Baile     

Ríomhairí & Bogearraí

Bíonn scileanna teicneolaíochta agus ríomhaireachta ina scileanna thar a bheith luachmhar d’aon oibrí sa lá atá inniu ann. Fiú mura dtéann tú le gairm sa ríomhaireacht, is dócha go mbeidh úsáid á bhaint agat as ríomhairí agus teicneolaíocht chun tascanna a chur i gcrích agus chun eolas a phróiseáil.  

Faoi láthair tá breis is 5,000 cuideachta teicneolaíochta in Éirinn, idir chuideachtaí nuabhunaithe agus chuideachtaí beaga agus meánmhéide, is chuideachtaí mhóra idirnáisiúnta agus ilnáisiúnta. Tá líon na gcuideachtaí ilnáisiúnta faoi úinéireacht Éireannach ag dul i méid.

Forléargas ar an earnáil TFC in Éirinn sa lá atá inniu ann. 

Is Innealtóir Leictreonaice é Chris Horne; comhbhunaitheoir Iona Technologies agus Cathaoirleach reatha Engineers Ireland agus Science Gallery i gColáiste na Tríonóide.

Tá cúlra ag Aoibhinn Ni Shuilleabháin sna Fhisic Theoiriciúíl agus chríochnaigh sí Dioplóma san Oideachas le déanaí. Cuireann sí chun cinn eolaíocht agus matamaitic trína cuid oibre le ‘Discover Science and Engineering’, agus le Science Gallery i gColáiste na Tríonóide.

Dar le Forfás (EGFSN, Feabhra 2014), bhí isteach is amach le 68,280 gairmí TFC ag obair san earnáil TFC agus ar fud earnálacha eile sa gheilleagar, e.g. Seirbhísí Airgeadais, Seirbhísí Gnó, Déantúsaíocht etc. in 2012.

Thug tuarascáil Forfás le fios go mbeidh méadú 5% ar an méan in aghaidh na bliana ar an éileamh ar scileanna TFC suas go dtí an bhliain 2018. Ciallaíonn sé seo go n-ardóidh an líon gairmithe TFC in Éirinn os cionn 91,000. Meastar go mbeidh easnamh gairmithe TFC ar fud na hEorpa (AE 27), ag 372,000 faoi 2015 agus go bhféadfadh sé bheith chomh hard le 864,000.

An chúis leis an méadú ar éileamh seo ná go bhfuil an tionscal domhanda TFC i lár claochlaithe a tharlaíonn “uair gach 20-25 bliain” san ardán teicneolaíochta. Meastar go mbeidh an t-ardán nua seo (an "Tríú Ardán") chun tosaigh sa mhargadh faoin mbliain 2020. Seo a leanas roinnt de thréithe an Tríú Ardán:

  • Néalríomhaireacht
  • Líon na bhFeistí Móibíleacha atá ag dul i méid go han-ghasta
  • Anailísíocht Sonraí Móra
  • Úsáid Teicneolaíochtaí Sóisialta sa timpeallacht ghnó
  • An gá atá le Slándáil TF
  • Micritheicneolaíocht agus Nanaileitreonaic

Leis an tonn mhór nuálaíochta TFC seo beidh éileamh níos mó ar scileanna agus cumais TFC. San earnáil TFC bíonn gá le daoine ar féidir leo dearadh, forbairt agus cur i bhfeidhm a dhéanamh ar fheidhmchláir agus ar sheirbhísí nua.

Bíonn gá le daoine freisin a bhfuil meascán de scileanna acu, mar shampla, Olltiomsú Sonraí  ina mbíonn gá le meascán scileanna, cosúil le teicneolaíocht, staitisticí agus scileanna gnó; Meáin Shóisialta ina mbíonn gá le meascán de scileanna teicneolaíochta agus margaíochta.

Éabhlóid an Tionscail TFC chuig an Tríú Ardán le haghaidh Fáis:

Foinse Forfás 

Tionscal na Ríomhaireachta

Is féidir tionscal na ríomhaireachta féin a roinnt in dhá chuid: crua-earraí agus bogearraí. Is éard atá i  gcrua-earraí ná an t-innealra agus an trealamh a bhaineann leis an ríomhaire agus na giuirléidí breise go léir a ghabhann leis, mar shampla printéirí, scanóirí agus callairí.
Chun gur féidir le ríomhaire feidhmiú, áfach, bíonn gá leis an bhfaisnéis a chuirtear isteach ann chun a insint dó conas an tasc a chur i gcrích – agus bíonn gá an fhaisnéis sin a chur isteach trí ríomhchlárú a dhéanamh. Tugtar bogearraí ar na cláir ríomhaireachta sin.

Crua-earraí TFC

Áirítear i measc chrua-earraí TFC déantúsaíocht leathsheoltóirí, ciorcaid iomlánaithe, crua-earraí ríomhaireachta, gléasanna forimeallacha agus gléasanna stórála. Tá tuairim is 27,000 duine fostaithe sa réimse seo in Éirinn (Foinse: 2012 Government Action Plan for Jobs).

Tá Éire ag tús cadhnaíochta mar ionad do dhéantúsaíocht agus do chur le chéile comhpháirteanna ríomhairí. Tá saoráidí déantúsaíochta ag cuideachtaí móra dála IBM, Hewlett Packard agus Dell anseo in Éirinn agus bíonn siad i mbun comhpháirteanna ríomhairí a dhearadh agus a tháirgeadh agus úsáidtear iadsan ar fud an domhain.

Déanann Intel agus AMD leathsheoltóirí a tháirgeadh. Tosaíonn saol an chrua-earra i rannóga taighde agus forbartha na gcuideachtaí déantúsaíochta. Bíonn foirne d’ innealtóirí (meicniúla, leictreonacha, leictreacha, déantúsaíochta, CAD, bogearraí etc.) ag obair i gcomhar lena chéile chun na comhpháirteanna is nuálaí a dhearadh, a thástáil agus a tháirgeadh.

Chomh luath agus a chinntítear go bhfuil táirge cruthaithe a shásóidh riachtanas éigin sa mhargadh, tosaítear ar phróisis déantúsaíochta chun an táirge deiridh bailchríochnaithe a tháirgeadh. I gcás táirgí casta, mar shampla ríomhaire glúine, is gá an iliomad comhpháirteanna a chur le chéile agus is gá é sin a dhéanamh de réir sonraíochtaí beachta.

Cuimsítear san obair seo an obair thaighde & forbartha a dhéanann innealtóirí, eolaithe agus teicneoirí cáilithe a oibríonn sa chóimeáil agus pacáistiú deiridh a dhéantar ar na táirgí (ríomhairí glúine, printéirí, scanóirí, ceamaraí gréasáin etc.). Sa mhéid go bhfuil an raon deiseanna chomh fairsing sin, bíonn daoine de gach aois agus le gach sórt taithí oideachais le fáil san earnáil seo.

Seo a leanas na scileanna TFC atá ann faoi láthair agus a mbeidh gá leo amach anseo, dar leis an tuarascáil is déanaí ó EGFSN (Feabhra 2014):

  • Scileanna i dteoiric rialaithe agus bogearraí, róbataic, agus feidhmchláir físchórais chun tacú le huathoibriú  -  tá easnaimh ann ag leibhéal an innealtóra agus an teicneora araon
  • Scileanna speisialtóireachta innealtóireachta mar shampla; innealtóirí leictreonaice le taithí in ábhair agus tástáil.

Dul le Gairm TFC

Ní mór do dhaoine ar mhian leo dul le gairm TF a bheith fiosrach, an cumas a bheith acu smaoineamh go loighciúil, agus scileanna maithe fadhbréitigh a bheith acu. Chomh maith leis sin, bheadh tuiscint mhaith ar mhatamaitic agus scileanna maithe cumarsáide ag teastáil sa mhéid gur bunchuid d’fhormhór na bpost TF iad an fabhtcheartú, an obair foirne, agus cuidiú le daoine eile. 

De bhreis air sin, bíonn gá ag dearthóirí agus forbróirí gréasáin le cruthaitheacht agus scileanna ealaíne. Bíodh siad ag déileáil le custaiméirí, le bainisteoirí, nó le speisialtóirí ríomhaireachta eile, bíonn ar ghairmithe TF a bheith in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin theicniúla agus iad a réiteach, maille le bheith in ann cumarsáid go héifeachtach ar pháipéar, go pearsanta agus trí na meáin leictreonacha. 

I láthair na huaire tá roinnt mhaith deiseanna ann in earnáil na TF, do dhaoine le hardscileanna, ar poist spéisiúla iad le tuarastal maith. Déanta na fírinne, tá ganntanas fós in Éirinn d’oibrithe cáilithe TF a bhfuil scileanna solúbtha inaistrithe acu agus ar féidir leo iad féin a chur in oiriúint go héasca agus freagairt don láthair oibre TF a bhíonn de shíor ag athrú. 

Cuireann Coláistí agus Ollscoileanna Tríú Leibhéal ar fud na hÉireann cúrsaí ar fáil sa TF ag na leibhéil seo a leanas: Ardteastas (Leibhéal 6), Gnáthchéim (Leibhéal 7) agus Céim Onórach (Leibhéal 8). Go minic is féidir tabhairt faoi ríomhaireacht mar chuid de chúrsa gnó nó teangacha. Cuireann na cúrsaí seo raon leathan speisialtachta ar fáil sa tionscal.

Moltar do dhaoine taighde cúramach a dhéanamh ar ábhar cúrsa agus ar roghanna cúrsa amach anseo.  Tá an tionscal ríomhaireachta cuíosach óg agus ciallaíonn sé seo go mbíonn an láthair oibre seo bríomhar go minic agus go mbíonn saol sóisialta maith ann i ndiaidh na hoibre. Chomh maith leis sin, ciallaíonn sé nach bhfuil gairmréim chomh do-athraithe sin agus gur féidir le duine cumasach ardú céime a fháil go héasca. 

Is féidir leis an tuarastal tosaigh do dhuine le céim in ábhar a bhaineann le ríomhaireacht a bheith sa raon 20,000 go 30,000 euro. Tá sé beagnach cinnte go bhfaigheadh duine atá cáilithe go cuí fostaíocht le pá maith.

Bileoga Úsáideacha Gairme ó STEPS to Engineering [comhaid pdf]

Innealtóireacht Ríomhaireachta
& Bogearraí
Engineering Life
Computer and Software Engineering

 

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe