Baile     

Dlí agus Dlíthiúil

Tá gach éinne tar éis leas a bhaint as seirbhísí dlí ag pointe éigin sa saol, ar chúiseanna éagsúla:

  • Teach a cheanach
  • Uacht a dhéanamh
  • Éileamh a dhéanamh tar éis timpiste
  • Cosaint a lorg ar éagóir
  • Páirt a ghlacadh sa tseirbhís giúiré
  • Teacht os comhair na cúirte i gcás cúirte

Tá lucht ghairm an dlí déanta suas de: aturnaetha, abhcóidí, breithiúna agus róil éagsúla riaracháin. D’fhás líon na n-aturnaetha agus na n-abhcóidí i bPolbacht na hÉireann le roinnt blianta anuas, mar thoradh ar an bhforbairt san earnáil réadmhaoine den chuid is mó, agus toisc gur fhás gnó ilnáisiúnta, mar thoradh ar dhomhandú, agus ar shíorleathnú an Aontais Eorpaigh.

Bhí tionchar ag an gcúlú eacnamaíochta ar earnáil an dlí, mar a bhí ar earnálacha eile, go háirithe an moilliú san earnáil réadmhaoine. Faoi láthair tá tuairim is 2,300 abhcóide cláraithe mar bhaill den Leabharlann Dlí. Is Abhcóidí Sóisearacha a bhformhór (tuairim is 1,878) agus is Abhcóidí Sinsearacha an chuid eile.

Tá formhór na n-abhcóidí ag cleachtadh a ngairme i mBaile Átha Cliath, ach tá tuairim is 106 a chleachtann i gCorcaigh agus 191 sa chuid eile den tír. Meastar go mbeidh níos mó ban ina n-abhcóidí i níos lú ná 10 mbliana.

Fir iad 60% d’abhcóidí na tíre, ach déanann mná suas 45% de gach abhcóide nach bhfuil seacht mbliana sa ghairm bainte amach acu go fóill. Bhí 2,193 gnólacht dlí in Éirinn in 2012, agus bhí 9,814 aturnae cláraithe leis an Dlí-Chumann - 4,194 (51%) ina bhfir, agus 4,448 (40%) ina mná. [Tabhair faoi deara: Tá An Garda Síochána freagrach as dualgais phóilíneachta agus forghníomhú an dlí agus tá sé ina chuid de na Fórsaí Cosanta i gcoitinne. Is féidir eolas sonrach a fháil sa rannóg Slándáil, Cosaint agus Forghníomhú an Dlí].  [Tá eolas sonrach ar fáil faoi Chóras Dlí na hÉireann ar shuíomh gréasáin Na Seirbhíse Cúirteanna ]

Aturnaetha  



Is féidir aturnaetha a roinnt in dhá phríomhghrúpa: iadsan i gCleachtas Príobháideach, i.e. a chuireann a seirbhísí ar fáil don phobal ar tháille, agus iadsan atá fostaithe ag an Stát, nó i gcuideachtaí móra. Na haturnaetha atá fostaithe i gcuideachtaí cuireann siad seirbhísí dlí ar fáil dá bhfostóir amháin, agus ní d’aon duine eile, agus seans go mbeadh speisialtóireacht dlí ar leith acu.

De ghnáth is cleachtóirí ginearálta dlí iad na hAturnaetha Príobháideacha agus cuireann siad a seirbhísí dlí ar fáil do ‘chliaint’. Mar chomhairleoirí don phobal agus don lucht gnó, bíonn obair an Aturnae ilchineálach:

  • Comhairle dlí a sholáthar ar chúrsaí cosúil le réadmhaoin a cheannach nó a dhíol nó uacht a dhréachtú;
  • Feidhmiú mar ghníomhaire nó mar ionadaí d’idirbhearta tráchtála;
  • Comhairle agus ionadaíocht dlí a sholáthar i ndáil le saincheisteanna dlí teaghlaigh nó díospóidí le páirtí eile mar shampla fostóir nó comharsa;
  • Comhairle dlí a sholáthar maidir le cibé acu cás dlí a ghlacadh nó a chosaint, mar shampla i gcás timpiste bóthair nó timpiste ag an obair;
  • Bainistiú a dhéanamh ar chás cúirte thar ceann cliaint mar ionadaí a dhéileálfaidh le gach páirtí eile;
  • Mionteagasc a thabhairt d’abhcóide thar ceann an chliaint; agus
  • Ionadaíocht a dhéanamh ar chliaint sa chúirt – de ghnáth sna cúirteanna íochtaracha, mar shampla an Chúirt Dúiche nó sa Chúirt Chuarda, ach go hannamh san Ard-Chúirt nó sa Chúirt Uachtarach.

Sa ghnólacht ‘príomhshráide’ aturnaetha a bhíonn i bhformhór na mbailte in Éirinn, cuirtear seirbhísí tíolactha, probháide agus dlíthíochta ar fáil gach lá. É sin ráite, bíonn saineolas speisialtóireachta ag teastáil ó chliaint ar ábhair ar leith.

Bíonn na gnólachtaí móra dlí i mbun na hoibre speisialtóireachta do chliaint, mar shampla sa saol corparáideach agus tráchtála. Seo roinnt samplaí de na réimsí speisialtóireachta sin:

  • Comhairle maidir le Seirbhísí Airgeadais
  • Maoin Intleachtúil
  • Dlí Fostaíochta
  • Dlí Foirgníochta
  • Cumaisc agus Éadálacha
  • Dlí AE agus Dlí na hIomaíochta
  • Dlí Cánachais

Oiliúint a fháil chun bheith i d’Aturnae  

I bPoblacht na hÉireann tógann sé tuairim is trí bliana, ó thús deireadh, chun bheith i d’aturnae. Bíonn sé deacair áit a fháil sa ghairm seo. Bíonn gá Cúrsaí Cleachtais Ghairmiúil  (PPC) an Dlí-Chumainn a chur i gcrích chomh maith le printíseacht in oifig aturnae fhaofa.  I gcás fhormhór mór na mac léinn beidh céim sa dlí curtha i gcrích acu ar dtús.

Na daoine nach bhfuil céim sa dlí acu, déanann siad cúrsa ullmhúcháin de shaghas éigin eile chun go mbeadh an cúlra ceart dlí acu tabhairt faoin bprintíseacht. Déanann Dlí-Chumann na hÉireann monatóireacht agus rialú ar iompraíocht na n-aturnaetha trí mheán a Chóid um Iompraíocht Ghairmiúil, a bhfuil sé de cheangal ar aturnaetha cloí leis.

Tá an Dlí-Chumann freagrach freisin as oideachas agus oiliúint aturnaetha. Ar dtús báire is gá pas a fháil i scrúdú iontrála an Dlí-Chumainn chun áit a fháil ar a chúrsaí cleachtais ghairmiúil. Chomh maith leis sin, mura bhfuil an t-iontrálaí ina chéimí ollscoile, nó mura bhfuil cáilíocht choibhéiseach aige/aici, is gá dó/di Réamhscrúdú a dhéanamh sula dtabharfar cead dó/di an scrúdú iontrála a dhéanamh.

Roimh thosú ar Chúrsaí Cleachtais Ghairmiúil, is gá d’ábhar aturnae conradh dhá bhliain in oifig a fháil le hoifig aturnae cháilithe. Ansin is gá dó/di Cúrsa Cleachtais Ghairmiúil I (PPC I) a dhéanamh i scoil an Dlí-Chumainn i bPlás Blackhall i mBaile Átha Cliath, roimh thús na hoiliúna 11 mhí san oifig. Ansin filleann an dlí-phrintíseach ar Phlás Blackhall le haghaidh 3 mhí de Chúrsa Cleachtais Ghairmiúil II (PPC II), agus ina dhiaidh sin cuireann i gcrích 10 mí breise d’oiliúint san oifig.

Ag deireadh an phróisis seo, a mhaireann 32 mí san iomlán, bíonn an t-oiliúnaí cáilithe agus is féidir leis/léi clárú mar aturnae.

Ar deireadh thiar, is gá don Aturnae Deimhniú Cleachtais a fháil. Chun Deimhniú Cleachtais a fháil, is gá don Aturnae táille bhliantúil chlárúcháin a íoc leis an Dlí-Chumann. Tháinig rialacháin nua don Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL) i bhfeidhm (Solicitors CDP Regulations 2012) an 1 Eanáir 2013. Is gá d’aturnaetha a bhfuil feidhm ag na rialacháin sin ina leith líon íosta uaireanta de FGL a dhéanamh.

Abhcóidí  

Is dlíodóirí iad abhcóidí a thagann os comhair na cúirte chun ionadaíocht a dhéanamh ar a gcliaint agus chun tuairimí dlí a chur ar fáil. Feidhmíonn abhcóidí mar a bheadh sainchomhairleoirí d’aturnaetha. Tá an jab a dhéanann siad níos speisialaithe ná jab an aturnae agus bíonn orthu níos mó taighde a dhéanamh.

Is féidir abhcóidí a roinnt ina dhá chatagóir Abhcóidí Cleachtais agus Abhcóidí Fostaithe. Is gá d’abhcóidí cleachtais feidhmiú mar thrádálaithe aonair. I gcás na n-abhcóidí fostaithe bíonn siad ag obair le cuideachtaí nó don Stát, go háirithe, in Oifig an Ard-Aighne, agus ó am go chéile i ngnólachtaí móra aturnaetha, áit a mbíonn siad ag obair mar shainchomhairleoirí.

Níl cead ag abhcóidí fostaithe ionadaíocht a dhéanamh ar a bhfostóirí, nó ar aon chliant, os comhair na gcúirteanna.

Is iad príomhfeidhmeanna an Abhcóide:

  • Tuairimí dlí a dhréachtú, mar shampla cibé acu an ‘cás dlí maith’ atá ann nó nach ea;
  • Doiciméid cúirte a ullmhú le malartú idir páirtithe i gcás cúirte;
  • Idirbheartaíocht a dhéanamh ar shocraíochtaí airgid; agus
  • Ionadaíocht a dhéanamh ar chliaint sa chúirt.

Níl cead ag cliaint abhcóidí a fhostú go díreach, ach amháin i gcúinsí eisceachtúla. Ina ionad sin, is gá do dhuine dul go dtí an t-aturnae ar dtús báire chun comhairle dlí a fháil. Má tá an cheist casta, téann an t-aturnae chuig abhcóide thar ceann an chliaint.

Déanfaidh an t-abhcóide léirmhíniú ar an dlí i ndáil le fadhb an chliaint. Ansin tabharfaidh sé nó sí tuairim faoi cé chomh maith is atá cás nó argóint an chliaint agus cuirfidh comhairle ar fáil faoin mbealach is fearr réiteach a fháil ar an scéal. 

Má théann an cás go dtí cúirt níos airde (chuig an gCúirt Chuarda, an Ard-Chúirt , nó An Chúirt Uachtarach) is é/í an t-abhcóide a dhéanann ionadaíocht agus argóint ar an gcás ar son an chliaint.

Ní bhíonn gá le habhcóideachta, cás a phléadáil sa chúírt thar ceann an chliaint, i ngach cás. Tá a lán cásanna ar féidir leis na páirtithe iad a shocrú roimh an éisteacht sa chúirt. Cuirtear Oiliúint ar fáil le bheith i d’Abhcóide in Óstaí an Rí a dhéanann rialáil ar cé hé/hí a bheidh ina (h)abhcóide, conas é sin a dhéanamh agus cén áit.

Chun bheith i d’abhcóide, is gá duit céim mar Abhcóide a bhaint amach ag scoil Óstaí an Rí i mBaile Átha Cliath, agus is gá don Príomh-Bhreitheamh tú a ghlaoch chun an bharra.

Chun áit a fháil ar chéim in Óstaí an Rí, is gá duit céim sa dlí a bheith agat ó institiúid oideachais tríú leibhéal nó Dioplóma sa Staidéar Dlí  (a reáchtálann Óstaí an Rí), sula mbeidh cead agat an scrúdú iontrála a dhéanamh chun áit a fháil ar an gcúrsa céime. Múintear an Dioplóma sa Staidéar Dlí thar dhá bliain ar bhonn páirtaimseartha. Is féidir an cúrsa chun bheith i d’Abhcóide a dhéanamh anois mar chúrsa modúlach dhá bhliain nó mar chúrsa lánaimseartha bliana.

Tar éis an oiliúint ghairmiúil a chur i gcrích, caitheann gach abhcóide nuacháilithe íosmhéid de dhá mhí dhéag i bprintíseacht le habhcóide lán taithí. Déanann an dlí-phrintíseach an oiliúint seo gan phá. Is gá don abhcóide faoi oiliúint treoracha an mháistir a leanúint agus foghlaim faoin gcleachtas gairmiúil. Ní bheidh saol an Abhcóide socair ar feadh tuairim is ceithre nó cúige bliana.

Bíonn sé deacair do chleachtas a chur ar bun. Nuair a glaoitear chun an bharra an t-abhcóide nuacháilithe, tugtar Abhcóide Sóisearach ort. Is féidir leis an Abhcóide Sóisearach cur isteach ar bheith ina Abhcóide Sinsearach tar éis 15 bliana de thaithí a fháil. De ghnáth ní bhíonn an tAbhcóide Sinsearach ag cleachtadh ach san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Uachtarach.

De ghnáth déanann siad speisialú i réimse ar leith den dlí, mar shampla Dlí Teaghlaigh, Dlí na gConarthaí, Dlí Coiriúil, Tort, Dlí Fostaíochta agus Dlí Tráchtála. Chomh maith leis sin, cuidíonn abhcóidí cláir reachtúla a fhorbairt agus dlíthe a dhréachtú.

I gcomparáid le gairmeacha eile, mar shampla ailtirí, cuntasóirí agus innealtóirí, is féidir le habhcóidí ioncaim níos fearr a thuilleamh. Tosaíonn tuarastail an aturnae láncháilithe ag tuairim is €50,000 sa bhliain. D’fhéadfadh Abhcóide lán taithí idir €55,000 -€110,000 a thuilleamh, agus na habhcóidí is fearr tuairim is €200,000 a thuilleamh.

Breithiúna



Déanann an tUachtarán breithiúna na hÉireann a cheapadh agus é/í ag feidhmiú ar chomhairle an Rialtais. I gcásanna nach bhfuil aon ghiúré ag teastáil, is é/í an breitheamh a chinneann cén páirtí a bhuafaidh nó a chaillfidh an cás. Éisteann sé/sí leis an bhfianaise ón dá thaobh agus leis an méid a bhíonn le rá ag na habhcóidí (nó na haturnaetha).

Ansin féadfaidh an breitheamh ceisteanna a chur ar aon fhinné agus ar na habhcóidí (nó na haturnaetha).  I gcás go bhfuil giúiré i láthair do chás cúirte, is é an giúiré a chinneann toradh an cháis. Ní chuireann an breitheamh ach treoir ar fáil don ghiúiré agus ansin cinntíonn sé go ndéantar an triail a reáchtáil i gceart.

Is gá do bhreithiúna 10 mbliana de thaithí a bheith acu mar abhcóide nó mar aturnae chun cáiliú don phost. De ghnáth bheadh níos mó blianta de thaithí acu sa tseirbhís dlí sula gceapfaí iad. Róil Eile Dlí   Tá a lán gairmithe eile fostaithe ar leibhéil éagsúla den Rialtas agus ról lárnach acu sa Chóras Ceartais Choiriúil trí iniúchadh a dhéanamh ar chásanna le haghaidh na Roinne Dlí agus Cirt agus le haghaidh Ranna eile.

Tá a lán deiseanna ar fáil i réimse na tacaíochta dlí . Rúnaithe dlí, Feidhmeannaigh Dlí , Riarthóirí Dlí agus a leithéidí chun tacú leis an obair a bhíonn ar siúl ag aturnaetha agus ag abhcóidí. Sna cúirteanna féin bíonn cláraitheoirí agus luathscríbhneoirí ag obair. Bíonn cúrsaí oiliúna ar fáil in a lán coláistí sna réimsí seo.

Easnaimh Scileanna

Ní bhfuarthas aon cheann

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe