Baile     

Fógraíocht, Margaíocht agus Caidreamh Poiblí

Is éard atai gceist le Fógraíocht, Margaíocht agus Caidreamh Poiblí ná na sochair a bhaineann le táirgí agus seirbhísí ar leith a chur ina luí orainne, na tomhaltóirí. Is é aidhm na trí réimse ná cuidiú le gnóthaí dul i bhfeidhm ar an dream a bhfuil siad ag díriú orthu agus táirgí, brandaí agus teachtaireachtaí a chur chun cinn ina measc. Déanann gníomhaireachtaí Fógraíochta, Margaíochta agus CP é sin trí thuiscint a fháil ar dtús ar cad a spreagann na daoine sin chun rudaí a cheannach.

Is earnáil dhinimiciúil í seo – de shíor ag athrú le táirgí nua ag teacht ar an bhfód an t-am ar fad ag teacht le nósanna nua na dtomhaltóirí.   Is mór an infheistíocht a rinneadh chun bealaí a aimsiú feabhas a chur ar chur chun cinn brandaí ar an idirlíon agus idirchaidreamh a chothú le lucht féachana atá de shíor ag éirí níos fearr ag úsáid teicneolaíochtaí. Mar thoradh air sin, tá cuideachtaí agus poist nua ag teacht ar an bhfód i gcónaí chun freastal ar an éileamh. Réimse spreagúil, fuinniúil é seo le bheith ag obair ann. Is gá do dhuine a bheith solúbtha agus toilteanach scileanna nua a fhoghlaim chun fanacht in iúl ar an forbairtí is déanaí.

FÓGRAÍOCHT




Is maith linn a cheapadh nach bhfuil aon tionchar ag cumhachtaí mealltacha na fógraíochta agus na margaíochta orainn, ach déanta na fírinne tá tionchar mór acu orainn. Níl aon teorainn leis an bhfógraíocht a bhíonn inár dtimpeall gach lá trí ábhar margaíochta – cláir fógraí, an teilifís, raidió, irisleabhair, postas díreach, taispeántais i bhfuinneoga siopaí – téann siad seo go léir go mór i bhfeidhm orainn sna roghanna a dhéanaimid nuair atá éadaí, bia, carranna, ceol agus nithe eile á gceannach againn.

Fiú amháin an rogha áite dár laethanta saoire. A bhuíochas le rochtain uilíoch ar an idirlíon agus ar mheáin shóisialta bíonn fógraíocht de shíor inár dtimpeall - 24/7. Má tá fógra go maith tabharfaidh tú aird air, cuimhneoidh tú air, agus an rud is tábhachtaí ar fad, ceannóidh tú táirge dá bharr. Is réimse ollmhór é an fhógraíocht agus fásfaidh agus forbróidh an earnáil seo de réir mar a fhásfaidh an tomhaltachas.

Seo a leanas roinnt de na poist éagsúla atá ar fáil i réimse na fógraíochta: Bainisteoir Cuntas Is é/í an bainisteoir cuntas an té sa ghníomhaireacht fógraíochta a bhíonn ina (h)ionadaí don chliant agus bíonn ról lárnach aige/aici i bhfeachtas fógraíochta. Bíonn Bainisteoir Cuntas freagrach as tuiscint dhomhain a fháil ar an margadh ina mbíonn an cliant ag feidhmiú, ar a ngnó, ar a gcuspóirí agus ansin oibríonn siad i gcomhar le pleanálaithe chun mianta an chliaint a réadú i bhfeachtais chruthaitheacha fógraíochta a reáchtálann an ghníomhaireacht fógraíochta. Bíonn siad ag plé le beagnach gach rannóg agus iad ag bainistiú gach cuid den phróiseas fógraíochta.

Pleanálaí Straitéiseach Déanann an pleanálaí straitéiseach ionadaíocht thar ceann an tomhaltóra. De ghnáth bíonn na daoine seo oilte mar thaighdeoirí agus bíonn siad freagrach as dearcadh foriomlán an tomhaltóra a chur san áireamh sa phróiseas cumarsáide. Is iad na Pleanálaithe Straitéiseacha a fhorbraíonn an léargas tábhachtach straitéiseach is bun leis an téama fógraíochta. Chuige sin, bíonn orthu an tuiscint is fearr agus is féidir a fháil ar an tomhaltóir, nó ar an spriocmhargadh. Oibríonn siad go dlúth leis an gcliant chun taighde a dhéanamh ar an margadh, ag úsáid taighde cainníochtúil agus cáilíochtúil araon agus déanann siad an taighde sin a choimisiúnú chomh maith. Ansin scríobhann an Pleanálaí an straitéis agus cuireann í faoi bhráid an fhógróra bunaithe ar na torthaí i.e. mianta, cúiseanna imní agus iompar na sprioc-thomhaltóirí. 



Pleanálaí Meáin Bíonn plé ag Pleanálaithe i ngníomhaireacht mheáin leis an gcliant chun a fháil amach cén teachtaireacht is mian leo a thabhairt don tomhaltóir, de réir buiséad áirithe nó de réir an chaiteachais atá beartaithe don fheachtas fógraíochta. I gcomhar leis na pleanálaithe straitéiseacha, déanann an Pleanálaí Meáin an spriocdhream a shainiú, forbraíonn tuiscint ar nósanna na dtomhaltóirí sin agus baineann leas as an eolas sin chun plean meáin a chur le chéile. Ansin beartaíonn siad ar na bealaí is fearr an teachtaireacht sin a chur faoi bhráid an phobail ag áireamh go gcaithfear an téama cruthaitheach a choinneáil slán agus go gcaithfear é a dhéanamh ar an mbealach is fearr a thuigfidh na spriocthomhaltóirí.

An Rannóg Chruthaitheach Is i rannóg chruthaitheach na gníomhaireachta fógraíochta a thagann an feachtas fógraíochta le chéile. Déantar obair chruthaitheach i mbeirteanna e.g. a Cóipscríbhneoir agus Stiúrthóir Ealaíne. Oibríonn siad le mianta an chliaint chun smaointe a ghiniúint a chuideoidh branda an ghnó a chur chun cinn. Ina dhiaidh sin, oibríonn siad le pleanálaithe/ceannaitheoirí agus leis an rannóg léiriúcháin chun smaointe a réadú ina bhfógraí. De ghnáth bíonn oiliúint tríú leibhéal ar an Stiúrthóir Ealaíne, ach ní i gcónaí. Is é ról an Stiúrthóra Ealaíne mianta an chliaint a chur in iúl mar smaointe nó giúmair fhíseacha.

Féadfaidh an Cóipscríbhneoir céim ollscoile a bheith aige/aici in aon ábhar, ach féadfaidh chomh maith céanna oiliúint tríú leibhéal ealaíne a bheith air/uirthi. Sa réimse seo is cuma cén cháilíocht tríú leibhéal atá ort – an rud is tábhachtaí ná go mbeadh rath ar na smaointe agus tá sé sin bunaithe ar chumas cruthaitheach ar leith a bheith agat. Is é ról an chóipscríbhneora smaoineamh cruthaitheach a chur in iúl i scríbhinn nó ó bhéal. Chun post a fháil sa rannóg chruthaitheach, an rud is tábhachtaí ar fad ná do phunann  — fillteán leis na fógraí a raibh tú ag obair orthu roimhe seo mar thaispeántas beag ar do chumas. Seirbhísí Cruthaitheacha & An Rannóg Léiriúcháin Sa rannóg seo réadaítear ealaín agus cruthaitheacht ina dtáirgí tráchtála! Is anseo a chruthaítear na feachtais fógraíochta, agus is ó na feachtais sin a thuilltear airgead. Bíonn réimse scileanna acusan a bhíonn ag obair sa rannóg seo. Tá beagnach gach ról eile sa ghníomhaireacht fógraíochta sainithe go maith, ach bíonn seirbhísí cruthaitheacha éagsúil ó ghníomhaireacht go gníomhaireacht. Seo a leanas roinnt ról a thagann faoin teideal ‘seirbhísí cruthaitheacha’:

  • Stiúrthóir Seirbhísí Cruthaitheacha
  • Bainisteoir Seirbhísí Cruthaitheacha
  • Ceannach Ealaíne
  • Léiriú teilifíse
  • Bainistiú Tionscadal i Stiúideo
  • Bainistiú Tráchta agus
  • Déanamh Ábhair Chlóite.

Stiúrthóir Seirbhísí Cruthaitheacha – déanann an té seo bainistiú ar gach acmhainn, cinntíonn go bhfuil an rannóg ag feidhmiú go breá éifeachtach agus go bhfuil aon airgead a chaitear ina gcostais iomaíocha agus go bhfuil aon rud a tháirgtear ar an gcaighdeán is airde agus is féidir. 



Bainisteoir Seirbhísí Cruthaitheacha – tuairiscíonn an té sa phost seo don Stiúrthóirí Seirbhísí Cruthaitheacha agus glacann comhfhreagracht as fadhbanna laethúla a bhaineann le tionscadal a thabhairt chun críche. 



Ceannaitheoir Ealaíne – cuireann an té seo liosta ar fáil don fhoireann chruthaitheach de ghrianghrafadóirí agus de mhaisitheoirí a chuirfidh an fógra i láthair ar an mbealach is áille agus is éifeachtaí agus is féidir. Déanann an Ceannaitheoir Ealaíne bainistiú ar chruinnithe réamh-léiriúcháin áit a gceadaítear gach gné den scannánaíocht, e.g. roghnú aisteoirí, stíleáil, suíomh etc. 



Rannóg Léiriúcháin Teilifíse Sa rannóg seo de ghnáth bíonn Léiritheoir Teilifíse agus Cúntóirí Léirithe. Tá an rannóg seo freagrach as léiriú gach fógra teilifíse, as fógraíocht sa cineama, as fógraí mearscaipthe, as fógraí raidió agus scannáin ghearra – go bunúsach is ann a chruthaítear aon mhír fuaime.  



Bainisteoir Tionscadal Stiúideo  – is éard atá i gceist sa ról seo ná láimhseáil a dhéanamh ar an ualach oibre isteach agus amach as an stiúideo. Déanann an Bainisteoir Tionscadal maoirseacht ar uainiú agus ar bhuiséid léiriúcháin agus bainistíonn an tionscadal ó thús deireadh. Is gá dóibh a chinntiú go cloítear le spriocdhátaí ag gach céim den phróiseas agus go bhfuil cumarsáid cheart ann idir an fhoireann cuntas agus an fhoireann chruthaitheach.

Bainisteoir Tráchta – cinntíonn an bainisteoir seo go bpróiseálann an Rannóg Chruthaitheach treoracha an chliaint go sásúil. Is gá dóibh bainistiú a dhéanamh ar am na mball ar an bhFoireann Chruthaitheach agus dáileann siad treoracha cliaint i gcomhar leis an Stiúrthóir Seirbhísí Cruthaitheacha. 



Bainisteoir Léiriúcháin – Tá an bainisteoir Léiriúcháin freagrach as gach mír a chruthaítear san fheachtas fógraíochta.

MARGAÍOCHT

Cé go meastar go minic gurb ionann “Margaíocht” agus “Fógraíocht”, ní hé an dá mar a chéile iad. Níl san fhógraíocht ach réimse amháin gníomhaíochta sa mhór-réimse ar a dtugtar Margaíocht.

Is réimse an-leathan é an margaíocht. Dóibhsean a bhfuil suim acu dul leis an Margaíocht mar ghairm, tá deiseanna ann bheith ag obair i gcuideachta éigin eile ina rannóg margaíochta, nó bheith ag obair i ngníomhaireacht a sholáthraíonn seirbhísí margaíochta do chuideachtaí eile. Seo a leanas na príomhréimsí:

  • Fógraíocht (féach thuas)
  • Bainistiú brandaí
  • Margaíocht dhíreach
  • Cumarsáid sa mhargaíocht i.e. margaíocht ar líne, meáin shóisialta
  • Taighde margaidh

Is minic a chomhlíontar feidhmeanna fógraíochta agus caidrimh phoiblí do chuideachtaí trí úsáid a bhaint as gníomhaireachtaí seachtracha ar speisialtóirí iad sna réimsí sin; ar an taobh eile de, de ghnáth i gcuideachtaí meánacha nó móra is í an rannóg margaíochta sa chuideachta a chomhlíonann na feidhmeanna ginearálta foriomlána margaíochta. I gcás cuideachtaí níos lú nach bhfuil rannóga margaíochta intí acu baineann siad leas as gnólachtaí seachtracha margaíochta chun margaíocht a dhéanamh ar a son. Bíonn formhór na ndeiseanna margaíochta le fáil i gcuideachtaí móra, mar sin, agus ní i ngnólachtaí margaíochta.

Tá róil áirithe margaíochta bainteach le cúrsaí díolacháin, agus tá róil eile ann atá bainteach le gnéithe straitéiseacha an phoist. Is í an rannóg margaíochta in eagraíocht mhór lár an rotha a chasann na rannóga eile ar imeall an rotha (sa chuideachta féin agus lasmuigh den chuideachta araon) – mar shampla díolacháin, léiriúchán, taighde, fógraíocht etc. Tá nasc ag lár an rotha le codanna éagsúla den chuideachta ionas go mbeidh gach cuid ag obair go sásúil lena chéile.

Sa Mhargaíocht bíonn gá a lán taighde a dhéanamh ar na nithe is maith le tomhaltóirí, ar na nithe nach maith leo agus ar na nithe is rogha leo. Bíonn gá a fháil amach cé hiad na tomhaltóirí chomh maith. Is é sin, cad iad na grúpaí sa phobal ar chóir táirgí áirithe a dhíriú orthu. Baintear leas as Taighde margaidh go forleathan chun a fháil amach cén ‘íomhá’ a thaitníonn leis an tomhaltóir. An péire jíons, an fón póca, na laethanta saoire thar lear, an carr – go minic ceannaítear iad seo bunaithe ar an íomhá a shamhlaítear leo agus ar an gcaoi a mbraithimid má tá na hearraí sin againn. Ansin baintear leas as straitéisí margaíochta chun fógraíocht a dhéanamh ar na seirbhísí nó chun na táirgí a phacáistiú ionas go mbeidh siad mealltach don tomhaltóir.  Seo a leanas roinnt ról Margaíochta: Stiúrthóir Margaíochta – féadfaidh an stiúrthóir seo cuidiú leis an bhfoireann díolacháin teacht ar chliaint áirithe nó bheith páirteach i bhforbairt táirge nua chun a chinntiú go gcomhlíontar mianta (agus riachtanais) an tomhaltóra.

Féadfaidh sé/sí moladh a dhéanamh maidir le gné nua a chur le táirge atá ann cheana féin bunaithe ar aiseolas ó na táirgí a díoladh cheana féin nó athbhreithniú a dhéanamh ar fhógraí féideartha nua ón ngnólacht fógraíochta a fostaíodh chuige sin.

Bainisteoir Margaíochta – tá an bainisteoir seo freagrach as an treo straitéiseach ina dtéann an ghníomhaíocht margaíochta ó thaobh táirgí agus seirbhísí ar leith.

Comhordaitheoir Margaíochta – Déanann an té seo comhordú ar ghníomhaíochtaí margaíochta na foirne margaíochta.

Feidhmeannach Margaíochta – seo ról le gnéithe éagsúla ag baint leis, mar shampla tionscadail mhargaíochta a chur i bhfeidhm chun tacú le cur chun cinn branda. Is minic a bhíonn obair an Fheidhmeannaigh margaíochta dúshlánach agus is minic an obair sin a bheith ag tarlú ar luas lasrach.

Comhordaitheoir na Meán Sóisialta – an jab ag an gcomhordaitheoir meán sóisialta ná comhtháthú a dhéanamh ar straitéis meán sóisialta na heagraíochta, cur le feasacht branda, trácht isteach a mhealladh, agus daoine a spreagadh le leas a bhaint as teicnící iomchuí meán sóisialta. Sa chúlú eacnamaíochta bhí a lán cuideachtaí móra ann a ghearr siar a mbuiséid margaíochta agus a laghdaigh an líon fostaithe. Cibé scéal é, sa mhéid go bhfuil saol na teicneolaíochta de shíor ag athrú tá an timpeallacht tomhaltais ag síorathrú freisin, agus dá réir sin is gá infheistiú arís i ngníomhaíochtaí margaíochta.

CAIRDREAIMH POIBLÍ

Sa Chaidreamh Poiblí (CP), déantar cúram de dhea-cháil an chliaint, ag féachaint le tuiscint agus tacaíocht a mhúscailt agus tionchar a imirt ar thuairimí agus ar iompar. Is éard atá sa CP ná iarracht phleanáilte, sheasta dea-thoil a chruthú agus a chothú idir an eagraíocht agus a lucht féachana/éisteacha atá tábhachtach don eagraíocht sin. Sa lucht féachana/éisteachta sin – ar a dtugtar pobail – bíonn custaiméirí reatha agus féideartha, fostaithe, infheisteoirí, na meáin, an rialtas, soláthraithe agus lucht ceaptha tuairimíochta.  Seo a leanas roinnt ról i réimse an Chaidrimh Phoiblí:

Preasoifigeach – Pléann an preasoifigeach leis na meáin, ag freagairt ceisteanna agus fiosruithe thar ceann an fhostóra, maidir le táirge ar leith nó ar son duine ar leith. Scríobhann an preasoifigeach preaseisiúintí freisin, eagraíonn comhdhálacha preasa agus déanann measúnú ar an gclúdach sna meáin.  

Oifigeach CP -  baineann an t-oifigeach seo leas as gach cineál meán agus cumarsáide chun dea-cháil na gcliant a chruthú, a chothú agus a bhainistiú. I measc na gcliant sin bíonn idir chomhlachtaí poiblí, sheirbhísí do ghnóthaí agus eagraíochtaí deonacha. Áiríonn an obair seo teachtaireachtaí a chur in iúl, le leas á bhaint go minic as moladh ó thriú páirtí, do sprioclucht féachana/éisteachta chun dea-thoil a chruthú agus a chothú idir an eagraíocht agus a pobal. Chomh maith leis sin, déanann an t-oifigeach CP monatóireacht ar phoiblíocht agus déanann taighde chun a fháil amach cad iad na cúiseanna imní agus na mianta atá ag páirtithe leasmharana heagraíochta. Ansin cuireann na torthaí faoi bhráid na mbainisteoirí agus míníonn na torthaí sin dóibh. Féadfaidh oifigigh CP obair go minic i gcuideachtaí, i gcomhlachtaí poiblí agus in eagraíochtaí san earnáil phoiblí. Is féidir leo bheith ag obair freisin do chomhairleachtaí CP. 

Feidhmeannach cuntas caidrimh phoiblí
– Cuireann sé/sí chun cinn táirge nó duine trí mhíreanna nuachta, gan úsáid a bhaint as fógraíocht. Chuige sin, déantar táirgí a shuíomh agus cuirtear ailt sna nuachtáin saor in aisce. Bíonn gá freisin plé leis an gcliant agus tuairiscí a scríobh chun a chur in iúl dóibh cén tionchar atá ag an gcaidreamh poiblí ar a ndea-cháil phearsanta, ar dhea-cháil a gcuideachta nó a dtáirge.

Sainchomhairleoir caidrimh phoiblí  - Coinníonn an sainchomhairleoir seo é/í féin ar an eolas faoi nuacht pholaitiúil. Bíonn ar an sainchomhairleoir CP comhairle pholaitiúil agus comhairle faoi bheartas poiblí a chur ar fáil d’fhostóirí éagsúla. Bíonn an Sainchomhairleoir Caidrimh Phoiblí ag plé le páirtithe leasmhara lárnacha sa phróiseas cinnteoireachta i gcomhlachtaí Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha agus rialtais áitiúil. 

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe