Baile     
Obair agus Fostaíocht

An Saol Oibre

Bíonn an saol oibre de shíor ag athrú. Bíonn ar fhostóirí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an margadh fostaíochta domhanda, áit a bhfuil iomaíocht ag dul i méid i gcónaí, agus ina bhfuil gá acmhainní a chur in oiriúint de shíor ionas go mbeidh an gnó ina ghnó inmharthana.

Ní mór dóibh siúd a bheidh ag obair amach anseo bheith in ann iad féin a chur in oiriúint de shíor, níos gasta ná mar a bhíodh ar na glúnta roimhe seo. Ní bhíonn feidhm ag an méid atá foghlamtha againn ach ar feadh tréimhse. Athraíonn cúinsí agus athraíonn eolas. Mantra nua atá san Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil – meon nua a éilíonn ar an náisiún bheith níos solúbtha.

Ní mór dúinn a bheith ar an eolas – an t-eolas is déanaí a bheith againn maidir leis an margadh fostaíochta agus an chaoi a gcaithfear é a chur in oiriúint de shíor don gheilleagar náisiúnta agus domhanda.

Earnálacha na
dTionscal

Amharc ar 29 earnáil na dtionscal is tábhachtaí in Éirinn ó thaobh a saintréithe ginearálta de, na gairmeacha a bhaineann leo uile agus na deiseanna fostaíochta iontu.
   

Eolas ar
Ghairmeacha

Is é atá i gceist le Gairmeacha ná na róil a ghlacaimid nuair atáimid fostaithe. Amharc ar ghairmeacha ó thaobh a ngnáth-shaintréithe de agus ó thaobh na gcáilíochtaí a bhfuil gá leo chun dul leis na gairmeacha sin.