Baile     

An Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO)

November 1, 2023

Is clár máistreachta, dhá bhliain lánaimseartha in oideachas tosaigh múinteoirí trí mheán na Gaeilge atá sa Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO), a ullmhaíonn múinteoirí ábhar don earnáil iarbhunscoile lán-Ghaeilge. Tá an-tóir ar chéimithe an chláir agus iad fostaithe i nGaelcholáistí agus in iarbhunscoileanna Gaeltachta ar fud na tíre agus i scoileanna ar fud an domhain. Tá sé aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta mar chlár oiriúnach chun críocha clárúcháin mar mhúinteoir iar-bhunoideachais in Éirinn agus san AE.



Fís an MGO 

Samhlaítear an Máistir Gairmiúil san Oideachas mar eiseamláir ceannrodaíoch i bhfás agus i bhforbairt na hearnála oideachais lán-Ghaeilge in Éirinn.

Misean an MGO 

Is é misean an Máistir Gairmiúil san Oideachas ná múinteoirí ar ardchaighdeán Gaeilge a sholáthair don earnáil Lán-Ghaeilge:

  • atá inniúil agus oilte
  • le feasacht ar na cuir chuige le teagasc trí Ghaeilge / FCÁT
  • atá machnamhach agus cruthaitheach agus a bhunaíonn a gcleachtas ar thaighde
  • atá fréamhaithe i bpobal na scoile agus a chuireann go dearfach leis an bpobal agus leis an sochaí i gcoitinne. 

Cliceáil ar an nasc le teacht ar bhileog eolais faoin MGO anseo.

Múnla Nua don Chlár 2024–25 Is cúrsa tumoideachais an MGO a chothaíonn pobal foghlama lán-Ghaeilge. 

Leagtar béim faoi leith ar obair ghrúpa, ceardlanna gníomhacha agus an teagasc praiticiúil. Chuige sin, bíonn mórchuid den ionchur teagaisc ar champas mura b’ionann cúrsaí eile in oideachas tosaigh múinteoirí a leanann múnla na cianfhoghlama. 

Córas bloc scaoilte atá i bhfeidhm ar an gclár. 

Bliain 1 Trí bhloc ionchur ar champas (Luan-Déardaoin). Dhá bhloc socrúchán scoile. Bloc 1 san Fhómhair (4 seachtaine) Bloc 2 san Earrach (9 seachtaine) 

Bliain 2 Bloc amháin ionchur ar champas (9 seachtaine) Dhá bhloc socrúchán scoile. Bloc 1 ag tús na scoil-bhliana san Fhómhair (5 seachtaine) Bloc 2 san Earrach (11 seachtaine) 

Dréacht Fhéilire ar fáil anseo.

Aidhm Agus an clár seo críochnaithe agat, beidh tú in ann:

  • Anailís chriticiúil a dhéanamh ar theoiricí, ar choincheapa agus ar mhodhanna teagaisc, foghlama agus measúnaithe
  • Straitéisí teagaisc atá éifeachtach, gníomhach, cruthaitheach agus samhlaíoch a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm sa seomra ranga
  • Saineolas ar theagasc na Gaeilge agus an teagasc trí Ghaeilge a léiriú chomh maith le straitéisí a chur i gcrích le litearthacht na mac léinn a fhorbairt i ngach ábhar
  • Forbairt i nGaeilge scríofa agus labhartha a léiriú

Teicneolaíocht Leagann an MGO an-bhéim ar theicneolaíocht, ar dhearadh áiseanna agus ar úsáid iPad i dteagasc, foghlaim agus measúnú. Bronnadh gradam Apple Distinguished Programme ar an MGO i 2015 mar chlár le barr feabhais san nuálaíocht, sa cheannródaíocht agus mar eiseamláir oideachais maidir le húsáid na teicneolaíochta. Ba é an chéad chlár tríú leibhéal lasmuigh de Mheiriceá a ghnóthaigh an gradam seo agus bronnadh ar an MGO (gach bliain ó shin).

Ábhar an chúrsa Déantar na modúil seo a leanas ar an gclár:

  • Eolaíochtaí Oideachais
  • Léann Gairmiúil
  • Socrúchán Scoile
  • Taighde Feidhmeach 

Ábhair theagaisc Roghnaíonn mic léinn dhá shainréimse modheolaíochta, go hiondúil in ábha(i)r atá déanta go leibhéal céime, agus déantar an socrúchán scoile i scoileanna lán-Ghaeilge.


Sonraí Iomlána