Baile     

Fisic, Matamaitic & Spáseolaíocht

  • An dtaitníonn matamaitic nó fisic leat?
  • An maith leat tomhais agus fadhbanna eile a réiteach? 
  • An bhfuil spéis agat i bhfionnachtana nua eolaíochta? 
  • An maith leat bheith ag obair ar ríomhairí?

Más ea, d'fhéadfá gairm a lorg san earnáil seo.

Fisic

Is miotas coitianta é go bhfuil an fhisic ródheacair do gach duine ach Einstein. Ní fíor é sin. Is fíor gur ábhar dúshlánach í an fhisic, ach tá an scéal céanna amhlaidh do gach ábhar a dtugann tú faoi go dáiríre. Déarfaidh go leor fisiceoirí rathúla leat nach raibh siad féin ag barr an ranga ar scoil. Spéis agus spreagadh a bhí acu.



Obair thaighde agus forbartha is mó a dhéanann fisiceoirí. Déanann cuid acu taighde bunúsach chun an eolaíocht a chur chun cinn. Bíonn fisiceoirí a dhéanann taighde feidhmeach ag tógáil ar na fionnachtana a dhéantar sa taighde bunúsach agus ag obair chun fearais, táirgí agus próisis nua a fhorbairt.

Rinneadh trasraitheoirí a fhorbairt as taighde bunúsach i bhfisic sholaidstaide agus tháinig na ciorcaid chomhtháite a úsáidtear i ríomhairí astu sin. Bíonn trealamh taighde á ndearadh ag fisiceoirí freisin, agus is iomaí úsáid gan choinne a bhíonn acu sin. Baintear úsáid as léasair i máinliacht mar shampla, bíonn fearais mhicreathonn ag feidhmiú in oighinn, agus is féidir le huirlisí tomhais anailís a dhéanamh ar fhuil nó ar ábhar ceimiceach i mbia.
Obair chigireachta, tástála, rialú caighdeáin agus poist eile a bhaineann le táirgeacht i dtionsclaíocht a bhíonn ag fisiceoirí de ghnáth.

Bíonn níos mó céimithe anois ag cáiliú do phoist taighde feidhmeach i dtionscail phríobháideacha nó i róil neamhthraidisiúnta fisice, in eolaíocht ríomhairí go minic, mar anailísí córas nó mar riarthóir bunachar sonraí.

Is samplaí iad seo leanas den ghnáthréimse fostaíochta:

  • Anailís riosca airgeadais (matamaitic)
  • Anailís stocmhargadh (matamaitic)
  • Léasair agus Optaicí (teileachumarsáid, optaiméadracht, holagrafaíocht, etc.)
  • Eolaíocht Imshaoil (aimsir, aigéaneolaíocht, rialú ar thruailliú, srl)
  • Leigheas (íomháú leighis, cíoríocht radaíochta, léasair)
  • Eolaíocht Spáis (speisialtóirí misin, dearadh satailíte, srl)
  • Fuaimíocht (taighde callairí, dearadh hallaí, srl) 
  • Leictreachas agus maighnéadachas (bainistiú cumhachta, dearadh aintéine, Ionstraimíocht, srl)
  • Eolaíocht núicléach (dearadh iomoibreora, bainistiú dramhaíola, srl) 
Bileoga Úsáideacha Gairme ó STEPS to Engineering [comhaid pdf]

Fisiceoir

Nanaitheicneolaíocht

Is réimse den eolaíocht agus den teicneolaíocht í an nanaitheicneolaíocht ina ndéantar ábhar a rialú ar an scála adamhach agus móilíneach, ag 100 nanaimhéadar nó níos lú de ghnáth, agus feistí nó ábhair a dhéanamh laistigh den raon méide sin. Is é sin an scála a bheadh ag roinnt adamh agus móilíní beaga. Tá sé na deicheanna de mhílte uair níos lú ná leithead ribe gruaige.
Fásann d’ingne timpeall nanaiméadar amháin sa tsoicind.Tá trí phríomhréimse ann:

  • NanaiBhiteicneolaíocht – an nanaitheicneolaíocht a chomhtháthú le biteocneolaíocht, ag leibhéal móilíní. Próiseas déthreoch is ea é seo – baineann sé le huirlisí nanaitheicneolaíochta a úsáid chun staidéar a dhéanamh ar phróisis bhitheolaíocha ag an leibhéal móilíneach, agus meáin bhitheolaíocha a úsáid chun nanachórais theicniúla a tháirgeadh.
  • Nana-Ábhair – tá siad seo “cruinn go hadamhúil” ar bhealach nach féidir le hábhair thraidisiúnta a bheith. Tugann sé seo airíonna nua úsáideacha dóibh, ar nós neart iontach i gcomparáid lena meáchan.
  • NanaiLeictreonaic – leictreonaic ar scála níos lú ná miocrón (an milliúnú cuid de mhéadar). Le ciorcaid chomh beag bídeach seo beidh ríomhaire i bhfad níos lú agus millteanach cumhachtach.

Is cuid den ulmhúchán atá á dhéanamh againn mar thír don réabhlóid nanaitheicneolaíoch é tionscadal NanoIreland. Tá sé ag dul i bhfeidhm ar bheartas an rialtais agus é d’aidhm aige cabhrú le hÉirinn na roghanna cearta a dhéanamh maidir le nanaitheicneolaíocht.

Tá breis eolais le fáil ar an suíomh idirlín www.science.ie. Is féidir leabhar iomlán le K.Eric Drexler, "Engines of Creation - The Coming Era of Nanotechnology" a léamh ar líne.

Matamaitic
Déanann daoine le teidil seachas matamaiticeoir a lán den obair a bhaineann úsáid as matamaitic. Go deimhin, mar go bhfuil an mhatamaitic ina bunchloch don oiread sin gairmeacha, is mó go mór an líon oibrí a úsáideann teicnící matamaitice ná an líon a aithnítear go foirmiúil mar mhatamaiticeoirí.

Mar shampla, tá innealtóirí, eolaithe ríomhaireachta, fisiceoirí agus eacnamaithe ina measc siúd a bhaineann úsáid go leitheadach as an mhatamaitic. Is speisialtóirí i mbrainse ar leith den mhatamaitic iad gairmithe áirithe, staitisteoirí, achtúirí, agus anailísithe taighde oibriúchán. Bíonn matamaiticeoirí feidhmiúla ag teastáil go minic chun comhoibriú le hoibrithe eile ina n-eagraíochtaí chun torthaí coiteanna a fháil ar fhadhbanna.

Is í an mhatamaitic an eolaíocht is sine agus is bunúsaí ar fad. Úsáideann matamaiticeoirí teoiric mhatamaiticiúil, teicnící ríomhaireachta, algartaim, agus an teicneolaíocht ríomhaireachta is déanaí chun fadhbanna eacnamaíocha, eolaíochta, innealtóireachta, fisice agus gnó a réiteach. Bíonn matamaiticeoirí ag obair in dhá aicme leathana – matamaitic theoiriciúil (glanmhatamaitic) agus matamaitic fheidhmeach. Ní thugtar sainmhíniú géar do na haicmí seo agus trasnaíonn siad a chéile go minic, áfach.

Cuireann matamaiticeoirí teoiriciúla an t-eolas matamaiticiúil chun cinn le teoiricí glana teibí. Féadfaidh siad prionsabail nua a fhorbairt nó an mata atá ann a iniúchadh ar bhealach nua. Cé go mbíonn na hoibrithe seo ag iarraidh buneolas a mhéadú gan a bheith ag iarraidh úsáid phraiticiúil a fháil dó i gcónaí, chuir an t-eolas glan teibí seo go mór le gnóthachain eolaíochta agus innealtóireachta go minic.
Tá a lán matamaiticeoirí teoiriciúla fostaithe ag dámha ollscoile, agus roinneann siad a gcuid ama idir múinteoireacht agus taighde a dhéanamh.

Ar an lámh eile, úsáideann matamaiticeoirí feidhmiúla teoiricí agus teicnící, ar nós samhaltú matamaiticiúil agus modhanna ríomhaireachtúla, chun fadhbanna praiticiúla a fhoirmliú agus a réiteach i gcúrsaí gnó, rialtais agus i dtionscal na hinnealtóireachta. D’fhéadfaidís mar shampla anailís a dhéanamh ar an mbealach is éifeachtúla chun sceideal a chruthú d’aerbhealaí idir cathracha, ar thionchair agus ar shábháilteacht drugaí nua, ar thréithe aeraidinimiciúla carr trialach, nó ar chostéifeachtúlacht próisis mhalartacha déantúsaíochta.

Féadfaidh matamaiticeoirí feidhmiúla atá ag obair i dtaighde agus i bhforbairt thionsclaíoch modhanna matamaiticiúla a fhorbairt nó a fheabhsú agus fadhb dheacair á réiteach acu. Bheadh achtúirithe, taighde oibriúcháin, anailísithe nó staitisteoirí i measc na dteideal gairme sa réimse seo.
Le haghaidh eolas sonrach téigh chuig “Sector Experts” anseo

 

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe