Baile     

Cuntasaíocht & Cánachas

Cuntasaíocht & Cánachas

Bíonn cuntasóirí ag obair i ngach cineál eagraíochta, bíodh sin ina ghnó nuabhunaithe, nó i gceann de na bainc sheanbhunaithe. Is cuma cibé eagraíocht, bíonn gá le saineolaithe airgeadais chun comhairle a sholáthar faoin ngnó.

CUNTASAÍOCHT

Is é jab an Chuntasóra cuidiú le gnóthaí a spriocanna a bhaint amach trí eolas a chur ar fáil dóibh faoi chúrsaí airgeadais, faoi fheidhmíocht agus faoi dhul chun cinn an ghnó. Cinntíonn an cuntasóir freisin go bhfuil an duine nó an gnó ag comhlíonadh a ndualgas i réimsí cosúil le Cánachas, Tuairisceáin na Cuideachta agus Oibleagáidí Conartha etc. Déanfaidh an cuntasóir measúnú ar ioncam agus ar chaiteachais an chliaint, ag féachaint ar fheidhmiú airgeadais na cuideachta ionas go mbeidh siad in ann comhairle a sholáthar dá réir.

Ní i dtimpeallacht ghnó amháin a bhíonn cuntasóirí ag obair. Oibríonn siad in eagraíochtaí eile freisin cosúil le carthanachtaí agus comhlachtaí rialtais. Ciallaíonn sin go bhfuil an iliomad deiseanna ar fáil do dhuine a cháileodh mar chúntasóir. Mar shampla, más fearr leat obair d’eagraíocht charthanachta seachas san earnáil chorparáideach, d’fhéadfá do scileanna a úsáid chun comhairle thábhachtach a sholáthar lena chinntiú go mbainfeadh an charthanacht an leas is fearr agus is féidir as a cuid airgid agus go gcoinneodh an charthanacht sin a stádas carthanachta trí na doiciméid chuí a bheith ullmhaithe in am trátha.

Sa mhéid go bhfuil deiseanna leis an gcuntasaíocht obair i raon leathan earnálacha, agus gur poist shlána iad, tá an chuntasaíocht tarraingteach mar ghairm. Meastar go bhfuil breis is 2.5 milliún cuntasóir ann ar fud an domhain. In Éirinn, bíonn rath ar na deiseanna fostaíochta do chuntasaóirí sna hearnálacha uile, agus faoi láthair níl dóthain cuntasóirí cáilithe ann.

Bíonn tóir níos mó is mó anois ar chuntasóirí a bhfuil teanga eile acu, go háirithe sa Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta. 

Dul le Gairm sa Chuntasaíocht agus san Airgeadas – Fís-chur i Láthair (Accounting Technicians Ireland)

 Accounting Technicians Ireland

Bíonn an Chuntasaíocht agus an Bainistiú Airgeadais ag croílár na gníomhaíochta bainistithe airgeadais. Féadfaidh forluí a bheith ann idir na gairmeacha éagsúla, ach d’fhéadfaí an ghairm a roinnt, go ginearálta, mar seo: gnóthaí a chuireann comhairle ar fáil agus seirbhísí cuntasaíochta do raon cliant san earnáil phoiblí (go traidisiúnta thugtaí an cleachtas príobháideach air seo) agus iadsan a d’oibrigh in eagraíocht amháin – tionscal nó tráchtáil, an earnáil phoiblí, tionscail phríobháidithe agus sa tseirbhís sláinte.

Teicneoir Cuntasaíochta

Bíonn daoine sa ról seo ag obair ina n-aonar nó in éineacht le cuntasóirí gairmiúla eile. Bíonn siad i mbun obair phraiticiúil laethúil na cuntasaíochta agus comhlíonann siad raon leathan ról mar shampla cuntasaíocht airgeadais agus buiséadú, costáil agus rialú creidmheasa, riar an phárolla agus tuairisceáin chánach.

Cuntasóir Bainistíochta

Is é jab an Chuntasóra Bainistíochta ná súil a choimeád ar ioncam agus ar shócmhainní an ghnó a bhfuil siad ag obair dó. Bíonn aird ar leith acu ar ioncam agus caiteachais an ghnó. Ceann de na gnáth-thascanna a bhíonn ar an gCuntasóir Bainistíochta a dhéanamh ná córais faisnéise ríomhaire a fhorbairt agus a úsáid chun súil a choimeád ar conas atá ag éirí leis an gcuideachta ó thaobh airgeadais de.

Cuntasóir Airgeadais

Bíonn an Cuntasóir Airgeadais ag plé leis na cuntais sin a mbíonn ar gach gnó iad a choinneáil, de réir dlí, is cuma cé chomh mór nó beag an gnó sin. Féadfaidh an cuntasóir a bheith féinfhostaithe nó bheith ag obair do Ghnólacht Cuntasaíochta chun na tascanna airgeadais a chomhlíonadh. Go príomha, bíonn cuntasóirí airgeadais i mbun chuntais na Cuideachta agus CBL, ÁSPC agus ÍMAT a ríomh le haghaidh na bhfostaithe. Chomh maith leis sin, ullmhaíonn siad Ráitis Airgeadais agus Cuntais na Cuideachta le cur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Cuntasóir Cairte

Cuireann Cuntasóir Cairte seirbhísí gairmiúla airgeadais ar fáil do ghnóthaí. I measc na seirbhísí iomadúla a chuireann Cuntasóirí Cairte ar fáil tá iniúchóireacht, cánachas, anailís airgeadais, bainistiú riosca agus comhairle maidir le struchtúir airgeadais. Cliceáil anseo chun amharc ar ‘Saineolaithe Earnála’ CAI - Chartered Accountants Ireland.

Áit a Fháil ar Chúrsa Cuntasaíochta

Cé gur féidir fós áit a fháil díreach i ndiaidh na scoile, tá a lán mac léinn anois ag roghnú dul le cuntasaíocht ag leibhéal na hiarchéime – de ghnáth déanann siad cúrsa tríú leibhéal sa Ghnó/Airgeadas agus ansin déanann siad speisialtóireacht sa Chuntasaíocht.

Is gá do pé cúrsa a roghnaíonn an mac léinn a bheith aitheanta ag foras gairmiúil cuntasaíochta: Chartered Accountants Ireland (CAI); Accounting Technicians Ireland (ATI), The Chartered Institute of Management Accountants (CIMA),  the Association of Chartered Certified Accountants (ACCA) nó The Institute of Certified Public Accountants in Ireland (CPA). Bheifeá ag obair do ghnólacht Cuntasóirí (Cuntasaíocht Airgeadais) nó do rannóg chuntasaíochta i gcuideachta (Cuntasaíocht Bhainistíochta). Fad is a leanfá ort ag obair, ghlacfá ballraíocht le ceann de na forais ghairmiúla seo agus chríochnófá na scrúduithe gairmiúla cuntasaíochta thar thréimhse ama.

Sa mhéid go mbíonn amharc ag Cuntasóirí ar chroílár an ghnó, foghlaimíonn siad conas a oibríonn an gnó sin. Ní haon ionadh é gur thosaigh a lán úinéirí gnó amach sa saol gairmiúil mar Chuntasóirí. Tá cúlra sa chuntasaíocht ag an gcuid is mó de dhaoine a n-éiríonn leo post mar Phríomhstiúrthóir Airgeadais a bhaint amach. 

Cánachas

Tharla fás suntasach in earnáil an chánachais in Éirinn le blianta beaga anuas. Bíonn speisialtóirí cánachais ag obair i bhformhór na gcuideachtaí sa tír ar chúpla cúis – tá réimeas fabhrach cánach corparáide ann in Éirinn, tá dlíthe cánachais an-chasta ann agus baineann na dlíthe sin le gach réimse gnó. Anuas air sin, cruthaíodh a lán deiseanna oibre thar lear sa réimse seo mar go bhfuil tábhacht ag baint leis an AE do gheilleagar na hÉireann. 


Video presentation (Irish Tax Institute)

Cé go bhfuil sé ar an réimse is lú i gcúrsaí airgeadais, tá an cánachas ina bhunchloch ag gach gnó agus ina bhonn le gach cinneadh tráchtála agus dá bhrí sin bíonn an-tóir ar chomhairleoirí cánachais den chéad scoth, go háirithe iadsan a bhfuil scileanna comhairleacha sármhaithe acu. Tá an diminsean idirnáisiúnta i ngach réimse gnó in Éirinn ag éirí níos tábhachtaí i gcónaí agus ciallaíonn sé sin go mbíonn tóir níos mó is níos mó ar dhaoine a bhfuil saineolas acu ar chúrsaí cánachais a bhaineann le tíortha eile. 

Bíonn disciplín an chánachais ag síorathrú – ceann de na dúshláin is mó a mbíonn ar an sainchomhairleoir cánachais aghaidh a thabhairt air ná fanacht ar an eolas faoi na forbairtí sa tír seo agus thar lear agus na forbairtí sin a chur i bhfeidhm chun deiseanna a chruthú dá gcliaint nó do na heagraíochtaí a bhfuil siad ag obair dóibh. Sa mhéid go bhfeidhmíonn réimeas cánach na hÉireann ar bhonn féinmheasúnaithe tá gá le comhairle ardchaighdeáin faoi chúrsaí cánachais.

Comhairleoir Cánachais

Tá comhairleoireacht cánach ar cheann de na gairmeacha is mó fás in Éirinn i láthair na huaire agus ar cheann de na gairmeacha leis an luach saothair is fearr. Seo a leanas roinnt de na heagraíochtaí a fhostaíonn comhairleoirí cánach:

  • Gnólachtaí móra cánachais/cuntasaíochta
  • Institiúidí móra airgeadais
  • Gach mórghnólacht dlí
  • Na cuideachtaí is mó (cuideachtaí luaite)  
  • Corparáidí móra ilnáisiúnta atá lonnaithe in Éirinn  
  • A lán de na ranna rialtais

Is féidir le comhairleoirí cánach post a fháil freisin le gnólachtaí cánach nó a ngnólachtaí beaga féin a bhunú. Tá cúrsaí cánachais éagsúla ann. Is féidir cúrsa bliana teicneora a dhéanamh nó cúrsaí trí bliana chun cáilíocht ghairmiúil a bhaint amach. Is féidir an phríomhcháilíocht – an ATI - a bhaint amach trí phas a fháil sna scrúduithe a reáchtálann an Irish Tax Institute. Is féidir staidéar do na scrúduithe sin ar bhonn lánaimseartha, ar chúrsaí oíche, nó trí chian-staidéar ón mbaile a dhéanamh. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi ghairm sa Chánachas féach ár Saineolaí Earnála san Irish Tax Institute thuas.

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe