Baile     

Fógraíocht, Margaíocht & Caidreamh Poiblí

Is gá do gach stát a shaoránaigh a chosaint. An jab atá ag Fórsaí Cosanta na hÉireann ná an stát a chosaint ó ionsaí seachtrach. Is iad an tArm, an Cabhlach agus an tAerchór na trí rannóg dár bhfórsaí cosanta.

Faoi láthair tá tuairim is 8,500 fear agus bean fostaithe in Arm na hÉireann. Tá ról tábhachtach ag an arm mar choimeádaithe síochána, mar bhreathnóirí agus mar fhorghníomhairí síochána, mar shampla sa Mheánoirthear, in Iarthuaisceart na hAfraice agus san Áise.

Is ar na Gardaí atá an fhreagracht as forghníomhú an dlí in Éirinn. Tá breis is 12,000 Garda i bhfórsa póilíneachta an stáit agus tá siad i bhfeighil gach gné de dhlí agus ord sa Stát.

NA GARDAÍ



Bíonn gá fhios a bheith agat conas obair mar bhall d’fhoireann, conas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le daoine, agus conas réiteach a fháil ar fhadhbanna chun coinbhleacht a réiteach. Déantar daoine a roghnú le bheith ina ngardaí trí phróiseas earcaíochta agus triail inniúlachta i réimsí na pleanála agus an ullmhúcháin, cúrsaí pobail, ardchaighdeáin a bhaint amach, cinnteoireacht, dul i bhfeidhm ar dhaoine eile, agus bheith i bhfeighil. 


[Tá eolas sonrach le fáil sa phróifíl Garda Síochána anseo]


Chun cur isteach ar áit leis an Gardaí Síochána is gá a bheith idir 18 agus 34 bliain d’aois. Is gá do gach Garda a bheith sláintiúil, go meabhrach agus go fisiceach araon. Bíonn gá scrúdú measúnachta a dhéanamh agus reáchtálann an Oifig um Cheapacháin Phoiblí an scrúdú sin. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Chúltaca an Gharda Síochána cliceáil anseo.

Bíonn cúltacaíocht ar fáil do na Gardaí ó roinnt aonad speisialtóireachta san fhórsa:

  • An Rannóg Mhapála
  • An Rannóg Mhéarloirge
  • Rannóg na nDoiciméad
  • An Oifig um Idirchaidreamh Idirnáisiúnta
  • An tAonad Uisce
  • An tAonad Náisiúnta Drugaí
  • An Biúró Náisiúnta Tráchta
  • An Biúró um Shócmhainní Coiriúla agus
  • An Marc-aonad.

Cuireann na rannóga seo a leanas tacaíocht ar fáil freisin: an Rannán Caidreamh Pobail, an tAonad Aerthacaíochta, an Biúró Náisiúnta um Imscrúdú Coiriúil agus an tAonad Speisialta Bleachtaireachta. Sa mhéid go bhfuil na feidhmeanna speisialtóireachta go léir seo ann bíonn a lán deiseanna ag gardaí dul chun cinn a dhéanamh ina ngairmeacha.

Traenáil trí bliana atá i gceist chun bheith i do gharda, agus tarlaíonn sé seo sa Teampall Mór. Déantar obair phraiticiúil faoi mhaoirseacht i stáisiúin roghnaithe Gardaí chomh maith mar chuid den oiliúint.

Déantar an clár oiliúna promhaidh sa Teampall Mór a chomhshnaidhmeadh le cúrsa dioplóma tríú leibhéal a thagann faoi scáth Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais. Tá BA ar fáil ón gcoláiste freisin sa bhainistíocht póilíneachta ó ghrád an cheannfoirt aníos.

Chun bheith incháilithe cur isteach ar áit sa Gharda Síochána is gá na torthaí seo a leanas a bheith bainte amach agat san Ardteistiméireacht nó i nGairmchlár na hArdteistiméireachta: grád D nó os a chionn sa ghnáthleibhéal i 5 ábhar ar a laghad (Gaeilge, Béarla agus Mata san áireamh). Mar rogha air sin, d’fhéadfadh iarrthóirí a bheith incháilithe leis na torthaí seo a leanas: grád D nó os a chionn sa ghnáthleibhéal i dtrí ábhar ar a laghad (Béarla san áireamh) chomh maith le grád B nó os a chionn sa Mhatamaitic bonnleibhéal agus grád C nó níos airde sa Ghaeilge bonnleibhéal, san Ardteistiméireacht nó i nGairmchlár na hArdteistiméireachta.

Glactar le grád tuillteanais san Ardteistiméireacht Fheidhmeach nó gráid chomhchosúla i scrúdú eile, más dóigh leis an Aire Dlí agus Cirt nach bhfuil siad ar chaighdeán níos ísle ná na cinn thuasluaite.

Tabhair faoi dearaD’fhéadfadh riachtanais agus gnáthaimh iontrála le haghaidh feachtais nua earcaíochta a bheith éagsúil le cinn a bhí ann roimhe seo – is gá i gcónaí na treoirlínte is déanaí a léamh.

FÓRSAÍ COSANTA NA hÉIREANN

Tá na Fórsaí Cosanta déanta suas den Fhórsa Cosanta Buan agus den Fórsa Cosanta Cúltaca. Is é ról na bhFórsaí Cosanta an stát a chosaint, agus páirt a ghlacadh i misin na Náisiún Aontaithe agus seirbhís cosanta iascaireachta a sholáthar. D’fhéadfadh an Rialtas iarraidh orthu freisin dualgais eile a chomhlíonadh i gcás éigeandála.

Na Fórsa Cosanta Buana Tá trí bhealach isteach sna Fórsaí Cosanta Buana: Dalta, Earcach agus Comórtais do Speisialtóirí  (e.g. Printísigh, Ceoltóirí, Dochtúirí etc).

Dalta

Daltaí– glactar leo isteach sna fórsaí cosanta chun oiliúint a fháil mar oifigigh. Is iad na hOifigigh Airm na Bainisteoirí, na Cinnteoirí agus na Ceannairí sna Fórsaí Cosanta. Bíonn ar Dhaltaí nó oifigigh faoi oiliúint 15 mhí oiliúna a dhéanamh sa Choláite Míleata agus cuimsítear a lán réimsí staidéir sular féidir leo post oibríochtúil a ghlacadh sna Fórsaí Cosanta Buana.

Bíonn ar an Dalta Aerchóir cúrsa 21 mí a dhéanamh, ar dtús sa Scoil Daltaí, Coláiste Míleata, Ionad Oiliúna na bhFórsaí Cosanta, Campa an Churraigh, Co. Chill Dara agus ansin sa Rannóg Oiliúna Eitilte, Aeradróm Mhic Easmainn, Baile Dhónaill, Co. Átha Cliath. Ar chur i gcrích sásúil na hoiliúna sin téann sé/sí chun an oiliúint a chríochnú le hOifigeach/Píolóta san Aerchór.

Chun bheith i do dhalta is gá na saintréithe seo a leanas a bheith agat:

  • An cumas bheith in ann pleanáil, tosaíochtaí a shocrú agus daoine is acmhainní eile a eagrú
  • An cumas anailís chúramach a dhéanamh ar fhadhbanna, chun réitigh iomchuí a sholáthar
  • An cumas eolas a chur de ghlanmheabhair agus bheith in ann eolas ábhartha a aithint
  • Scileanna soiléire, beachta, éifeachtacha cumarsáide
  • An cumas daoine a spreagadh agus a chomhordú agus tascanna a shannadh dóibh
  • Le haghaidh sonraí faoi riachtanais iontrála, téigh chuig an rannóg 'Ask the Experts' a chuir na Fórsaí Cosanta ar fáil (ar barr, ar dheis).

Printísigh agus Comórtais Speisialtóirí 

Ní dhéantar printísigh a earcú sna Fórsaí Cosanta ach amháin i gcás go dtagann riachtanas ar leith chun cinn agus mar sin ní tharlaíonn sé sin go rialta. Is nós leis na Fórsaí Cosanta anois pearsanra a oiliúint ‘sa phost’. Ó am go chéile, déanann na Fórsaí Cosanta daoine a earcú ó chatagóirí eile speisialtóirí e.g. Ceoltóirí le haghaidh Scoil Cheoil na bhFórsaí Cosanta (Bannaí Míleata) nó Teicneoirí i Seomra Innill ar bord Loinge. Má cheadaítear a leithéidí de chomórtais déantar iad a fhógairt sa phreas náisiúnta agus ar www.military.ie

Earcaigh 

Bíonn gá ag earcaigh sna Fórsaí Cosanta Buana oiliúint de c16 seachtaine a chur i gcrích. Le linn na tréimhse sin, bíonn orthu cónaí sa bheairic. Mar chuid den traenáil seo  Áirítear sa traenáil seo druil choise, druil arm, céadchabhair, aimsitheoireacht mhuscaeid, oiliúint oirbheartaíoch agus fhisiceach. Sa chéim seo den traenáil déantar iad a oiliúint in úsáid raidhfil Steyr agus Meaisínghunna Ilchuspóireach.

Déantar daoine a earcú de réir mar is gá. Bheadh gá iarratas a chur isteach díreach chuig an oifig fostaíochta briogáide is cóngaraí duit nó chuig Ceanncheathrú na bhFórsaí Cosanta i gcás go bhfuil comórtas á reáchtáil./


[Tá eolas sonrach le fáil sa phróifíl Óglaigh na hÉireann anseo]

AN tSEIRBHÍS PHRÍOSÚIN 


Tá an tSeirbhís Príosúin  freagrach as timpeallacht shlán, shábháilte, dhaonnúil a sholáthar do phríosúnaigh. Tá sé seo ina ghné lárnach de chóras coiriúil na tíre chun a chinntiú go bhfuil an pobal níos sábháilte. An post ag leibhéal na hiontrála isteach sa tSeirbhís ná Earcach Oifigigh Príosúin.

Is í aidhm na Seirbhíse Príosúin bainistiú a dhéanamh ar phianbhreith choimeádta ar bhealach a spreagfadh príosúnaithe beartú ar shaol a chaitheamh de réir an dlí mar bhaill luachmhara den tsochaí. Seo a leanas freagrachtaí agus feidhmeanna na Seirbhíse Príosúin: 

  • Córas éifeachtach, éifeachtúil, dhaonnúil príosúin a chur i bhfeidhm.m
  • Daoine a choinneáil sa phríosún ar ciontaíodh iad sna cúirteanna agus chun leibhéal iomchuí slándála a sholáthar.
  • Ord agus riail a choinneáil ar fud an chórais príosúin.
  • Caitheamh leosan atá faoi choinneáil le cúram agus le dínit agus a chinntiú go bhfuil saoráidí ann dóibh a chuirfidh chun cinn a bhfolláine.
  • Athshlánú na bpríosúnach a spreagadh chun iad a ullmhú le dul ar ais sa phobal arís.
  • Cuidiú le príosúnaithe nasc a choinneáil lena dteaghlach agus leis an bpobal.

An tSeirbhís Phríosúin – Eolas faoi Ghairmeacha

Déantar daoine a earcú chuig an tseirbhís Phríosúin trí www.publicjobs.ie

AN tSEIRBHÍS DÓITEÁIN
Tá a stáisiúin dóiteáin féin ag formhór mór na nÚdarás Áitiúil agus déantar iad a bhainistiú ar an leibhéal áitiúil. Bíonn ról comhairleach, reachtúil agus cinnteoireachta ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.

San iomlán, tá 30 seirbhís dóiteáin i bhfeidhm ag 37 Údarás Dóiteáin, atá faoi bhainistíocht comhairlí contae, comhairle buirge agus comhairlí baile sa Stát. Déanann foireann na seirbhísí dóiteáin riar ar 222 stáisiún dóiteáin ar fud na tíre agus tá siad déanta suas de chomhraiceoirí gairmiúla lánaimseartha dóiteáin chomh maith le foireann pháirtaimseartha. 

Déanann foireann choinnithe suas tuairim is dhá thrian den iomlán ar bhonn náisiúnta. Déantar iadsan a earcú i limistéir thuaithe, agus bíonn siad ar fáil i gcás éigeandálaí i gcónaí. Freastalaíonn na comhraiceoirí dóiteáin lánaimseartha ar chathracha agus ar limistéir uirbeacha níos mo, agus oibríonn siad ar bhonn sealaíochta chun clúdadh 24 uair a sholáthar.
Is i mBaile Átha Cliath atá an briogáid dóiteáin is mó, mar a bhfuil 740 comhraiceoir dóiteáin fostaithe agus freagraíonn siad do  750,000 glao gach bliain.

Conas Dul le Gairm sa tSeirbhís Dóiteáin

Déanann gach údarás áitiúil poist a fhógairt go díreach (www.publicjobs.ie agus sna nuachtáin náisiúnta) i gcás go bhfuil deiseanna earcaíochta ann. De ghnáth bheadh ort bheith idir 20 agus 25 bliain d’aois chun cur isteach ar cheann de na poist seo. Poist pháirtaimseartha iad a lán de na poist ar fud na tíre.

OBAIR SHLÁNDÁLA

Bíonn cineálacha éagsúla oibre ar fáil sa ghnó slándála. Bíonn a lán post ar fáil d’fhoireann slándála chun bainc agus áitribh a cosaint – mar shampla siopaí a bhfuil an baol ann go ngoidfí a gcuid earraí. Chomh maith leis sin, tá poist ann do dhoirseoirí i gclubanna oíche. Níl aon cháilíochtaí socraithe ann chun obair sa ghnó seo. Is gá do phearsanra slándála a bheith sláintiúil agus aclaí. 

Bíonn ar Ghardaí Slándála a bheith ar an airdeall i gcónaí. Is gá fanacht socair chun coinbhleacht a réiteach agus bíonn cuideachtaí slándála ag lorg saintréithe mar sin sna daoine a fhostóidís. Déantar formhór na hoibre seo le linn uaireanta frithshósialta, mar go mbíonn an gá is mó le slándáil i rith na hoíche. Déanann an chuid is mó de na cuideachtaí slándála daoine a oiliúint iad féin.
Tá roinnt cúrsaí ar fáil trí FAS agus Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

 

 

Easnaimh Scileanna

Ní bhfuarthas aon cheann

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe