Baile     

Ealaín, Ceardaíocht & Dearadh

Ealaín, Ceardaíocht & Dearadh

Is minic a shamhlaímid dlúthcheangal a bheith idir Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh. Cé go raibh borradh faoi earnáil oidhreachta agus ceardaíochta traidisiúnta na hÉireann le fada an lá agus cáil uirthi ar fud an domhain tá an tír fanta ag tús cadhnaíochta i gcónaí agus borradh faoin bhfaisean, an ailtireacht agus an dearadh grafaice, agus cáil dhomhanda ar dhearthóirí comhaimseartha na hÉireann

Tá a fréamhacha ag an earnáil seo i ré na Luath-Chríostaíochta, agus samplaí fós againn d’iarsmaí ón tréimhse sin, dála Leabhar Ceannais, Dealg na Teamhrach agus Cailís Ardach.


Tháinig borradh athuair faoin cheardaíocht agus dearadh na hÉireann le linn Athbheochan Cheilteach agus Ghluaiseacht Ealaíon agus Ceardaíochta na hÉireann (c.1895-1925) i réimsí amhail priontáil, adhmadóireacht agus miotalóireacht.


Bhí meas i gcónaí ar stampaí Éireannacha agus ar bhoinn airgid Éireannacha mar go raibh na caighdeáin dearaidh chomh hard sin. Ar roinnt mhaith dár mboinn airgid bíonn léiriú d’ainmhithe agus de shiombailí talmhaíochta eile na tíre. Roghnaíodh na dearthaí tar éis 1922, an bhliain ar bhain an tír amach a neamhspleáchas, agus bhí an file W.B. Yeats ar an gcoiste a roghnaigh na dearthaí sin. Duine de na dearthóirí Éireannacha is cáiliúla, Eileen Gray (1878-1976) bhí sí i mbarr a gairmréime sna 1920í, mar cheannródaí i ndearadh troscáin agus ailtireachta nua-aoisí.   Sa lá atá inniu ann, tá clú agus cáil ar dhearthóirí Éireannacha as a n-éadaí, teicstílí, earraí maisíochta, ceirmeach agus troscán.

Tá ardcháil bainte amach ag dearthóirí dála Orla Kiely, John Rocha agus Philip Treacy as an méid a rinne siad ar son cúrsaí faisin ar leibhéal idirnáisiúnta.  Tá Éire ina lárionad tábhachtach do dhearadh bogearraí, cluichí agus beochan. Bhuaigh Richard Baneham, an beochantóir  agus an t-ealaíontóir maisíochta físe Oscar in 2010 don obair a rinne sé ar an scannán Avatar.  I mbliana, cuireadh Baile Átha Cliath ar ghearrliosta na trí chathair is fearr, as 56 chathair, as a roghnófaí Cathair Dhomhanda an Deartha 2014.

Tugadh Pivot Dublin ar an bpróiseas a reáchtáladh don chomórtas seo. Tá poist á gcruthú do dhaoine óga cumasacha ar fud na ngairmeacha a bhaineann le dearadh, oideachas agus taighde sna réimsí sin san áireamh. Bíonn dlúthbhaint ag earnáil na nEalaíon, Ceardaíochta agus an Dearaidh le raon leathan de réimsí gnó.

STRUCHTÚR EARNÁIL NA NEALAÍON, NA CEARDAÍOCHTA AGUS AN DEARAIDH

Is earnáil chruthaitheach í earnáil na nEalaíon, na Ceardaíochta agus an Dearaidh, le trí cinn de dhisciplíní idirspleácha, agus smaointeoireacht ar leith ag baint le gach ceann de na hearnálacha sin. Is féidir iad a idirdhealú óna chéile ar an mbealach seo:

  • San ealaín leagtar béim ar smaointe, ar mhothúcháin agus ar shaintréithe físe
  • Sa cheardaíocht leagtar béim ar úsáid cheart uirlisí agus ábhair
  • Sa dearadh leagtar béim ar phleanáil, ar fhadhbréiteach agus ar chur i gcrích, ag úsáid na líníochta chun an smaointeoireacht sin a chur in iúl

Cruthaíodh a lán post san earnáil seo in Éirinn agus fostaítear a lán daoine i raon leathan réimsí. Dar le roinnt taighde a rinneadh le déanaí thar ceann ár Saineolaí Earnála  Comhairle Cheardaíochta na hÉireann is fiú táirgeacht na bhfiontar Ceardaíochta Éireannach amháin, agus €498m gach bliain.

Sna gairmeacha sa réimse seo bíonn gá le sárchumas ealaíne, le cruthaitheacht den chéad scoth agus le han-chuid fuinnimh. De ghnáth meallann an earnáil seo daoine ar féidir leo iad féin a chur in iúl trí shaothar ealaíne a chruthú – bíodh sin ina phéintéireacht, ina fhoirgneamh nua, ina fhíseán, ina ghrianghraf, ina fhógra nó ina dhealbh. Cuimsíonn an earnáil seo raon leathan gairmeacha a áiríonn Ailtireacht, Ealaín & Dearadh, Dearadh Faisin, Dearadh Troscáin, Dearadh Grafach & Físchumarsáid, Dearadh Tionsclaíoch/Táirgí, Dearadh Intí, Dearadh Ilmheánach agus Dearadh Teicstíle.

AMHARCEALAÍONA

Baintear úsáid as an téarma amharcealaíona chun cur sios ar na saothair a n-amharcaimid orthu i.e. líníochtaí, péintéireachtaí, ailtireacht, grianghraif, priontaí, scannáin – ag cruthú saothair dhéthoiseacha nó thríthoiseacha. Tá na hamharcealaíona ina fho-earnáil de na Mínealaíonas, a áiríonn Damhsa, Ceol agus Amharclann [Féach Earnáil na Siamsaíochta agus na dTaibhealaíon le haghaidh cur síos sonrach ar Dhamhsa, Ceol agus Amharclann].

Ailtireacht

Déanann ailtirí foirgnimh agus struchtúir a dhearadh. Bíonn baint ag ailtirí le dearadh táirgí iomadúla éagsúla eile chomh maith, bíodh sin ina theach cónaithe, ina staidiam spóirt cosúil leis an Aviva, nó ina phleanáil mhórscála baile. Chun cáiliú le bheith i do ailtire tógann sé 7-9 mbliana. Ar dtús báire is gá céim a bhaint amach i scoil aitheanta ailtireachta. Ansin is gá dhá bhliain de thaithí phraiticiúil a fháil agus ansin pas a fháil i scrúdú sa Chleachtas Gairmiúil. Is í Institiúid Ríoga na nAiltirí in Éirinn (RIAI) an eagraíocht chlárúcháin don Ghairm seo. Tá treoir ag an Aontas Eorpach maidir le cáilíochtaí ailtireachta agus tá aon chúrsa a aithnítear faoin treoir sin aitheanta ag an RIAI chomh maith. Ar liosta an RIAI áirítear freisin UCD, DIT, WIT, UL, UCC, CIT, QUB agus UU.

Grianghrafadóireacht



Bíonn grianghrafadóirí ag obair i réimsí éagsúla speisialtóireachta. Bíonn roinnt ag tógáil pictiúr i réimsí na hiriseoireachta agus na meán clóite, agus tógann grianghrafadóirí eile pictiúir d’fhoilseacháin leighis agus eolaíochta. Roghnaíonn grianghrafadóirí áirithe a stiúideo beag féin a rith, ach bíonn a bhformhór féinfhostaithe agus ag obair ina saorghrianghrafadóirí. Bíonn éileamh orthusan ag imeachtaí speisialta amhail bainiseacha, baistí agus chun portráidí teaghlaigh a thógáil.

Tá a lán cúrsaí grianghrafadóireachta ann ar leibhéil éagsúla, idir theastais, dhioplómaí agus chéimeanna. Féach ar na liostaí de chúrsaí atá liostáilte sa roghchlár anuas ar Thaobh na Láimhe clé den leathanach seo. Féach ar na cúrsaí indibhidiúla agus na riachtanais iontrála. Bíonn gá fillteán de do chuid oibre a taispeáint mar cheann de na riachtanais iontrála.

Déanamh Priontaí

Is éard atá i gceist le déanamh priontaí ná íomhánna a chruthú bíodh sin ar pháipéar, nó ar ábhar de shaghas eile amhail fabraic, pár agus plaisteach, agus déantar sin trí phróisis speisialtóireachta éagsúla amhail greanadh adhmaid, lionóilghearradh, liteagrafaíocht, scáileán síoda nó eitseáil, i measc cinn eile. Níl aon riachtanais fhoirmiúla oideachais ann do dhéantóirí priontaí, agus bheadh céim Bhaitsiléara sna mínealaíona le béim ar dhéanamh priontaí ina thús maith le gairm i ndéanamh priontaí. D’fhéadfaí printíseacht a dhéanamh chun dul leis an ngairm seo agus cur leis na deiseanna a bheadh ar fáil. Déanann a lán déantóirí priontaí a ranganna féin a theagasc chun dóthain airgid a thuilleamh. D’fhéadfaidís freisin tacaíocht theicniúil nó comhairle theicniúil a chur ar fáil dá mic léinn.  Féach ar na Gairmeacha Samplacha sa roghchlár anuas ar thaobh na láimhe clé den leathanach seo i réimsí amhail Ealaíontóir, Déantóir Priontaí nó Dealbhóir. [Téigh chuig Earnáil na Meán agus na Foilsitheoireachta le haghaidh tuilleadh eolais ar scannánaíocht, beochan, teilifís agus réimsí bainteacha eile gairme]

CEARDAÍOCHT

Tá Ceardaíocht ina réimse de na hEalaíona Maisiúla, a áiríonn freisin an dearadh inti. Is éard is ceardaíocht ann ná scil nó teicníc – post a dhéanamh le haird ar leith ar shonraí.

Sa cheardaíocht bíonn dearadh agus déanamh táirge i gceist, ag úsáid scile ar leith, agus déantar é sin trí mheán ar leith, mar shampla gloine (séideadh, múnlú nó gloine dhaite), ceirmeach (potadóireacht, lámhthógáil nó táirgeadh tionsclaíoch), nó miotal (gaibhniú, déantúsaíocht nó múnlú). Is féidir le ceardaí saothair a dhearadh agus a tháirgeadh, mar shampla gréithe nó uaireadóirí, nó saothair dealbhóireachta, nó aon earra idir eatarthu. Is féidir leo úsáid a bhaint as modhanna traidisiúnta a théann siar na mílte bliain, nó úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí is déanaí amhail dearadh ríomhchuidithe (CAD). Is minic a bhunaíonn ceardaithe a stiúideonna féin, nó a n-oibríonn siad i stiúideo roinnte le daoine eile. Téigh chuig suíomh gréasáin Chomhairle Cheardaíochta na hÉireann áit a bhfuil liosta de tháirgí éagsúla a dhéanann ceardaithe.

Tá margadh maith ann do dhearadh comhaimseartha ceardaíochta agus bíonn a lán ceardaithe ag obair dóibh féin, ag dearadh agus ag déanamh a saothar féin, nó ag cruthú saothair a choimisiúinaigh cliant.

Tá breis is 800 ceardaí cláraithe le Comhairle Cheardaíochta na hÉireann a dhéanann a slí bheatha as a gceird agus bíonn 900 duine eile a thuileann ioncam breise ón earnáil seo. Is minic a bhíonn fiontair cheardaíochta Éireannacha ina bhfiontair bheaga agus, astusan tá 87% a bhfuil duine nó beirt fhostaí acu agus breis is 98% a bhfuil faoi bun naoi bhfostaí acu. Is fiú díolacháin bhliantúla na hearnála ceardaíochta agus breis is €122m.

Bíonn gá ag ceardaithe le scileanna gnó chun margaíocht a dhéanamh ar a saothair agus na saothair sin a dhíol, ag eagrú taispeántas agus bíonn gá freisin le scileanna chun bainistiú a dhéanamh ar ghnó beag. Is smaoineamh maith é taithí oibre a fháil le ceardaí seanbhunaithe tar éis cáilíocht a bhaint amach chun tuilleadh a fhoghlaim faoin taobh gnó chomh maith le do chuid scileanna a chleachtadh agus a chur chun cinn. Bíonn cúrsaí scileanna gnó á reáchtáil ag formhór na mbord fiontar áitiúil agus bíonn na cúrsaí sin ina n-eispéireas maith foghlama. Déanann a lán ceardaithe teagasc freisin, bíodh sin lánaimseartha nó páirtaimseartha, agus ritheann siad a stiúideonna féin freisin. Ceann de na gnéithe a bhaineann leis an earnáil cheardaíochta in Éirinn ná go bhfuil sé leathnaithe amach ar fud na tíre. Tá a lán ceardaithe lonnaithe i limistéir thuaithe nach bhfuil ach roinnt bheag foinsí fostaíochta eile ar fáil iontu. Tá a lán cúrsaí maithe ceardaíochta ann i gcoláistí Éireannacha ealaíne agus dearaidh. Bíonn béim éagsúil ag cúrsaí éagsúla, idir tháirgeadh feidhmiúil is ceirmeach tionsclaíoch, agus dhealbhóireacht. Téigh i dteagmhail le do chomhairleoir gairmeacha le haghaidh tuilleadh eolais nó leis an rannóg chuí sa choláiste a bhfuil sé i gceist agat staidéar ann. Cuireann Comhairle Cheardaíochta na hÉireann cúrsaí teicniúla ar fáil sa déanamh seodra agus scileanna potadóireachta. 

Téigh chuig ár roghchlár Gairmeacha Samplacha ar thaobh na láimhe dheis den leathanach seo chun féachaint ar liosta de Cheirdeanna amhail Deileadóir, Uaireolaí, Seodóir, Potaire, nó Oibrí Gloine.

Dearadh

Is éard is dearadh ann ná plean nó gormchló le haghaidh saothar físe ealaíne. Is éard atá ann freisin ná an toradh, nó an táirgeadh a éascaíonn ón dearadh. Is minic a úsáidtear an téarma ‘dearadh’ chun tagairt do chruthú foirgneamh mar a dhéantar san Ailtireacht. É sin ráite, tá a lán réimsí eile dearaidh ann, mar shampla Dearadh Tionsclaíoch, Dearadh Grafach, nó Dearadh Faisin.

Dearadh Tionsclaíoch

Is éard is dearadh tionsclaíoch, nó dearadh táirgí ann, ná dearadh táirgí tráchtála. Bíonn gá le heolaíocht agus le hinnealtóireacht chun táirgí a tháirgeadh ar mhórscála seachas earraí lámhdhéanta. Is nuálaithe iad dearthóirí táirgí. Sa mhéid go bhfuil an margadh áirithe seo chomh hiomaíoch bíonn gá táirgí a dhéanamh atá sábháilte agus buanfasach ar earraí iad atá tarraingteach agus maisiúil.

Tá deiseanna maithe fostaíochta ann do dhaoine a bhaineann amach céim nó cáilíocht sa dearadh tionsclaíoch nó dearadh táirgí ó na hInstitiúidí Teicneolaíochta. In Éirinn agus thar lear, bíonn a lán dearthóirí ag obair mar chomhairleoirí sa tionscal. A bhuíochas le teicneolaíochtaí nua is féidir anois dul san iomaíocht le gníomhaireachtaí dearaidh thar lear. An ról lárnach a bhíonn ag dearadh táirgí sa tionscal ná deiseanna maithe a chur ar fáil do dhearthóirí táirgí thar lear. 

Dearadh Grafach

Is minic a thugtar ‘físchumarsáid ar an dearadh grafach. Bíonn obair na ndearthóirí grafacha ar fud na háite mórthimpeall orainn – fógraí san páipéir nuachta agus in irisleabhair, pictiúir i gcatalóga agus i mbróisiúir, agus an dearadh ar fhormhór an phacáistithe, ar na grafaicí ar shuíomhanna gréasáin agus ar tháirgí ilmheáin, fiú amháin ar chomharthaí bóthair, ar léarscáileanna agus i dtreoirleabhair. Ar an scáileán, cruthaíonn dearthóirí grafacha suíomhanna gréasáin, déanann siad earraí le beochaintí agus ábhar idirghníomhach. Bíonn an saol tráchtála agus gnó anois ag brath ar an dearadh agus tá an-éileamh ar dhearthóirí grafacha in Éirinn. 

Meáin Nua/Dearadh Ilmheáin

Áiríonn an réimse seo dearadh agus táirgeadh suíomhanna gréasáin, DVDana, teilifís dhigiteach agus cumarsáid mhóibíleach etc. Is éard atá i gceist leis ná bheith ag obair le grianghrafadóireacht dhigiteach, réaltacht fhíorúil, teicneolaíocht sruthaithe próiseála íomhánna, dearadh grafach, samhlú agus léiriú sonraí, próiseáil thríthoiseach físe agus fuaime. Tá a lán cúrsaí éagsúla ann sa réimse seo. Is féidir leat staidéar go lánaimseartha nó bliain bhreise a dhéanamh tar éis dioplóma nó céim a chur i gcrích i réimse bainteach.

De ghnáth oibríonn dearthóirí ilmheáin mar chuid d’fhoireann nó in oifig nó i stiúideo, ag úsáid a scileanna éagsúla chun tionscadal a chruthú i gcomhar lena chéile. Tá teicneolaíochtaí nua á bhforbairt an t-am ar fad agus bíonn gá bheith ar an eolas faoi na teicneolaíochtaí sin agus coinneáil suas le luas an athraithe.

[Téigh chuig Earnáil na Meán agus na Foilsitheoireachta le haghaidh eolas bainteach ar réimsí amhail iriseoireacht nó Beochan]

Dearadh Faisin

Is éard atá sa dearadh faisin ná forbairt táirgí, gníomhaíocht tráchtála a bhaineann le cúrsaí éadaí - an dearadh, an déantúsaíocht agus an dáileadh. Formhór na ndaoine a oibríonn in earnáil an dearaidh faisin is dearthóirí beaga faisin iad. San obair seo bítear ag dearadh éadaí, ag gearradh na bpátrún agus ag cruthú baill éadaigh. Ansin díolann siad bailiúcháin atá ullamh le caitheamh tri shiopaí mórshráide. Bíonn dearthóirí faisin eile ag obair do dhéantúsóirí móra agus cruthaíonn siad éadaí atá oiriúnach do shiopaí móra ilrannacha. Beidh gá ag dearthóir gairmiúil faisin le scileanna speisialtóireachta agus le heolas domhain ar a rogha réimse gairme, chomh maith le tuiscint dhomhain ar an timpeallacht faisin. [Tá eolas níos sonraí ar chúrsaí faisin sa rannóg bhaineach Earnáil an Fhaisin agus na Scéimhe]

Dearadh Troscán

Is éard atá sa Dearadh Troscán ná troscán agus táirgí bainteacha a fhorbairt agus bíonn gnéithe cruthaitheacha agus teicniúla ag baint leis sin. D’fhéadfadh dearthóirí troscán a bheith ag obair ar shaindearthaí aonuaire, ar raonta táirgí nó ar mhíreanna dearaidh don olltáirgeadh. D’fhéadfaidís a bheith ag obair ina n-aonar, nó i bhfoirne, a bheith féinfhostaithe nó bheith ag obair do chuideachta mhór dearaidh. Tá a lán cúrsaí éagsúla dearaidh troscán ann. Beidh roinnt dírithe ar dhearadh agus ar dhéantúsaíocht, agus cinn eile a bhfuil meascán iontu idir réimsí idirnasctha amhail dearadh inti. Féach an liosta cúrsaí ar thaobh na láimhe clé den leathanach seo. Tá raon gairmeacha ann do dhaoine atá féinfhostaithe chun a bheith ag obair le cuideachtaí móra táirgeachta troscán a fhostaíonn dearthóirí troscán mar chuid den fhoireann dearaidh inti. Bíonn roinnt dearthóirí troscán ag dearadh le haghaidh scannán.

Ailtireacht Intí

Bíonn an t-ailtire inti ag cruthú na timpeallachta ina mbíonn daoine ag cónaí. De ghnáth díríonn siad ar phleanáil spáis, ar chaomhnú, ar chomharthaíocht, agus ar an ngaol idir an spás inmheánach agus an ailtireacht sheachtrach. Oibríonn ailtirí inti den chuid is mó san earnáil tráchtála i gcomhar le hailtirí eile. Chun go n-aithneofaí tú mar ailtire inti in Éirinn bíonn gá le híoscháilíocht de Dhioplóma san Ailtireacht Intí (Leibhéal 7), cé gur fearr le formhór na ngnólachtaí gairmiúla mic léinn a bhfuil céim acu a fhostú. Féach ar an bhfíseán anseo maidir le hAiltireacht Intí. 

Dearadh Intí

Is éard atá sa dearadh inti ná réitigh chruthaitheacha, theicniúla agus phraiticiúla a chur ar fáil don spás inti. Tá níos mó i gceist ná an troscán féin, bítear ag plé leis an atmaisféar agus leis an dath, le hábhair, le sonraíochtaí agus le costáil. Déanann an dearthóir coincheapú ar an spás, baineann úsáid as líníochtaí teicniúla agus baineann úsáid as dearadh ríomhchuidithe. Bíonn an dearthóir inti ag lorg réiteach ar chúrsa rochtana, ar shonraíochtaí, ar fhuaimíocht, ar eirgeanamaíocht, ar theas, ar shoilsiú, ar leagan amach inmheánach agus ar oiriúnacht an spáis.   D’fhéadfadh dearthóirí inti bheith ag obair ar thionscadail chónaitheacha, nó in áiteanna eile mar shampla oifigí, tithe ósta agus siopaí. Is minic a roghnaíonn siad tabhairt faoi bheith ag obair mar shaordearthóirí nó bheith ag obair do ghnólacht dearaidh nó ailtireachta. Is bealach iontach é seo foghlaim ó dhearthóirí níos sinsearaí mar chuid d’fhoireann.

Ní gá go mbeifeá tar éis staidéar a dhéanamh ar ealaín nó ar dhearadh chun a bheith i do dhearthóir inti. Tá cúrsaí ar Leibhéal 7 & 8 ar fáil san Ailtireacht Intí agus sa Dearadh Intí CIT, DIT, IT Sligeach agus LIT.

Dearadh Teicstílí

Bíonn béim mhór i gcúrsaí sa dearadh teicstílí ar líníocht. Baintear úsáid as dearadh ríomhchuidithe sa dearadh comhaimseartha teicstílí, agus déantar idir phriontáil dhigiteach agus fhíodóireacht ríomhghinte.  Bíonn cúrsaí ar fáil ar Leibhéal 6 –Leibhéal 8. Féach an roghchlár de chúrsaí ar Thaobh na Láimhe Clé den leathanach seo. Féadfaidh srianta iontrála a bheith ar chúrsaí.

Amharcláithreoireacht

An maith leat an amharclann? An bhfuil tú go maith le frapaí? An bhfuil tú cruthaitheach? Seo an ghairm duitse. Bíonn taispeántais i bhfuinneoga siopaí agus bíonn deiseanna fostaíochta ann don amharcláithreoireacht iontusan. Bíonn an scil seo in úsáid freisin do thaispeántais i músaeim, i seónna faisin agus i seomraí taispeántais. Bíonn gairmithe sa réimse seo ina scéalaithe a thugann inspioráid do dhaoine eile agus tionchar a imirt orthu. Tá roinnt clár céime ann san ealaín agus san fhaisean le modúil san amharcláithreoireacht.  

Ealaín agus Dearadh

Déanann formhór mór na mac léinn a théann le gairm san Ealaín agus Dearadh cúrsa dearaidh agus ealaíne i gceann de na hInstitiúidí Teicneolaíochta nó Coláistí PLC atá ar fud na tíre. Féach ar an liosta cúrsaí ar thaobh na láimhe clé den leathanach seo.

Tá formhór na gcúrsaí ealaíne atá ar an CAO ina gcúrsaí srianta. Ciallaíonn sé sin go bhfuil gá fillteán de do chuid oibre a chur ar fáil agus caithfidh sé sin a bheith istigh faoin 1 Feabhra den bhliain a bhfuil tú ag cur isteach ar an gcúrsa. Bronntar grád ar mhic léinn chun áit a fháil ar chúrsa ealaíne bunaithe ar an bhfillteán oibre sin agus ar ghráid bhunúsacha san Ardteistiméireacht (nó a choibhéis).  Bíonn gá fillteán maith oibre a chur le chéile bliain nó dhó sula mbeidh sé i gceist agat cur isteach ar an gcúrsa ealaíne agus dearaidh. Is féidir Cúrsa Ullmhúcháin Fillteáin a dhéanamh mar Chúrsa Iar-Ardteisteiméireachta (PLC) i gcoláiste breisoideachais.

Go ginearálta, ba chóir go mbeadh d’fhillteán oibre ina léiriú ar do stíl agus mar léirmhíniú pearsanta  ar na meáin éagsúla trí aon saothar éagsúlaithe. Is maith an smaoineamh é obair ullmhúcháin a chur san áireamh chun do chuid oibre a léiriú ag na céimeanna éagsúla forbartha. Glac grianghraif d’aon saothar atá róthrom chun é a iompar. Is fiú i gcónaí do chuid oibre a bheith curtha i láthair go slachtmhar agus leagtha amach go maith.

Féach ar an liosta de Chúrsaí CAO agus Iar-Ardteistiméireachta ar na roghchláir ar Thaobh na Láimhe Deise den leathanach seo.    

Tá sé thar a bheith tábhachtach eolas a fháil ar chúrsa agus ar ábhar cúrsa atá taobh thiar de theideal an chúrsa, mar go bhfuil a lán cúrsaí a bhfuil dteidil beagnach mar an gcéanna ach a bhfuil béim á leagan acu ar ábhair agus ar speisialtóireachta éagsúla iontu. Tar éis cúrsa sa dearadh a dhéanamh bíonn deiseanna ar fáil i réimsí cosúil le líníocht agus dearadh grafach, grianghrafadóireacht, ilmheáin agus meáin nua agus dearadh don tionscal. Ar chláir sna mínealaíona bíonn an deis ag mic léinn tabhairt faoi phéintéireacht, dealbhóireacht, déanamh priontaí agus staidéir idirdhisciplíneacha. 
Le haghaidh eolas sonrach téigh chuig “Sector Experts”.


Oideachas Ealaíne & Dearaidh

Tá gairm i réimse an oideachais i measc na ngairmeacha éagsúla i réimse na hEalaíne agus an Dearaidh. Le blianta beaga anuas leagadh béim níos mó ar an tábhacht a bhaineann le hoideachas ealaíne i saol daoine óga agus bíonn a lán deiseanna ann do chéimithe a bhfuil cáilíocht acu san Oideachas Ealaíne. Le cáilíocht san Oideachas Ealaíne beidh tú in ann teagasc i scoil dara leibhéal, nó i suíomh oideachais eile mar shampla in iarsmalann agus i ngailearaí nó i suíomh pobail. Leanann daoine eile ar aghaidh ag obair mar ealaíontóirí agus iad ag múineadh i gcomhthráth leis sin. 

Riarachán Ealaíon

De ghnáth déanann riarthóirí ealaíon amharclanna, gailearaithe ealaíne agus ionaid chultúrtha a riar. Amharc ar an roghchlár samplach ar Thaobh na Láimhe Clé den leathanach seo agus ar na gairmeacha bainteacha amhail maisitheoir, Cartúnaí, Beochantóir nó Ealaín Taispeána.

Siamsaíocht agus Na Taibhealaíona

Cuimsítear in Earnáil na Siamsaíochta agus na dTaibhealaíon gach gníomhaíocht a bhfuil mar aidhm léi aird an lucht féachana a choinneáil. Leis na céadta bliain bhíodh an pobal i láthair do gach cineáil taibhléiriú, bíodh sin ina sheó de ghliairí, de cheoltóirí nó damhsoirí, nó de scéalaithe. Mar thoradh ar aireagáin agus ar nuálaíocht forbraíodh raon leathan bealaí nua chun aird an lucht féachana a choinneáil: bíodh sin ina n-íomhánna nach ngluaiseann nó ina n-íomhánna a ghluaiseann; ina fhuaim thaifeadta nó ina fhuaim bheo; cineama; raidió; teilifís, an teileafón – tosaíodh iad uile breis is céad bliain ó shin agus le linn an 20ú haois, tháinig athrú leanúnach orthu. Cibé meán – an teilifís, an amharclann, an sorcas, páirceanna siamsaíochta agus téamacha, ionaid do thurasóirí, músaeim, suíomhanna agus foirgnimh athchóirithe staire – thosaíodar go léir amach ag díriú ar an luach siamsaíochta a bhí ag gabháil leo, agus d’éirigh siad níos casta le caitheamh ama chun spéis an lucht féachana a mhúscailt agus cur le líon na ndaoine sa lucht féachana.

  Mar thoradh ar an éileamh ar shiamsaíocht tá an réimse tar éis fás agus forbairt. Sa lá atá inniu ann, tá an earnáil siamsaíochta ollmhór. Cuimsíonn an earnáil seo roinnt fo-earnálacha, agus iad uile leis an sprioc chéanna — aird an lucht féachana a choinneáil agus íocaíocht a fháil as é sin a dhéanamh!

  • Seónna Ilsiamsa e.g drámaíocht, geamaireacht
  • Léirithe nuaga  -e.g draíodóirí, caiteoirí claímh
  • Ceol
  • Beáir, tithe tábhairne agus clubanna
  • Cineama agus scannáin
  • Meáin chraoltóireachta – raidió, teilifís
  • Meáin físamhairc
  • An tIdirlíon agus ríomhchluichíocht
  • Meáin chlóite – páipéir nuachta, irisí, leabhair
  • Cearrbhachas tráchtála
  • Spóirt le lucht féachana
  • Oidhreacht Chultúrtha – músaeim, gailearaithe, suíomhanna staire agus tithe stairiúla etc.

Baintear úsáid as a téarma ‘cláir shiamsaíochta’ chun cur síos ar sheónna ar stáitse, ar fhuirseoireacht, ar amhráin agus ar sheónna ilsiamsa. Cuimsítear sna healaíona agus sna meáin chruthaitheacha na healaíona físe, na healaíona grafacha, ceol agus taibhealaíona, chomh maith le gnéithe den obair a bhíonn ar siúl ag músaeim agus ag gailearaithe – agus ar bhonn níos leithne fós, ailtireacht. An ghné a idirdhealaíonn na ‘taibhealaíona’ ó ealaíona eile ná go mbítear ag obair beagnach i gcónaí os comhair lucht féachana – is é sin, tá sé beo. Chomh fada siar is a théann an stair bhí fianaise ann den taibhléiriú (scríobh agus léirigh na Gréagaigh a ndrámaí féin!). Sa lá atá inniu ann, féadfaidh taibhealaíontóir gairm a bheith acu sa drámaíocht, sa cheol, sa damhsa nó in aon cheann de na fo-earnálacha a tháinig chun cinn ó roinnt de na príomhréimsí seo.

Scileanna agus Saintréithe Na saintréithe a bhfuil gá leo chun dul le gairm sa taibhléiriú ná dúthracht, smacht, cruthaitheacht, féinmhuinín agus muinín as do chumas. Bíonn daoine óga an-mheallta i dtreo gairme sa réimse seo mar go bhfuil cuma an-spreagúil ar ghairm dá leithéid. Ach ní miste a bheith an-chúramach agus rogha á dhéanamh dul leis an gcineál seo gairme! Cé go bhfuil a lán amhránaithe, damhsoirí, aisteoirí agus ceoltóirí cáiliúla ann, tá a lán eile a bhfuil sé an-dian orthu slí bheatha a dhéanamh as.

GAIRMEACHA SA tSIAMSAÍOCHT AGUS SNA TAIBHEALAÍONA Má tá cumas ionat i ngairm ar leith agus má theastaíonn uait dul leis an ngairm sin, seans gur leor an sásamh atá le baint as an ngairm i gcomparáid leis an gcompord a bhaineann le ‘post rialta’ a bheith agat. Tá teist an-mhaith go dtí seo ag Éirinn i gcruthú taibheoirí den chéad scoth, agus spreagann an rath sin daoine eile dul le gairm sa réimse agus tá caighdeáin arda ann dá bharr. Tá dhá mhórchatagóir ann sna taibhealaíona – ‘gníomhaíochtaí closamharic’ agus 'taibhiú beo’. I measc na ngairmeacha sa réimse seo tá Damhsóirí, Aisteoirí, Fuirseoirí, Cumadóirí, Scríbhneoirí, Ceoltóirí, Léiritheoirí, agus mar sin de.

Tabhair faoi deara: Bíonn forluí ann idir Gairmeacha Closamhairc agus Gairmeacha sna Meáin agus san Fhoilsitheoireacht, Teilifís, Beochan, Meáin Nua etc. a bhfuil sonraí fúthu ar fáil san Earnáil Meáin & Foilsitheoireachta. Is féidir na taibhealaíona a roinnt in dhá mhór-réimse: Gairmeacha ar Stáitse agus Gairmeacha as Stáitse:

Gairmeacha Ar Stáitse

Áirítear i measc na ngairmeacha ar stáitse gach ‘taibheoir’ – ceoltóirí, amhránaithe, damhsoirí, aisteoirí, fuirseoirí, draíodóirí etc. Na gairmeacha ar stáitse, de ghnáth bíonn sé i gceist aird an lucht féachana a choinneáil – na rac-cheoltóirí idirnáisiúnta, na haisteoirí in Hollywood agus na cláir theilifíse Mheiriceánacha agus Astrálacha a bhfuil an-tóir orthu. Chun a bheith i do thaibheoir cáiliúil, bíodh sin i réimse na hamhránaíochta, na haisteoireachta nó an cheoil, bíonn gá le cleachtadh agus le cumas den chéad scoth agus is gá go mbeadh an t-ádh ort chomh maith. Do gach banna ceoil, dála ‘Snowpatrol’ nó amhránaithe aonair dála Rhianna, tá na mílte eile nach bhfuil rath orthu, agus nach bhfuil clú agus cáil bainte amach acu.

Gairmeacha As Stáitse

Laistiar de gach scannán, gach amhrán agus gach léiriú amharclainne tá a lán pearsanra agus seirbhísí tacaíochta. An rud céanna a spreagann na gairmithe uile san earnáil seo – grá don tionscal.  Tá i bhfad níos mó gairmeacha as stáitse ná ar stáitse: ina measc tá stiúrthóirí, léiritheoirí, teicneoirí soilsithe, teicneoirí físeáin, dearthóirí seite, bainisteoirí frapaí, tógálaithe agus gníomhairí. Bíonn na pátrúin oibre ag an bpearsanra seo cosúil leis na pátrúin oibre ag amhránaithe, aisteoirí agus ceoltóirí a dtacaíonn siad leo – obair fhiáin fhuinniúil ghnóthach ar feadh tamaill roimh sheó nó léiriú, agus ansin tréimhsí gan ghníomhaíocht, agus uaireanta gan aon obair/aon phá ach an oiread. 

Dul le Gairm san earnáil seo

D’fhás agus d’fhorbair earnáil na siamsaíochta go leanúnach in Éirinn agus tá líon na gcúrsaí ag dul i méid chun tacú leosan a bhíonn ag obair sa réimse. Bíonn gá ag aisteoirí le níos mó ná talann chun rath a bheith orthu i réimse atá i bhfad níos iomaíche ná mar a bhíodh. Ní raibh an oiliúint ghairmiúil riamh níos tábhachtaí ná mar atá anois – bíonn ort tú féin a chur ar an eolas faoin tionscal, faoin ngnó agus faoi na bealaí eile atá ann tacaíocht a fháil duit féin. Is minic a bhíonn ar thaibheoirí obair pháirtaimseartha a dhéanamh anuas ar an obair san earnáil.

Ceol

Bíonn raon leathan de roghanna gairme acusan a bheartaíonn dul leis an gCeol mar ghairm. Is féidir fostaíocht a fháil in a lán réimsí bainteacha gairme idir theagasc agus léiriú, chumadóireacht agus thaibhiú, sheirbhísí bainistíochta, riaracháin agus dlí.

  • Teagasc – ar gach leibhéal; cóitse gutha; teiripeoir Ceoil;
  • Taibhiú - popcheoltóir, amhránaí i gceoldrámaí, snagcheol, ceoltóir clasaiceach; ceoltóir i gceolfhoireann;
  • Cruthaitheach – scríobh agus cóiriú amhrán; scór ceoil;
  • Stiúrthóireacht – stiúrthóir ar chór, orgánaí eaglaise/stiúrthóir ceoil,
  • Léiriúchán – léiritheoir raidió; léiritheoir ceirníní; léiritheoir amharclainne/scannán/físeáin; craoltóireacht (DJ); innealtóireacht ceoil; 
  • Ilmheáin – poiblíocht ceoil; taifeadadh;
  • Tionscal an cheoil – margaíocht ar cheolchoirmeacha; miondíol ceoil; dáileadh ceoil; dlí agus cóipcheart;
  • Riarachán ealaíon – forbairt; bainistíocht; fógraíocht agus margaíocht; 
  • Leabharlannaí ceoil agus seirbhísí faisnéise.
  • Iriseoireacht ceoil  

Déan iniúchadh ar na gairmeacha seo agus ar ghairmeacha bainteacha sa Roghchlár Gairmeacha ar an leathanach seo. 

Drámaíocht agus Amharclannaíocht

Tá borradh agus rath ar dhomhan na drámaíochta agus na hamharclannaíochta in Éirinn. Is iomaí gradam a bronnadh ar aisteoirí Éireannacha, idir Dhuaiseanna Nobel (GB Shaw, WB Yeats, Samuel Beckett agus Seamus Heaney), sa 20ú hAois. I suirbhé a rinneadh ar na hEalaíona san Eoraip fuarthas gur drámadóirí Éireannacha a scríobh breis is trian de na drámaí uile a bhíonn ar stáitse i Londain, agus is minic a bhíonn an chéad láithriú de dhrámaí le hÉireannaigh amhail Marina Carr, Martin McDonagh, Brian Friel nó Conor McPherson i Nua-Eabhrac nó i Londain!  Tá níos mó cuideachtaí gairmiúla amharclannaíochta agus drámadóirí sa tír seo ná mar a bhí riamh cheana. Tá drámaíocht agus amharclannaíocht anois ina ngnéithe tábhachtacha dár gcóras oideachais agus tá deiseanna ann sa chraoltóireacht, sa scannánaíocht agus sa teilifís do chéimithe Éireannacha. Ní hé amháin go bhféadfá dul le gairm mar dhrámadóir, ach d’fhéadfá bheith i do bhainisteoir Stáitse, i do stiúrthóir roghnaithe aisteoirí, i do Stiúrthóir Ealaíne, i do chóireagrafaí, dearthóir teicniúil, dearthóir seite, dearthóir; ealaíontóir smididh, teicneoir soilsithe; piriteicniceoir; léirmheastóir amharclainne nó i do chóitse drámaíochta.

Taibhiú

A bhuíochas leis an idirlíon agus sa mhéid go bhfuil fáil láithreach ar fhíseáin agus ar chomhaid ón idirlíon, tá tionscal na dtaibhealaíon in Éirinn tar éis dul trí thréimhse athbheochana. Bíonn éileamh ar thaibhiú/léiriú beo fós, seachas ábhar taifeadta, agus mar thoradh air sin tá a lán deiseanna ann do thaibheoirí i réimsí an damhsa, an cheoil agus na hamharclainne. Tá rath idirnáisiúnta Riverdance ina shampla maith de na deiseanna iomadúla atá ann ar an stáitse idirnáisúnta do thaibheoirí Éireannacha. Ní hé amháin go bhfuil tóir ar amhránaithe, damhsoirí agus ceoltóirí ach tá raon iléagsúil ann sa réimse fáis fostaíochta seo le róil bhainistíochta amhail bainisteoir amharclainne, bainisteoirí cúnta stáitse, bainisteoirí roghnaithe aisteoirí, poist sa díoloifig, Caidreamh Poiblí agus margaíocht.  

Dul le Gairm san Earnáil

De ghnáth bheadh céim ag daoine san earnáil seo sna daonnachtaí, mar shampla sa Bhéarla, sa Cheol nó oiliúint éigin sa drámaíocht, sa damhsa, i staidéir amharclainne nó bainistiú ealaíon. Bíonn an-iomaíocht ann do phoist sna taibhealaíona. Cé go mbíonn an-sásamh le baint as an obair féin, is minic an obair a bheith fánach agus páirtaimseartha. Féach ar na cúrsaí CAO agus Iar-ardteistiméireachta sna roghchláir ar thaobh na láimhe deise den leathanach seo.

 

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe