Baile     

Síceolaíocht & Cúram Sóisialta

Is éard atá sa chúram sóisialta ná réimse ina bhfuiltear ag iarraidh feabhas a chur ar shaol daoine. Tá raon leathan seirbhísí tacaíochta ar fái, do ghrúpaí amhail daoine scothaosta, daoine gan dídean nó daoine dífhostaithe. Má oibríonn tú sa réimse seo beidh tú gníomhach i do láthair oibre ag cuidiú le daoine a chaithfidh aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ina saol. Tá an tsochaí níos feasaí ar an tábhacht a bhaineann le haire a thabhairt don mheabhairshláinte. Is gairmithe iad síceolaithe, síciteiripeoirí agus comhairleoirí a chuidíonn le daoine aire a thabhairt dá meabhairshláinte. Oibríonn siad ar bhonn duine le duine nó le cuideachtaí.

Obair shóisialta

An bhfuil mórmhian agat feabhas a chur ar shaol daoine? Oibríonn oibrithe sóisialta le daoine faoi mhíbhuntáiste, ag soláthar cúnaimh dóibh ionas gur féidir leo saol iomlán gníomhach a chaitheamh sa tsochaí.

I measc na bhfadhbanna a n-oibríonn oibrithe sóisialta leo tá siad seo: uchtáil, altramas, míchumais, meabhairshláinte, promhadh, iarrthóirí tearmainn agus teifigh, mí-úsáid substaintí agus daoine scothaosta. Is é an sprioc atá acu cuidiú le daoine a bhfuil siad ag obair leo déileáil leis an bhfadhb atá acu agus feabhas a chur ar cháilíocht a saoil.

Déanann oibrithe sóisialta bainistiú ar ‘líon cásanna’ de dhaoine aonair nó de theaghlaigh a bhfuil siad ag obair leo. Is éard a bhíonn i gceist lena gcuid oibre ná cuairteanna a thabhairt ar úsáideoirí na seirbhíse, measúnuithe a dhéanamh, pacáistí tacaíochta a eagrú, moltaí nó atreoruithe a dhéanamh chuig seirbhísí agus gníomhaireachtaí eile, taifid shonracha a choinneáil agus tacaíocht agus faisnéis a sholáthar.

In Éirinn, is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an fostóir is mó d’oibrithe sóisialta. Oibríonn oibrithe sóisialta freisin le gníomhaireachtaí Uchtála, le hospidéil, le clinicí, agus leis an tseirbhís phromhaidh agus shóisialta.

Is féidir céim acadúil san eolaíocht shóisialta a dhéanamh i gcomhthráth le hoiliúint ghairmiúil san obair shóisialta, nó mar mhalairt air sin, is féidir cúrsa iarchéime gairmiúil a dhéanamh, tar éis céim trí bliana san eolaíocht shóisialta nó a chomhionann.

Cúram Sóisialta agus Baile

De ghnáth tugann oibrithe cúraim shóisialta tacaíocht d’oibrithe sóisialta i gcur i bhfeidhm pleananna cúraim ag cur tacaíocht phraiticiúil agus mhothúchánach ar fáil nuair a bhíonn gá ag duine leis sin.

D’fhéadfadh sin a bheith ag obair i mbaile an duine, i lárionad lae, in aonad cúraim cónaithe, le teaghlach altramais, in ionad pobail nó i dteach altranais.

I measc na bhfreagrachtaí tá cúram pearsanta amhail daoine a ní, a ghléasadh, bia a thabhairt dóibh agus cuidiú leo dul go dtí an leithreas. Freagrachtaí eile a bheadh i gceist ná cuidiú le soláthar clár gníomhaíochta i lárionaid lae nó i dtithe altranais nó foireann d’oibrithe sóisialta a bhainistiú in aon cheann de na suíomhanna sin. I measc na ról speisialta tá: oibrí cúraim, cúram faoisimh, feighlí cúraim agus cúntóirí cúnaimh baile.

Ar na saintréithe pearsanta riachtanacha is gá a bheith tuisceanach agus comhbhách, féinfheasach agus aigne-oscailte. Bíonn gá ag cleachtóirí cúraim shóisialta le scileanna láidre idirphearsanta agus cumarsáide, an cumas siarmhachnach go criticiúil, agus a bheith in ann obair i bhfoirne nó obair go hildisciplíneach.

Chun a bheith i d’oibrí cúraim is gá duit a bheith go maith le daoine, a bheith comhbhách, agus scileanna cumarsáide maithe a bheith agat chomh maith le haigne oscailte.

Síceolaíocht agus Comhairleoireacht

Déanann síceolaithe staidéar ar iompar an duine agus ar na nithe a smaoiníonn siad ionas gur féidir leo smaointeoireacht, mothúcháin agus iompar an duine a thuiscint níos fearr. Ansin cuireann siad an t-eolas sin i bhfeidhm chun cuidiú le daoine lena meabhairshláinte.

Oibríonn síceolaithe i suíomhanna iomadúla, mar shampla i suíomhanna cliniciúla, comhairleoireachta, oideachais, eagraíochtúla agus acadúla.

Nuair a bhíonn síceolaithe ag obair mar chomhairleoirí cuidíonn siad le daoine nuair a bhíonn siad ag dul trí amanna dúshlánacha sa saol, mar shampla nuair atá siad faoi strus nó nuair a chailleann siad a dtreo sa saol. Téarma eile a úsáidtear go minic ná síciteiripeoir. De ghnáth is síceolaithe nó síciatraithe iadsan a bhfuil oiliúint orthu i réimse na síciteiripe.

De ghnáth oibríonn comhairleoirí le cliaint ar bhonn duine le duine, ag bualadh leo agus ag cuidiú leo a bhfadhbanna a réiteach faoi rún, ach is minic a bhíonn roghanna ann freisin tabhairt faoi chur chuige i ngrúpa chun déileáil le fadhbanna áirithe coiteanna le daoine eile. Braitheann an rogha ar an réiteach is fearr don othar.

Cúram Leanaí

Is gairm í seo ina bhfuiltear go hiomlán dírithe ar chúram agus ar mhaoirseacht leanaí, mar shampla forbairt an linbh agus oideachas luath-óige.

Oibríonn gairmithe cúraim leanaí ar fud raon seirbhísí cúraim leanaí, idir chúram lae is fheighlíocht ina dteach féin. Éilítear ar ghairmithe cúraim leanaí caighdeán cúraim den chéad scoth a chur ar fáil d’aon leanbh faoina maoirseacht agus is gá go mbeidís in ann freastal ar riachtanais gach linbh indibhidiúil.

Ó tugadh isteach roinnt rialachán agus scéimeanna rialtais tá tionscal an chúraim leanaí ina sheirbhís atá go hiomlán rialáilte a ndéantar faireachán air in Éirinn agus is gairm í a bhfuil móréilimh uirthi. Bíonn cáilíocht QQI Leibhéal 5 ag teastáil, nó a chomhionann, mar íoscháilíocht dóibhsean ar mhaith leo tosach amach ag obair i réimse an chúraim leanaí. I gcás ceannairí seomra bíonn gá acu le cáilíocht QQI Leibhéal 6 nó a chomhionann.

Is measc na seirbhísí réamhscoile tá siad seo a leanas: réamhscoileanna, grúpaí súgartha, naíonraí, naíolanna lae, creiseanna, feighlithe leanaí agus seirbhísí cosúla eile ina dtugtar aire do níos mó ná 3 leanbh réamhscoile.

Chun obair i réimse an chúraim leanaí beidh ort a bheith go maith go nádúrtha le leanaí agus a bheith i do dhuine comhbhách, tuisceanach atá go maith ag an gcumarsáid agus atá foighneach. Toisc a thábhachtaí is atá sé cúram a dhéanamh de leanaí, aon duine ar mhaith leis nó léi a bheith ag obair le leanaí, beidh orthu Imréiteach na nGardaí a fháil.

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe