachas saoil. I ndíolacháin árachais sa lá atá inniu ann bítear ag cuidiú le cliaint a riachtanais árachais a thuiscint, a roghanna a mhíniú dóibh agus cuidiú leo na polasaithe árachais is oiriúnaí a cheannach. Seo a leanas roinnt gairmeacha i dtionscal an Árachais:

  • Achtúirí – cuireann siad bunchlocha matamaiticiúla agus anailíseacha ar fáil ar féidir cinntí airgeadais a bhunú orthu
  • Bróicéirí árachais – is idirghabhálaithe iad idir cuideachtaí árachais agus ceannaitheoirí árachais, cuireann siad comhairle ar dhaoine a bhfuil suim acu polasaithe árachais a fháil maidir leis an táirge is oiriúnaí dóibh, cuidíonn siad leo bainistiú a dhéanamh ar rioscaí féideartha agus iad a mhaolú agus socraíonn siad an clúdach árachais don chliant. 
  • Ionadaithe díolachán – díolann siad polasaithe árachais le cliaint.
  • Láimhseálaithe éileamh árachais – tá siad freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar tharluithe agus as éilimh a íoc amach
  • Cuideachtaí athárachais – cuireann na cuideachtaí seo árachas ar fáil d’earnáil an árachais, agus ar an gcaoi sin is féidir le cuideachtaí móra agus beaga maolú a dhéanamh ar a riosca féin
  • Suirbhéirí riosca – cuireann siad frithgheallaithe ar fáil  - a dhéanann measúnú ar rioscaí, agus socraíonn téarmaí agus praghsanna na bpolasaithe árachais – le heolas maidir leis na leibhéil riosca a bhaineann le gach cliant, agus na bealaí ina bhféadfaí na rioscaí sin a mhaolú. I measc na ról bíonn suirbhéirí, suirbhéirí rialaithe riosca, anailísithe riosca nó comhairleoirí riosca, agus is speisialtóirí roinnt mhaith díobhsan i réimsí cosúil le dóiteán, sláinte agus sábháilteacht, goid nó dliteanas poiblí.
  • Coigeartóirí caillteanais – is saineolaithe neamhspleácha éileamh iad a chuidíonn le cuideachtaí árachais agus le sealbhóirí polasaí réiteach a fháil ar éilimh chasta nó éilimh a chonspóidtear agus cuidíonn siad le daoine agus le gnóthaí iad féin a chur ag feidhmiú mar a bhíodh arís chomh luath agus is féidir
  • Frithgheallaithe árachais – déanann siad measúnú ar rioscaí agus déanann siad cinneadh cibé acu glacadh le hiarratais ar chlúdach árachais nó gan glacadh leo – agus cad iad na téarmaí.  Bheadh gá le céim sa ghnó, chomh maith le scrúdú gairmiúil árachais a bhaint amach, chun post a fháil mar fhrithgheallaí árachais.

Ceanglais Íosta Inniúlachta

Leag an Rialtóir Airgeadais amach na Ceanglais Íosta Inniúlachta (2006), agus an Cód maidir le hInniúlacht Íosta (Meán Fómhair 2011) chun a chinntiú go mbeadh sé de chumas acusan a bhíonn i mbun seirbhísí árachais agus airgeadais freastal ar an gcustaiméir.   An bunphrionsabal ná go bhfuil custaiméirí i dteideal leibhéal íosta gairmiúlachta, oideachais agus saineolais a éileamh óna seirbhís airgeadais nó óna gcomhairleoirí árachais agus go gcuideoidh na ceanglais íosta seo le baint amach na sprice sin. Tá daoine aonair faoi réir na gceanglas seo freisin, má tá siad ag feidhmiú le haghaidh gnólacht rialáilte nó thar ceann an ghnólachta sin agus:

  • Comhairle a sholáthar do chustaiméirí maidir le táirgí airgeadais miondíola (lena n-áirítear árachas leighis ginearálta agus príobháideach);
  • Socrú a dhéanamh, nó tairiscint socrú a dhéanamh, táirgí airgeadais miondíola a fháil do chustaiméirí; nó
  • Tabhairt faoi ghníomhaíochtaí sonracha áirithe.

Ní féidir Ceanglais Íosta Inniúlachta a chomhlíonadh ach amháin má tá cáilíocht aitheanta bainte amach agat ó chomhlacht gairmiúil oideachais seachtrach. Tá sé de fhreagracht ar an ngnólacht rialáilte measúnú a dhéanamh ar cad é an rud is oiriúnaí d’fhostaithe indibhidiúla nó cad iad na prionsabail ag an ngnólacht agus monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gCeanglas sin. Seo a leans roinnt de na cáilíochtaí aitheanta:

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe