Baile     

Innealtóireacht & Déantúsaíocht

Déantúsaíocht

In earnáil na déantúsaíochta in Éirinn tá tuairim is 200,000 duine fostaithe i 12,790 fiontar déantúsaíochta. Is cuideachtaí beaga iad a bhformhór le níos lú ná 50 duine fostaithe iontu. Meastar go dtacaíonn gach post díreach déantúsaíochta le post amháin eile ar a laghad san gheilleagar igcoitinne.

I measc fho-earnálacha na déantúsaíochta tá Innealtóireacht, Bithchógaisíocht agus Ceimeachógaisíocht, Feistí Leighis, Bia agus Deoch agus Crua-earraí TFC.

Bíonn daoine den tuairim nach obair dheas í an déantúsaíocht agus go dtarlaíonn sí fiú i dtimpeallacht shalach. Déanta na fírinne tá athrú tagtha ar na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá chun obair dhéantúsaíochta a dhéanamh.

Seo mar go bhfuil dul chun cinn déanta i gcúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta, go bhfuil próisis uathoibrithe, go bhfuil athruithe tarlaithe sa rialáil, agus forbairtí nua sa teicneolaíocht ríomhaireachta.
Bítear de shíor ag cur feabhais ar na bealaí ina ndéantar rudaí. 

Innealtóireacht Mheicniúil

Is é atá san Innealtóireacht Mheicniúil ná dearadh, déantús agus oibriú meaisíní de gach cineál ina bhfuil comhpháirteanna a bhogann nó a bhfuil gluaiseacht i gceist leo. I measc na gcuideachtaí san earnáil seo tá cuideachtaí a dhéanann próiseáil ar mhiotal agus ar phlaisteach agus cuimsítear ann innealra talmhaíochta, beacht-innealtóireacht, déanamh uirlisí, déanamh fabraicí agus próiseáil.

D’fhéadfadh an t-innealtóir meicniúil a bheith ag obair ar aon ní, mar shampla dearadh cairr do charr rásaíochta Formula 1, nó beachtuirlisí meaisíní in ionaid mhóra giniúna leictreachais nó táirgeadh trealaimh le húsáid sna tionscail cheimiceacha, leictreonaice, agus próiseála bia. Bíonn innealtóirí meicniúla i measc na bpríomhdhaoine a fhorbraíonn nithe sa nanaiteicneolaíocht agus sa bhiteicneolaíocht.

I measc na ngairmeacha ar leibhéal na hiontrála sa réimse seo tá oibreoirí meaisín. Déanann na hoibrithe seo innealra a sheirbhísiú, a shuiteáil agus a dheisiú, mar shampla Suiteálaithe, Meicneoirí agus lucht Ceardaíochta eile.   Déantar teicneoirí innealtóireachta a fhostú chun tástáil agus feidhmiú a dhéanamh ar na meaisíní níos casta.

D’fhéadfaidís a bheith ag obair freisin le hInnealtóirí a bhfuil an fhreagracht fhoriomlán orthu as oibriú agus feidhmiú an trealaimh. I measc na ról a bheadh ag gairmithe sinsearacha bheadh freagracht as dearadh agus táirgeadh innealra nua, nó suiteáil a dhéanamh ar thionscadail mhóra chasta a thógann na blianta le cur i gcrích.

Is oideachas an-leathan a chuirtear ar fáil sna coláistí innealtóireachta meicniúla. Is bunús an-mhaith an ghairm seo do chéimithe ar mhaith leo dul i dtreo post bainistíochta amach anseo mar shampla bainisteoir innealtóireachta, bainisteoir tionscadail nó bainisteoir ginearálta.

Innealtóireacht Aerloingseoireachta

Is í an Innealtóireacht Aerloingseoireachta an cineál innealtóireachta a bhaineann le dearadh, le tógáil agus leis an eolaíocht is bun le haerárthaí agus le spásárthaí. Bíonn innealtóirí aerloingseoireachta freagrach as eitleáin, héileacaptair, diúracáin, satailítí agus spásárthaí níos nua, níos sábháilte agus níos éifeachtaí ó thaobh fuinnimh de a chruthú. 



D’fhéadfadh gairmithe sa réimse seo dul le speisialtóireacht sa Dearadh struchtúrach, Meicnic Eitilte & córais rialacháin, Aeraidiminic, Ionstraimiú & cumarsáid nó Déantúsaíocht agus cothabháil. Is féidir le hinnealtóirí aerloingseoireachta, le teicneolaithe agus le teicneoirí dul le speisialtacht i réimse ar leith nó dul le gairm i réimsí eile amhail:

  • An tionscal feithicleach
  • Ionad taiscéalaíochta spáis
  • Eitlíocht Tráchtala
  • Na fórsaí cosanta
  • Ionaid Taighde

Le haghaidh eolas sonrach téigh chuig 
“Sector Experts” anseo

Innealtóireacht Déantúsaíochta

Is trí mheán an phróisis déantúsaíochta a fhaighimid nithe amhail éadaí, gutháin phóca, ríomhairí nó gluaisteáin, dlúthdhioscaí, bia agus deoch, cosmaidí agus araile. Tá na táirgí seo, i measc táirgí eile, mar chuid den ghnáthshaol againn, a bhuíochas leis na teicnící déantúsaíochta a chinntíonn gur féidir brath orthu, go bhfuil siad inacmhainne agus go bhfuil siad ar fáil.

Tá déantúsaíocht ilúsáideach a bhuíochas leis an teicneolaíocht. Baineann ard-déantúsaíocht le forbairtí i meicnic, i leictreonaic, i ríomhairí agus in uathoibriú d’fhonn feabhas a chur ar tháirgeadh.

Le 10 mbliana anuas, tá feabhas tagtha ar chaighdeán na dtáirgí agus ar tháirgeacht toisc go n-úsáidtear córais ríomhaireachta agus bogearraí d’fhonn monatóireacht a dhéanamh ar phróisis agus iad a rialú.  Chuidigh an teicneolaíocht chumarsáide go mór le hinnealtóirí oibríochtaí a sheiceáil, fiú amháin oibríochtaí a bhí ag titim amach leathbhealach timpeall an domhain.

Is féidir córais a bhunú a dhéanfaidh sonraí a tharchur maidir leis an méid ábhar atá in úsáid, an chaoi a bhfuil meaisíní ag feidhmiú agus na fadhbanna atá ag titim amach. Ar na samplaí is fearr de seo tá na monarchana uathoibrithe, áit a ritheann róbait agus ríomhairí an mhonarcha agus áit nach bhfuil gá le mórán rannpháirtíochta ón duine daonna.

Oibríonn céimithe san Innealtóireacht Déantúsaíochta i réimsí amhail:

  • Innealtóireacht aeraspáis agus fheithicleach
  • Táirgeadh – lena n-áirítear bia agus deoch, ríomhairí, agus comhpháirteanna ríomhairí etc.
  • Seirbhísí poiblí
  • Lóistíocht
  • Comhairleoireacht bainistíochta agus deartha

Bileoga Úsáideacha faoi Ghairmeacha le fáil ó STEPS to Engineering [comhaid pdf ]

Innealtóireacht Aerloingseoireacht

Innealtóireacht Thionsclaíoch
& Déantúsaíochta

Innealtóireacht Mheicniúil

Engineering Life

Aeronautical Engineering
Industrial & Manufacturing Engineering
Mechanical Engineering
Engineering Life

Gairmeacha san Innealtóireacht - Íoslódáil 2016 Engineering Sector Overview ó gradireland.com

Dul le Gairm san Innealtóireacht

Tá cúpla bealach ann dul le hinnealtóireacht. An bealach is dírí ná Céim Onórach a dhéanamh san Innealtóireacht (Leibhéal 8) agus tá siad seo ar fáil i bhformhór na gcoláistí agus na n-ollscoileanna tríú leibhéal ar fud na tíre. Is féidir speisialú in aon cheann de na réimsí innealtóireachta a bhfuil cur síos déanta orthu, ag tús bhliain 4 ar an gcúrsa agus ansin réimse speisialtóireachta a roghnú.

De ghnáth éilítear matamaitic ardleibhéil san Ardteistiméireacht maille le hábhar eolaíochta eile chun áit a fháil ar na cúrsaí seo. Roghnaítear mic léinn le haghaidh na gcúrsaí seo bunaithe ar thorthaí na hArdteistiméireachta, trí mheán chóras phointí an CAO.

Is féidir cúrsa Ardteastais san innealtóireacht a dhéanamh in Institiúid Teicneolaíochta gan matamaitic ardleibhéil a bheith agat san Ardteistiméireacht. Is cúrsaí dhá bhliain iad seo as ar féidir leat cáilíocht a bhaint amach mar theicneoir innealtóireachta. Tá cúrsaí speisialaithe teicneoirí ar fáil i bhformhór na gcoláistí le haghaidh na ndisciplíní innealtóireachta thuasluaite.

D’fhéadfaí oibrí mar theicneoir leis an gcáilíocht seo nó dul ar aghaidh agus gnáthchéim (Leibhéal 7) nó céim onórach (Leibhéal 8) a bhaint amach.

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe