Baile     

Meáin & Foilsitheoireacht

Bíonn an-tóir i gcónaí ar nuacht, ar fhaisnéis agus ar shiamsaíocht, agus dá bhrí sin tá ról an-tábhachtach ag lucht na meán inár saol. Cuimsítear san earnáil seo réimsí na scannánaíochta agus na craoltóireachta ar an teilifís agus ar an raidió, iriseoireacht, na meáin chlóite, na meáin nua, agus foilsiú ceoil i measc réimsí eile.

Déanann Údarás Craolacháin na hÉireann agus Údarás Caighdeáin Fógraíochta na hÉireann (ASAI) rialáil ar an earnáil seo.  Obair thar a bheith iomaíoch is ea an obair sna meáin agus tá an-éileamh uirthi. Ní gá i gcónaí céim a bheith agat chun obair sa réimse seo, ach ba bhuntáiste é cáilíocht a bheith agat.

Níl an obair seo éasca – is minic a bheifeá ag obair mar shaor-iriseoir nó ar bhonn gearrthéarmach, le spriocdhátaí de shíor socraithe duit agus uaireanta oibre neamhchoitianta. É sin ráite, is gairm ilchineálach spreagúil í.

SCANNÁNAÍOCHT AGUS CRAOLTÓIREACHT TEILIFÍSE

Earnáil leathan, ilchineálach is ea earnáil na Scannánaíochta agus na Teilifíse in Éirinn. Cuimsítear ann léiriúchán, craoltóireacht, agus dáileadh scannán, beochan, clár teilifíse, scannán faisnéise, nuachta, cúrsaí reatha, míreanna siamsaíochta, clár leanaí agus fógraíochta. Tá an liosta gairmeacha chomh leathan agus chomh hilchineálach céanna:

Scannánaíocht

Seo an próiseas mar a ndéantar scannán, ón scéal nó an coincheap bunaidh go dtí céim an choimisiúnaithe agus scríbhneoireachta scripte, go dtí céim na scannánaíochta, na heagarthóireachta agus ar deireadh thiar céim dháileadh an scannáin ar an lucht féachana. De ghnáth bíonn a lán daoine páirteach sa phróiseas seo, agus iad fostaithe i ngairmeacha ilchineálacha.

Is féidir leis an bpróiseas seo bheith chomh gearr le cúpla mí nó chomh fada le cúpla bliain. [cliceáil anseo chun léargas a fháil ar an bpróiseas téigh chuig (www.skillset.org)] Cé go bhfuil tionscal na scannánaíochta an-ard ó thaobh a phróifíle de, tá sé an-bheag mar thionscal agus dá bhrí sin tá sé an-deacair post a fháil ann.

Ar dtús báire, bheadh ort breathnú ar na róil éagsúla atá ar fáil, ansin bheadh ort gach iarracht a dhéanamh dul leis an ngairm sin. Féach i measc na ngairmeacha Samplacha [ar chlé] le haghaidh sonraí na ról éagsúil. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi scannánaíocht in Éirinn ó Bhord Scannán na hÉireann.

Beochan

Is é an beochan an réalta i dtionscal na teilifíse agus na Scannánaíochta in Éirinn sa lá atá inniu ann. Tá an-rath ar an earnáil faoi láthair, le conarthaí móra á bhfáil le líonraí móra idirnáisiúnta agus le cuideachtaí léiriúcháin agus tá sé seo ina chúis imní do na lárionaid thraidisiúnta i dtionscal na gcartún.

Tar éis cáilíocht a bhaint amach ón Irish School of Animation (ISA) nó ó Choláiste Bhaile Formaid agus IADT i nDún Laoghaire, bíonn poist á bhfáil go minic ag beochantóirí cumasacha óga le stiúideonna Éireannacha dála Brown BagJam Media agus Boulder. Is cúis imní é do thionscal na mbeochan i dtíortha eile, an Bhreatain mar shampla (cuideachtaí dála Aardman Studios (Wallace & Gromit) agus Ragdoll Productions (Teletubbies)) go bhfuil ag éirí chomh maith sin leis na cuideachtaí Éireannacha.

Ní hé amháin go bhfuil clú agus cáil ar Éirinn mar mhol lárnach do dhearadh bogearraí, cluichí agus beochan, ach d’éirigh le healaíontóir éifeachtaí físeacha Éireannach Oscar a bhaint amach in 2010 dá obair ar an scannán Avatar, agus tugadh aitheantas don stiúideo beochan Cartoon Saloon, atá lonnaithe i gCill Chainnigh, dá obair ar The Secret of Kells.

Dul le Gairm sa Bheochan

Tá an líon bealaí isteach sa ghairm beochan agus tá cúrsaí ar fáil anois in IT Luimnigh agus IT Leitir Cheanainn, chomh maith le IADT Dhún Laoghaire agus ISA, Coláiste Bhaile Formaid. Breathnaigh ar na cúrsaí beochan ó Leibhéal 5-8 sa roghchlár de chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta agus CAO [ar dheis].

Craoltóireacht Teilifíse  

Is í an teilifís meán na linne seo fós, cé go bhfuil an t-idirlíon ag teacht isteach ar a sála. Sroicheann sí na milliún duine go gasta agus is féidir leo amharc ar an teilifís go breá compordach sa bhaile.

Is í an teilifís a chuireann formhór na siamsaíochta ar fáil don duine, agus formhór an eolais faoin domhan chomh maith, agus d’fhéadfaí a mhaoímh go gcuireann an teilifís formhór na dtuairimí ag daoine ar fáil dóibh freisin. Le teilifíse dhigiteach anois ar an bhfód sa tionscal, beidh níos mó is níos mó deiseanna ar fáil do chraoltóirí.

Bíonn deiseanna ann do láithreoirí teilifíse maille leis an iliomad ról teicniúil eile. Is féidir teacht ar bhreis eolais faoi na gairmeacha éagsúla teilifíse atá ann sa liosta ar thaobh na láimhe clé den leathanach (ó Threoracha Gairme FÁS) Is é RTÉ an soláthraí seirbhíse craoltóireachta poiblí in Éirinn agus is é an fostóir is mó é san earnáil, le tuairim is 2,000 duine fostaithe ar champas RTÉ.

Déantar folúntais do phoist le RTÉ, TG4 agus TV3 a fhógairt ar a suíomhanna gréasáin agus sa phreas náisiúnta. Is minic ganntanas cainteoirí Gaeilge ann do phoist mar láithreoirí agus don fhoireann tacaíochta in TG4 agus sna cuideachtaí scannánaíochta bainteacha.

RAIDIÓ



Cosúil le gach meán cruthaitheach sa lá atá inniu ann, tá athruithe móra i ndán don raidió freisin mar thoradh ar theicneolaíocht dhigiteach. Tá gá ag an tionscal raidió le daoine cruthaitheacha cumasacha chun freagairt do na dúshláin agus chun tabhairt faoi róil shuimiúla, ilchineálacha.

Seo a leanas roinnt de na réimsí gairme atá ag teacht chun cinn faoi láthair a bhaineann le raidió: meáin dhigiteacha agus shóisialta, scríbhneoireacht agus léiriúchán, craoltóireacht ar aer, agus díolacháin agus margaíocht. Tá roinnt bealaí ann chun dul le gairm sa Raidió. D’fhéadfaí Céim sa Chumarsáid agus sa Léiriúchán Meáin a dhéanamh.

Tosaíonn daoine eile ag leibhéal na hiontrála gan cháilíocht agus de réir a chéile tugtar ardú céime dóibh. Tosaíonn daoine eile amach ag obair go deonach san earnáil. Is féidir láithreoirí a earcú mar go bhfuil eolas speisialtóireachta acu ar réimse ar leith e.g. spórt nó polaitíocht ó chúlra sa tionscal nó ó réimse sna meáin. 

FOILSITHEOIREACHT

Tá borradh faoi earnáil na foilsitheoireachta in Éirinn agus bíonn na daoine seo ag obair ann: Iriseoirí, Eagarthóirí, Dearthóirí Grafacha, Foilsitheoirí Deisce, Taighdeoirí etc. Oibríonn na daoine sin i réimsí cosúil le:

  • Nuachtáin agus irisí  - taighde, scríbhneoireacht, eagarthóireacht agus scéalta nua agus gnéchláir ar raon leathan de thopaicí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta
  • Leabhair – leabhair fhicsin agus neamhfhicscin a tháirgeadh ar raon leathan ábhar
  • Grianghrafadóireacht – íomhánna a chruthú chun scéal a insint
  • Priontaí – táirgí i gcóip chrua a dhéanamh, mar shampla leabhair, nuachtáin, irisí, cártaí, bróisiúir agus stáiseanóireacht oifige

Nuachtáin

Díoltar breis is 5.2 milliún nuachtán in Éirinn gach seachtain, agus dáiltear 1.5 milliún eile saor in aisce. Tá isteach is amach le 4,000 duine fostaithe sa tionscal seo, agus ina measc tá 2,000 ball foirne eagarthóireachta. Bíonn a lán saor-iriseoirí páirteach sa tionscal freisin agus tá a lán daoine eile a bhíonn ag obair i réimsí bainteacha sa tionscal.

Cibé scéal é, tá meath tagtha ar an líon nuachtán i gcúrsaíocht, laghdú de 15% le bliain anuas, agus meastar go mbaineann sé sin leis an gcúlú eacnamaíocht agus le forbairtí sna meáin dhigiteacha. Tá infhaighteacht nuachta ar líne agus ar ghléasanna móibíleacha anois in dhúshlán don nuachtán traidisiúnta.

Tá láithreacht ar líne ag roinnt nuachtán anois, chomh maith leis an leagan clóite acu, agus tá roinnt díobh tar éis aip a chruthú don fhón cliste agus do thaibléid.   

Cé nach bhfuil mórán nuachtán nua ag teacht ar an bhfód, beidh deiseanna nua ann de réir mar a bheidh gá le scileanna digiteacha. Beidh lucht léitheoireachta ann i gcónaí don nuacht, agus beidh ar nuachtáin athrú agus iad féin a chur in oiriúint don domhan digiteach.

Irisí



I measc na ngairmeacha san earnáil seo tá: Foilsitheoirí; Eagarthóirí; Iriseoirí; Dearthóirí; Bainisteoirí Fógraíochta; Bainisteoirí Creidmheasa agus róil bhainteacha riaracháin. Tá breis is 1,250 duine fostaithe go díreach i dtionscal na n-irisí in Éirinn, agus tá 4,500 post eile ann, mar shampla saor-iriseoirí, grianghrafadóirí, a bhíonn ag brath ar an earnáil.

Gach bliain, ceannaítear 50 milliún iris in Éirinn, agus tá 10 milliún díobhsan ina n-irisí Éireannacha. Bíonn an earnáil ag brath go mór ar ioncam ó fhógraíocht. Cosúil le gach meán, bhí tionchar ollmhór ag an gcúlú eacnamaíochta air, agus ag an teicneolaíocht dhigiteach. Deirtear go bhfuil todhchaí ag tionscal na n-irisí, ach ní ar pháipéar!

Is gá don tionscal athrú agus fáiltiú roimh na meán digiteach. Cuireann sé sin deiseanna ar fáil dóibhsean leis na cáilíochtaí agus na scileanna cuí.

Foilsitheoireacht Leabhar

Tá tuairim is 140 cuideachta foilsitheoireachta leabhar in Éirinn, ach níl ach líon beag d’fhoireann bhuna ag a bhformhór. Chun leabhar a fhoilsiú, is gá foilsitheoir a aimsiú a dtaitneoidh d’ábhar leo.
Ansin dhéanfadh ‘Eagarthóir Sraithe’ an t-ábhar a mheas agus thabharfadh é don ‘Eagarthóir Coimisiúnúcháin’ chun a fháil amach an mbeadh sé inmharthana go tráchtála nó nach mbeadh. Má éiríonn go breá le chuile rud, d’fhéadfá conradh foilsitheoireachta a fháil tar éis cúpla mí. Ag an staid sin bheadh gá an leabhar a scríobh! 

Chomh luath agus a bheadh an leabhar scríofa, de ghnáth is í an chuideachta foilsitheoireachta a dhéanfaidh an clóchur, an dearadh agus an chlódóireacht, agus bíonn roinnt mhaith den obair sin á dhéanamh ag dreamanna eile ar son na cuideachta foilsitheoireachta.

Le déanaí, tá deiseanna tagtha chun cinn do scríbhneoirí a leabhar a phriontáil agus a fhoilsiú go díreach ag úsáid seirbhísí ar líne, e.g. www.lulu.com Cé go bhfuil na poist san earnáil seo an-suimiúil, ní miste a chur san áireamh go bhfuil an earnáil an-iomaíoch mar nach bhfuil ach líon beag post ar fáil. Bheadh taithí oibre an-úsáideach mar go léireodh sé go bhfuil an-suim agat sa phost.

Na daoine a n-éiríonn leo post a fháil ina earnáil na foilsitheoireachta – ní hé amháin gurb iadsan na daoine is cruthaithí agus is cumasaí – ach go minic is iadsan na daoine is díograisí. Beidh ort a bheith foighneach, feidhleach, tiomanta más theastaíonn uait bheith i do réalta nó i do léiritheoir cáiliúil.  

Meáin Nua

Bíonn meáin nua in úsáid againn gach lá dár saol anois. Tugann siad an deis dúinn cumarsáid a dhéanamh le daoine eile, ár gcuid baincéireachta nó siopadóireachta a dhéanamh ar líne, agus is foinse siamsaíochta iad chomh maith. Sa mhéid gur gréasán domhanda é an t-idirlíon is féidir le daoine ó thíortha éagsúla bheith i dteagmháil lena chéile, tuairimí agus faisnéis a mhalartú agus mar sin de.

Is féidir é sin a bhaint amach trí mheán an ríomhphoist, i seomraí comhrá, le feidhmchláir teachtaireachtaí meandracha, ar shuíomhanna vicí, ar fhóraim, trí fhíseáin ar líne agus le sruthú fuaime agus le VOIP (voice-over-internet telecommunications). Ní hé amháin gur uirlis chumarsáide na meáin nua, ach is uirlis iad chun earraí agus seirbhísí a mhalartú ar bhonn tráchtála.

Bítear ag díol earraí le tomhaltóirí etc. Bíonn ról lárnach ag oibrithe meán nua i bhforbairt agus i ndearadh an ábhair. Bionn siad ag obair ar an ábhair is nuálálaí le meascán idirghníomhach agus cruthaitheach de théacs, grafaicí, grianghraif, físeáin agus fuaim. 

Foilsitheoireacht Ceoil

San earnáil seo cuireann an foilsitheoir ceoil seirbhís speisialta ar fáil don chumadóir amhrán chun cuidiú leis an gcumadóir amhrán nó saothair ceoil a chumadh agus a chur chun cinn. Is é jab an fhoilsitheora ceoil an méid airgid agus is féidir a thuilleamh don chumadóir agus dó/di féin ach an leas is fearr agus is féidir a bhaint as an amhrán/saothar ceoil chun an t-airgead sin a thuilleamh.

De ghnáth gearrtar táille ar an gcumadóir – is é sin, baintear céatadán den méid a thuilleann an t-amhrán/saothar ceoil – agus coinníonn an foilsitheoir an méid sin dó/di féin as na seirbhísí a chuir sé/sí ar fáil. Uaireanta roinntear an t-airgead 50/50, uaireanta eile 60/40, 70/30 etc., an céatadán is airde i gcónaí don chumadóir.

Bíonn idirbheartaíocht ann freisin faoi fhad an chonartha, na hamhráin atá clúdaithe faoin gconradh, agus na dlínsí ina bhfuil feidhm ag an gconradh (Ríocht Aontaithe & Éire, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an tSeapáin, An Domhan, etc.) agus cathain a dhéanfar íocaíochtaí. An ghné is spreagúla faoi shaol an Fhoilsitheora Ceoil ná go n-athraíonn cúrsaí go han-ghasta.

D’fhéadfadh stíl cheoil a bheith i bhfaisean seachtain amháin, agus ansin d’fhéadfadh athrú a theacht ar chúrsaí beagnach thar oíche. Bíonn dúshláin ag baint freisin le cúrsaí cóipchirt mar shampla úsáid ar an idirlíon etc. agus is gá a bheith ar an eolas faoi na hathruithe agus rudaí a chur in oiriúint dá réir.

DUL LE GAIRM SNA MEÁIN AGUS SAN FHOILSITHEOIREACHT

I gcás roinnt mhaith de na jabanna san earnáil seo bheithfeá i do shuí go moch ar maidin agus go déanach san oíche agus d’fhéadfá a bheith ag obair i rith na hoíche nó ag an deireadh seachtaine. Bheadh gá uaireanta fada oibre a dhéanamh chun cloí le spriocdhátaí.

Bíonn roinnt oibrithe lonnaithe in oifigí nó i siopaí clódóireachta, agus bíonn daoine eile ag taisteal go minic agus ag obair lasmuigh, is cuma cén sórt aimsire. Bíonn an chruthaitheacht ina scil riachtanach do phost san earnáil seo. Scileanna eile a bheadh úsáideach ná scileanna cumarsáide, an cumas oibriú le daoine eile mar chuid d’fhoireann, scileanna teicneolaíochta faisnéise agus féinmhuinín.

Braitheann an t-oideachas is gá do na poist seo ar an ngairm ar leith a roghnaíonn tú, ach i roinnt mhaith de chásanna bheadh gá le Céim Leibhéal 7/8. Bíonn oiliúint speisialaithe ag teastáil chun bheith i do theicneoir sa réimse seo ionas gur féidir leat an trealamh teicniúil a láimhseáil a úsáidtear sa chraoltóireacht. Má theastaíonn uait a bheith i do thuairisceoir, láithreoir nó i do chomhfhreagraí beidh gá le céim sa chumarsáid nó san iriseoireacht, cé go bhfostaíonn fostóirí daoine nach bhfuil na cáilíochtaí sin acu ó am go chéile.

Dóibhsean a dteastaíonn uathu bheith ina scríbhneoirí nó bheith ag obair i dtaighde sna meáin bheadh gá le céim sa litríocht, san iriseoireacht, sa chumarsáid nó sa Bhéarla. Bíonn suim ar leith ag fostóirí san earnáil seo i ndaoine a bhfuil saineolas nó saintaithí acu i réimse ar leith. I measc na ndeiseanna oiliúna tá an oiliúint a chuirtear ar fáil ar an láthair.

Bíonn gá le Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL) chun tú féin a choinneáil in iúl ar theicneolaíochtaí nua. Is gá do shaor-iriseoirí íoc as a gcuid oiliúna féin.   I gcás a lán de na gairmeacha seo níl aon struchtúr foirmiúil ann le haghaidh ardú céime, ach d’fhéadfadh oibrithe oilte dul chun cinn iad féin agus róil shinsearacha a chruthú nó a fháil.

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe