Baile     

Glanmhéadú 303 post i gcomhlachtaí Údarás na Gaeltachta

February 6, 2024

Glanmhéadú 303 post a bhí ann anuraidh i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.

9,526 post, lánaimseartha agus páirtaimseartha, a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana seo caite.

Méadú a bhí i gceist i ngach contae Gaeltachta, seachas Dún na nGall.

Glanlaghdú beag 25 post a bhí i gceist i nDún na nGall anuraidh, de réir Ráiteas Deireadh Bliana 2023 Údarás na Gaeltachta a foilsíodh ar maidin. 2,740 post a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nDún na nGall ag deireadh 2023, laghdú 1%.

In ainneoin an laghdaithe sin, bhí borradh faoi chomhlachtaí innealtóireachta agus faoi chomhlachtaí bia agus dí i nGaeltacht Dhún na nGall, a dúradh.

3,617 post, lánaimseartha agus páirtaimseartha, a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis sa Ghaillimh ag deireadh na bliana seo caite. B’in glanmhéadú 167 post, nó 5%.

Bhain 100 post de na poist nua a cruthaíódh sa Ghaillimh leis an gcomhlacht earraí leighis, Freudenberg Medical. Dúradh gur léirigh na poist sin “fás earnáil na dteicneolaíochtaí leighis trí chéile, cé go bhfuil earcaíocht dúshlánach go fóill”. Tháinig borradh sa Ghaillimh faoin tionscal closamhairc chomh maith, a dúradh.

Glanmhéadú 28 post a bhí i gceist i gCiarraí, mar a raibh 938 post i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana 2023. B’ionann sin agus ardú 3%. Bhain cuid mhaith den mhéadú ar líon na bpost i gCiarraí le hearnáil na turaseoireachta agus leis an earnáil bia agus dí.

758 post a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nGaeltacht Chorcaí ag deireadh na bliana 2023, glanmhéadú 53 post, de réir na bhfigiúirí nua.

Bhí 264 post i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nGaeltacht Phort Láirge ag deireadh na bliana 2023, glanmhéadú 64 post. Ba é sin an t-ardú is mó ó thaobh céatadáin de in aon cheantar Gaeltachta – 27%.

Fás sa tionscal closamhairc agus “tionscal na teanga” ba mhó ba chúis leis an ardú sin, a dúradh. Dúradh go raibh borradh freisin faoin dobharshaothrú i bPort Láirge, rud a léirigh “go bhfuiltear ag baint tairbhe as acmhainn nádúrtha na háite”.

971 post lánaimseartha agus páirtaimseartha a bhí i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Mhaigh Eo ag deireadh na bliana 2023, glanmhéadú beag seacht bpost.

I nGaeltacht na Mí bhí 238 post ar fad i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana seo caite, méadú 17 post.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, gur léirigh na figiúirí nua “ról an Údaráis i saol na Gaeltachta agus i saol na tíre dá réir”.

Rinne an tÚdarás infheistíocht mhór – €35.48m – in “athchóiriú agus forbairt infreastruchtúir gnó” sa Ghaeltacht anuraidh, a dúirt sé.

Dúirt an Príomhfheidhmeannach go mbeadh béim ag an eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga in 2023 “ar an aos óg”, ar chur chun cinn na teanga ina measc, ar chruthú deiseanna dóibh agus ar sheirbhísí digiteacha, oiliúna agus traenála a sholáthar dóibh.

“Beidh tionchar nach beag ag athrú aeráide ar an ghlúin sin agus na deiseanna a thiocfaidh le forbairt na h-earnála fuinnimh in-athnuaite ar thalamh agus ar muir.

“Beidh ról ag tithíocht ann chomh maith agus deis a chruthú sna blianta amach romhainn dóibh siúd go dteastaíonn uathu filleadh ar an nGaeltacht nó bogadh chun na Gaeltachta agus tá tús curtha cheana féin leis an obair thaighde ar éileamh agus soláthar thithíochta agus seirbhísí i gceantair Ghaeltachta.”

Dúirt Tomás Ó Síocháin go raibh an earnáil closamhairc “láidir ar an iomlán” agus go raibh an earnáil sin ag teacht “in aibíocht agus ag aimsiú margaí nua náisiúnta agus idirnáisiúnta”. Léirigh taighde Údarás na Gaeltachta, a dúirt sé, go bhfuil tábhacht ar leith leis an earnáil closamhairc “i mbuanú na Gaeilge”.

Dúirt sé, áfach, go raibh roinnt earnálacha eile faoi bhrú.

“Ar an taobh eile den scéal, tá cuid de na hearnálacha seanbhunaithe, earnálacha na déantúsaíochta agus na próiseála go sonrach, faoi bhrú agus iad ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin a bhaineann leis an ré dhigiteach.

“Tá earcaíocht ina dúshlán leis, agus mar atá luaite, bíonn an scéal sin níos casta fós ceal tithíochta.”

Dúradh go raibh dul chun cinn á dhéanamh chomh maith ó thaobh na pleanála teanga.

Faoi dheireadh na bliana 2023, bhí pleananna teanga á gcur i bhfeidhm i 26 den 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) agus in dá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta (BSG).

Léirigh taighde faoi úsáid na Gaeilge i gcomhlachtaí an Údaráis go raibh Gaeilge ag 58% den 800 fostaí a ghlac páirt i suirbhé. Bheadh torthaí an taighde sin “mar bhunchloch do scéim phíolótach i leith na Gaeilge sna cliantchomhlachtaí in 2024”.

Dúradh go raibh 470 duine ag obair ag deireadh 2023 i 27 mol digiteach sa Ghaeltacht. Bhí ceithre mhol eile á bhforbairt.

Chuir Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Patrick O’Donovan, Aire Stáit nua na Gaeltachta fáilte roimh fhoilsiú an ráitis.

Sonraí Iomlána