Baile     

Eolaíochtaí Ceimiceacha, Bithleighis agus Cógaisíochta

Eolaíochtaí Ceimiceacha, Bithleighis agus Cógaisíochta

Innealtóireacht Cheimiceach & Phróiseas

Is í innealtóireacht cheimiceach an bhrainse innealtóireachta a bhaineann le heolaíocht fhisiceach (mar shampla, ceimic agus fisic), le matamaitic, leis an bpróiseas atá ann amhábhair nó ceimiceáin a thiontú ina n-ábhair níos úsáidí nó níos luachmhaire. Chomh maith le hábhair úsáideacha a tháirgeadh, baineann innealtóireacht cheimiceach le hamhábhair agus teicnící nua a phíolótú, cineál tábhachtach taighde agus forbartha. Tugtar Innealtóir cheimiceach ar dhuine atá fostaithe sa réimse seo.

D’fhormhór, baineann innealtóireacht cheimiceach le próisis cheimiceacha a chruthú agus a chothú don déantúsaíocht ar scála mór. De ghnáth tugtar Innealtóir Próiseas ar innealtóirí ceimiceacha atá fostaithe sa bhrainse seo. Ceann de na héachtaí atá bainte amach leis an innealtóireacht cheimiceach, agus ní ag an gceimic féin mar a mheastar uaireanta, ná próisis ar mhórscála a fhorbairt, leithéidí na bpróiseas i dtíortha tionsclaithe. Go deimhin, tá innealtóirí ceimiceacha freagrach as na hábhair nua-aimseartha ar chaighdeán ard atá ar fáil chun tír thionsclaíoch a rith.

Is a bhuíochas leis an innealtóireacht cheimiceach atá ceimiceáin againn a úsáidimid gach lá, ina measc:

  • Fuíolluisce a chóireái
  • Ola a thabhairt chun míneadais ionas gur féidir peitreal agus peitriceimiceáin a chruthú
  • Giniúint leictreachais
  • Ár mbia agus ár ndeochanna a tháirgeadh
  • Cosmáidí agus teicstílí

Innealtóireacht Bhithleighis

Is é atá san Innealtóireacht Bhithleighis (IB) ná prionsabail agus teicnící na hinnealtóireachta a chur i bhfeidhm i réimse an leighis. Comhshnaidhmeann an cineál innealtóireachta seo dearadh agus scileanna réitigh fadhbanna na hinnealtóireachta leis na heolaíochtaí leighis agus bitheolaíochta chun feabhas a chur ar shláinte othair agus ar cháilíocht na beatha.


Is disciplín nua go leor í seo, agus dá bhrí sin baineann cuid mhór den obair i réimse na hinnealtóireachta bithleighis le taighde agus forbairt, ag cuimsiú réimsí iomadúla: bithfhaisnéisíocht, íomháú leighis, próiseáil íomhánna, próiseáil ar chomharthaí fiseolaíochta, bithmheicnic, bithábhair and bithinnealtóireacht, anailís chóras, samhaltú tríthoiseach, etc. I measc na samplaí de chur i bhfeidhm na hinnealtóireachta bithleighis tá forbairt agus déantús próistéisí bith-chomhoiriúnacha, feistí leighis, feistí diagnóiseacha agus trealamh íomháithe amhail MRI agus EEG, agus drugaí cógaisíochta.

Féadfaidh daoine atá ag obair sna earnáil Bhithleighis a bheith páirteach sna nithe seo a leanas:

  • Gléasanna agus trealamh leighis a dhearadh agus a fhorbairt.
  • Taighde a dhéanamh ar ghnéithe innealtóireachta a bhaineann le córais bhithleighis.
  • Taighde a dhéanamh maidir leis na hamhábhair a bhfuil gá leo do tháirgí leighis.
  • Crua-earraí agus bogearraí ríomhaireachta a chur in oiriúint nó a dhearadh d’úsáid leighis.
  • Teicneolaíocht a dhearadh d’fhonn cuidiú le daoine atá faoi mhíchumas.

An tionscal cógaisíochta

Déanann an tionscal cógaisíochta cógais leighis a aimsiú, a fhorbairt, a dhéanamh agus a dhíol. Oibríonn breis agus 24,500 uine sa tionscal cógaisíochta in Éirinn. Ina measc tá eolaithe, ceimiceoirí, bitheolaithe agus cógaiseoirí, is innealtóirí nó oibrithe déantúsaíochta roinnt eile, agus bíonn daoine ag obair san earnáil as na réimsí seo a leanas chomh maith: TF, airgeadas, dlí, margaíocht agus réimsí speisialtóireachta eile!  Tá 24,000+ breise fosaithe go hindíreach, ag soláthar seirbhísí tacaíochta, dar le IDA Éireann.

Fostaíonn cuideachtaí cógaisíochta daoine le raon leathan scileanna agus is eolaithe, cógaiseoirí, bitheolaithe agus ceimiceoirí a lán díobhsan. Bíonn innealtóirí nó oibrithe déantúsaíochta ag obair san earnáil freisin, nó d’fhéadfadh cáilíocht a bheith acu sa TF, airgeadas, dlí, margaíocht nó réimse speisialtóireachta eile.  

Glacann sé tuairim is 12 bhliain do chógas leighis nua dul trí na trialacha riachtanacha is gá sular féidir é a fháil ar ordú ón dochtúir teaghlaigh. Le linn an ama seo bíonn na céadta duine páirteach sa phróiseas, agus déantar an iliomad tástálacha ar an gcógas. Tá na tástálacha seo ann chun a sheiceáil cibé acu an oibreoidh an cógas leighis seo ar an ngalar a bhfuil sé beartaithe dó, nó nach n-oibreoidh, agus cibé acu an mbeidh sé sábháilte do dhaoine an cógas leighis seo a thógáil nó nach mbeidh. 

Mar thoradh ar fhás ar an gcógaisíocht, ar an mbiteicneolaíocht agus ar thionscail na bhfeistí leighis in Éirinn, is dócha go bhfaighidh aon mhac léinn a fhaigheann céim tríú leibhéal sa réimse eolaíochta seo post suimiúil ar fhágáil an choláiste dóibh i gceann díobh seo a leanas:

Taighde

Seo réimse dúshlánach spreagúil le bheith ag obair ann. Tá deiseanna taighde ar fáil do nach mór gach duine a bhfuil céim eolaíochta acu. 
Tá comhoibriú den scoth ann idir tionscail, coláistí tríú leibhéal agus ollscoileanna sa réimse seo mar gur aithin an rialtas chomh tábhachtach agus atá T&F d’fhás an gheilleagair amach anseo. Tá an rialtas tiomanta don infheistiú sa réimse seo agus leanfaidh sé amhlaidh amach anseo.

An gnáthchúlra oibre a bhíonn ag eolaí Taighde ná oibriú mar chuid d’fhoireann eolaíochta ar a bhfuil daoine le speisialtachtaí éagsúla. Éilíonn an obair seo go mbeadh daoine cúramach i leith mionsonraí, go mbeadh scileanna eagrúcháin maithe acu agus cumas sonraí casta a thuiscint agus a chur in iúl.

Le 9 as na 10 gCuideachta Cógaisíochta agus 15 as na 25 cuideachta is mó teicneolaíochta leighis ag feidhmiú anseo in Éirinn anois, tá a lán deiseanna fostaíochta agus taighde san earnáil seo. Tá easnaimh scileanna san earnáil agus seans go mbeidh gá ag Éirinn le níos mó taighdeoirí ná mar atá á chur ar fáil ag an tír.  

Déantúsaíocht

Bíonn gá an t-uafás taighde agus tástála a dhéanamh ar tháirgí amhail drugaí, earraí cógaisíochta agus ar fheistí sofaisticiúla leighis sular féidir iad a tháirgeadh. Ar na gairmeacha san earnáil seo tá Teicneoir saotharlainne, Teicneoir um rialú cáilíochta, teicneoir táirge/próiseas, Teicneoir comhshaoil agus Eolaí taighde.

Is sna hearnálacha seo a leanas atá na mórfhostóirí: próiseáil bia, cúram sláinte, na tionscail chógaisíochta agus cheimiceacha agus údaráis stáit, leathstáit agus áitiúla. I gcás drugaí nó earraí cógaisíochta, tar éis taighde a dhéanamh ar tháirge déantar an táirge a fhorbairt ach meascadh a dhéanamh ar chomhdhúile ceimiceacha agus ar chomhábhair eile chun an druga a chur ar fáil mar tháibléad nó mar uachtar.

I monarcha chógaisíochta mar shampla, is é a bheadh i gceist leis seo ná íonacht a chinntiú maille leis an gcomhdhéanamh ceart a bheith ann ag gach céim den táirgeadh. Ní oireann an obair seo do gach duine. Tá deiseanna éagsúla ag baint le céim eolaíochta a bheith agat. Níl na deiseanna go léir bunaithe ar bheith ag obair i saotharlann.

Rialáil

Is féidir le táirgeadh drugaí agus earraí cógaisíochta buntáistí móra a chur ar fáil do dhaoine. Ar an gcúis sin tá sé den riachtanas go gclárófaí gach feiste leighis, tréidliachta agus cosmaidí leis an Rialtas sular féidir margaíocht a dhéanamh air lena dhíol. Tá deiseanna tarraingteacha ann i réimse na rialála. Is é atá i gceist leis an obair ar ghnóthaí dlíthiúla agus rialála ná an t-eolas eolaíochta agus teicniúil go léir a ullmhú chun tacú leis an bpróiseas faofa táirge.

Caithfear é seo a dhéanamh do na margaí áitiúla agus domhanda araon. Ní mór d’fhostaithe a bheith ar an eolas maidir leis na hathruithe go léir i gcúrsaí dlí agus na hathruithe sin go léir a chur in iúl don lucht bainistíochta agus dá gcomhghleacaithe.

Díolachán agus Margaíocht

Cuimsíonn an réimse seo díolachán agus margaíocht na dtáirgí a bhaineann le cúrsaí eolaíochta. Go minic bíonn táirgí eolaíochta ina dtáirgí casta agus mar sin caithfidh na daoine atá i mbun na margaíochta, an díolacháin agus na tacaíochta iardhíolacháin tuiscint mhaith a bheith acu ar eolas casta agus a bheith in ann an t-eolas sin a chur in iúl go beacht. An rud a bheadh i gceist leis seo ná déileáil le fiosrúcháin ar an gcaoi is fearr táirge a úsáid, feiste a úsáid go sábháilte, faisnéis a thabhairt do dhochtúirí, d’oibrí nó do chustaiméirí faoi chógais leighis nó faoi tháirgí nua atá le teacht ar an margadh.

Iriseoireacht agus Doiciméadúchán Eolaíochta

Déantar scríbhneoirí leighis a fhostú den chuid is mó i ngnólachtaí cógaisíochta agus biteicneolaíochta. Bíonn orthu tuarascálacha a scríobh – ina measc tuarascálacha faoi chlárú drugaí, ábhar bolscaireachta, lámhleabhair oiliúna agus staidéir eolaíocht. Má tá cumas scríbhneoireachta eisceachtúil agat agus cúlra eolaíochta maith, d’fhéadfá dul leis an iriseoireacht eolaíochta. I ngairm dá leithéid beidh roinnt mhaith taighde i gceist, bheadh gá le céim mhaith san eolaíocht agus cumas eisceachtúil cumarsáide agus scríbhneoireachta.

Eolaíocht Fhóiréinseach

Is éard atá san Eolaíocht Fhóiréinseach ná úsáid a bhaint as eolaíocht chun fianaise a sholáthar i gcúirt dlí. Áirítear ann staidéar ar cheimic agus ar bhitheolaíocht. Bíonn roinnt cúrsaí Céime Eolaíochta ina mbíonn modúl ar leith san ábhar seo, agus i gcásanna eile tá céim ar leith ann san Eolaíocht Fhóiréinseach.

Teagasc agus Oiliúint

Má bhaineann tú taitneamh as an eolaíocht agus más mian leat do chuid eolais a roinnt leis an gcéad ghlúin eile, d’fhéadfá dul leis an múinteoireacht. Chomh maith leis an ngnáthbhealach dul leis an múinteoireacht dara leibhéal – is é sin Céim Eolaíochta a bhaint amach agus ansin H.Dip (Ard-dioplóma) tá roinnt sainchúrsaí ann chomh maith chun múinteoirí eolaíochta a oiliúint. A bhuíochas le fairsingiú na hearnála TF (Teicneolaíocht Faisnéise) tá roinnt mhaith féidearthachtaí dá leithéid ann.

Dul le Gairm san Earnáil seo

Tá raon leathan cúrsaí tríú leibhéal ar fáil do dhaoine ar mhian leo dul le gairm san earnáil seo in Éirinn. Is féidir bunús maith a fháil i gcúrsaí ceimice agus bitheolaíochta ar chúrsaí céime (Céimeanna Onóracha ag Leibhéal 8) atá ar fáil in Ollscoileanna Éireannacha agus in Institiúidí Teicneolaíochta (IT) ar fud na tíre. Díríonn cúrsaí eile atá níos speisialaithe ar ábhair a bhaineann le dearadh agus le táirgeadh comhdhúile nua leighis agus le tuiscint a fháil ar ghníomhartha bitheolaíochta.

I gcás roinnt mhaith de na cúrsaí céime seo bíonn tréimhse fostaíochta ar lánphá i gceist i gcuideachta chógaisíochta nó cheimiceach. Tá raon leathan cúrsaí Teastais ag leibhéal 6 agus Céime ag Leibhéal 7 ar fáil sna hInstitiúidí Teicneolaíochta a leagan béim ar na scileanna praiticiúla a bhaineann le taithí phraiticiúil a fháil sa tsaotharlann. 

Gairmeacha san Innealtóireacht - Íoslódáil Engineering 2016 Sector Overview ó gradireland.com

Bileoga Úsáideacha Gairme ó STEPS to Engineering [comhaid pdf]

Biomedical
Engineering

Biosystems
Engineering

Chemical
Engineering
Engineering Life
Biomedical Engineering
Biosystems Engineering
Chemical Engineering
Engineering Life

Cliceáil anseo chun féachaint ar an rogha gairmeacha STEM  i saol na hEolaíochta, na Teicneolaíochta, na hInnealtóireachta agus na Matamaitice.

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe