Baile     

Bainistiú Gnó & Acmhainní Daonna

Eagrú Gnó & Bainistiú Gnó

Eagrú Gnó

Tá fosaithe ag gach gnó agus oibríonn siad ar leibhéil freagrachta éagsúla, ag brath ar cá bhfuil siad suite i struchtúr an ghnó, nó ar an mbealach a bhfuil an gnó ‘eagraithe’. Tugann struchtúr na heagraíochta rudaí éagsúla le fios: an cineál ceannaireachta a úsáideann an gnó; cá scagtar freagrachtaí; línte cumarsáide; beartais na cuideachta; údarás agus slabhra ceannais; agus an treo ina ngluaiseann eolas etc. Is féidir struchtúr Ordlathach nó struchtúr Cothrom a bheith ag gnó. Bíonn múnla Maitríse nó Cnuasaigh ag gnóthaíeile.

Is mar a bheadh pirimid eagraíochtaí le struchtúr ordlathach – bíonn daoine fosaithe acu ar leibhéil éagsúla, agus bíonn 'Slabhra Soiléir Ceannais’ i bhfeidhm acu:

Barrleibhéal:

Bord Stiúrthóirí; Uachtarán; Bainisteoir Ginearálta;

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin (POF); 

Meánleibhéal:

Bainisteoir Airgeadais; Bainisteoir Táirgthe; Bainisteoir Acmhainní Daonna;

Bainisteoir Díolachán & Margaíochta; Bainisteoir Oibríochtaí; 

Leibhéal Iontrála nó Oibríochtúla:

Cuntasóir Sinsearach; Cuntasóir Cúnta;

Bainisteoir Díolachán Áitiúil;

Maoirseoir Táirgthe; Cinn Foirne;

Foireann Díolachán; Oibrithe Táirgthe;

Ag bun an tslabhra ceannais bíonn na hOibrithe, an fhoireann a tháirgeann na táirgí nó na seirbhísí a chuireann an gnó ar fáil. Bíonn oibrithe faoi stiúir na bhfosaithe ag an gcéad leibhéal eile e.g. Cinn  Foirne, atá freagrach as gnáthróil laethúla bhainistíochta. Ansin bíonn na Cinn Foirne faoi stiúir na mBainisteoirí Oibríochtaí a bhíonn faoi stiúir an Bhainisteora Ghinearálta.

Bíonn líon na bhfostaithe ar gach leibhéal den struchtúr ordlathach ag brath ar mhéid na heagraíochta. Maidir le deiseanna chun ardú céime a fháil sa ghnó, d’fhéadfaí ardú a fháil ó bheith ag obair i roinn ar leith chuig ról saineolaí i réimse nó i bhfeidhm ar leith, nó ardú céime a fháil chuig post ar an bhFoireann Bainistíochta.

Bainistiú Gnó


Is éard atá i gceist le bainistiú ná cuidiú le daoine spriocanna inmhianaithe a bhaint amach. Tá bainistiú déanta suas den phleanáil, eagrú, soláthar acmhainní, ceannaireacht nó stiúradh, agus rialú a dhéanamh ar eagraíocht ar mhaithe le sprioc a bhaint amach. Is é ról an bhainisteora smacht a choinneáil ar an gcaoi a bhfuil an gnó nó an eagraíocht ag feidhmiú, agus stiúradh is spreagadh a dhéanamh ar an bhfoireann. I measc na bhfreagrachtaí is tábhachtaí sa bhainistíocht tá ‘acmhainní’. Is é sin na daoine is fearr a earcú (Bainistiú Acmhainní Daonna) nó airgead a fháil (Acmhainní Airgeadais), nó cibé rud eile is gá chun an eagraíocht a choinneáil ag feidhmiú mar is cóir. I measc na n-acmhainní eile a mbeadh an bainisteoir freagrach astu bheadh:

  • Teicneolaíocht Faisnéise (TF)- a chinntiú go bhfuil córais éifeachtacha TF in úsáid san eagraíocht
  • Ábhair – a chinntiú go bhfuil ábhair á n-úsáid go ceart gan ábhar a chur amú
  • Am – a chinntiú go bhfuil am á úsáid go héifeachtach ar fud na n-oibríochtaí
  • Foirgnimh, innealra agus trealamh – a chinntiú go mbaintear úsáid shábháilte, chuí, éifeachtach astu agus go ndéantar iad a chothabháil

Bíonn bainisteoirí freagrach as a lán seirbhísí a chuidíonn le heagraíochtaí feidhmiú go héifeachtach. Athraíonn saindualgais bainisteoirí de réir leibhéal na freagrachta orthu agus de réir an údaráis atá acu. Féadtar róil Bainistíochta Gnó a fháil sna réimsí seo a leanas:

  • Miondíol  -  bainisteoir ollmhargaidh nó siopa
  • Déantúsaíocht – bainisteoir táirgthe nó pearsanra 
  • Fóntais   -  bainisteoir oibríochtaí (leictreachas, gás agus soláthar uisce)
  • Tógáil  -  bainistiú tionscadail
  • Dáileadh  -  bainisteoir dáilte lóistíochta
  • Óstaíocht & Lónadóireacht -  bainisteoir óstáin
  • Iompar  -  bainisteoir TFC agus seirbhísí gnó

Is féidir bainisteoirí a bheith ann ar aon leibhéal in eagraíocht. De ghnáth bíonn an fhoireann ardbhainistíochta déanta suas d’fhoireann daoine ar an leibhéal is airde san eagraíocht a bhfuil an fhreagracht laethúil orthu as bainistiú a dhéanamh ar chuideachta nó ar chorparáid mhór. Beidh daoine a bhfuil fiú níos mó freagrachta ná sin orthu, mar shampla an Bord Stiúrthóirí agus iadsan ar leo an chuideachta (scairshealbhóirí), ag díriú ar bhainistiú a dhéanamh ar an lucht ardbhainistíochta, seachas ar ghníomhaíochtaí laethúla an ghnó.

Is féidir a lán bainisteoirí a bheith fostaithe in eagraíochtaí móra: Bainisteoirí i bhfeighil réigiúin éagsúla (Bainisteoirí Réigiúnacha); Bainisteoirí i bhfeighil gnéithe éagsúla den ghnó, mar shampla d’fhéadfaidís bainistiú a dhéanamh ar roinn (díolacháin) nó ar fheidhm ar leith (TF). Déanann na bainisteoirí meánleibhéil seo pleananna roinne a fhorbairt, socraíonn siad spriocanna agus spriocdhátaí, cuireann siad gnáthaimh i bhfeidhm agus cuireann siad feabhas ar tháirgeacht agus ar an tseirbhís do chustaiméirí. D’fhéadfadh bainisteoirí meánleibhéil a bheith páirteach in earcú nó i ndífhostú fostaithe (Bainisteoirí AD). 

Bainistíocht AD

Is éard atá i gceist le bainistiú Acmhainní Daonna (AD) ná bainistiú a dhéanamh ar na sócmhainní is luachmhaire ag eagraíocht – na daoine atá ag obair san eagraíocht agus a bhaineann amach spriocanna an ghnó i gcomhar lena chéile. Tá sé seo ar cheann de na róil speisialtóireachta bainistíochta in aon eagraíocht mheánach nó mhór. De ghnáth bíonn oideachas nó oiliúint ar leith ag teastáil chun a bheith i do Bhainisteoir AD chun gur féidir tascanna ar leith a bhaint amach, agus is minic a fhaightear post mar Bhainisteoir AD tar éis na blianta de thaithí de bheith ag obair in eagraíocht.

Dul le Gairm sa Bhainistiú Gnó

Braitheann na cáilíochtaí is gá chun post a fháil sa bhainistiú gnó ar mhéid agus ar chastacht na heagraíochta. I gcuideachtaí beaga bheadh Ardteastas dhá bhliain ó Choláiste Tríú Leibhéal inmhianaithe. D’fhéadfadh go mbeadh gá le roinnt taithí oibre le haghaidh post in mbainistiú oifige. In eagraíochtaí níos mó ina bhfuil róil speisialtóireachta bhainistíochta, bíonn gá le cáilíochtaí níos airde sa ghnó agus sa bhainistiú, de ghnáth Céimeanna leibhéal  7/8.

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe