Baile     

Oideachas

Beidh rath Gheilleagar ‘eolasbhunaithe’ na hÉireann ag brath ar shaoránaigh le leibhéal an-ard oideachais. Cuireann breis is 80% de gach mac léinn Éireannach i gcrích a Scolaíocht Dara Leibhéal agus téann breis is 50% ar aghaidh chuig an Oideachas 3ú Leibhéal. Meastar go n-ardóidh an figiúr sin sna blianta amach romhainn.

Déanann an Roinn Oideachais agus Scileanna an córas oideachais in Éirinn a stiúradh agus tá an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige freagrach as cúrsaí luath-óige. Bíonn baint ag roinnt eagraíochtaí eile le gnéithe éagsúla de pholasaí oideachais in Éirinn:

  • Cuireann an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta comhairle ar fáil faoi chuspóirí an churaclaim
  • Déanann Quality and Qualifications Ireland (QQI) cothabháil agus forbairt ar an gcreat cáilíochtaí, bunaithe ar chaighdeáin, scileanna agus inniúlachtaí atá gnóthaithe ag foghlaimeoirí
  • Déanann cigireacht na Roinne Oideachais meastóireacht ar chaighdeán na scolaíochta
  • Bíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta ag díriú ar chúrsaí a bhaineann le gairm na múinteoireachta, mar shampla forbairt ghairmiúil agus caighdeáin
  • Déanann na Boird Oideachais agus Oiliúna bainistiú ar oideachas ar an leibhéal réigiúnach
  • Cuireann an tÚdarás um Ard-Oideachas maoiniú ar fáil agus is é an comhlacht comhairleach é don Aire Oideachais agus Scileanna maidir le hearnáil an ardoideachais/an oideachais ar an tríú leibhéal.

I bhformhór na ngairmeacha in earnáil an oideachais bíonn gné éigin den teagasc i gceist. Dar leis an taighde roghnaíonn formhór na mac léinn san earnáil seo dul leis an teagasc mar go mbíonn deiseanna ann a bheith cruthaitheach agus obair le daoine óga. Tá líon ard daoine fós ag cur isteach ar mhúinteoireacht.

Dar leis an Daonáireamh is déanaí bhí isteach is amach le 36,000 duine ag obair in earnáil an oideachais sa bhliain 2011, agus b’ionann sin agus ardú de 28% ó bhí 2006 ann. Tháinig an méadú is mó (31 faoin gcéad) ar an líon daoine a bhí ag dul le bunmhúinteoireacht agus múinteoireacht i naíolanna. Bhí méadú ann freisin ar an líon daoine a bhí ag dul leis an múinteoireacht iar-bhunscoile, agus i líon na bhfoirne ag an tríú leibhéal.  

Scileanna Teagaisc

Is gá do mhúinteoirí a bheith in ann ceachtanna, léachtaí, nó ceardlanna a ullmhú go maith. Is gá dóibh bheith in ann smaointeoireacht a mac léinn a thuiscint agus timpeallacht oibre a chruthú inar féidir leis na mic léinn foghlaim. Is gá measúnú agus monatóireacht a dhéanamh ar an bpróiseas foghlama ar bhonn laethúil. 
Ní mór cothromaíocht a bhaint amach idir cúram a dhéanamh de riachtanais na mac léinn agus bheith in ann déileáil le haighneas nó drochiompraíocht. Scil atá ríthábhachtach ná bheith in ann mic léinn a spreagadh, go háirithe daltaí bunscoile agus iar-bhunscoile.

Bíonn gá le cáilíocht aitheanta chun bheith i do mhúinteoir bunscoile nó iar-bhunscoile in Éirinn agus is gá do mhúinteoirí a bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta .Tá treoirlínte faoin gcaoi dul le gairm na múinteoireachta, agus eolas níos sonraí faoin earnáil oideachais in Éirinn le fáil anseo ón Roinn Oideachas agus Scileanna.

D’fhéadfadh múinteoir a bheith ag obair i suíomhanna éagsúla: scoileanna Montessori; rang na naíonán sa bhunscoil; le grúpaí de dhaoine fásta san ‘oideachas dara seans’. I ngach cás bíonn idirchaidreamh ann idir an múinteoir agus an grúpa foghlaimeoirí gach lá. Seo a leanas na réimsí éagsúla teagaisc atá ann:

 

Oideachas agus Cúram Luath-óige

Tugtar leanaí réamhscoile in Éirinn ar “leanaí faoi bhun 6 bliana d’aois, nach bhfuil ag freastal ar scoil náisiúnta nó a coibhéis”. I measc na seirbhísí réamhscoile tá, grúpaí Montessori, grúpaí súgartha, naíonraí, naíolanna lae, creiseanna, feighlithe leanaí agus seirbhísí cosúla eile ina ndéantar cúram de bhreis is 3 leanbh réamhscoile. Tugadh isteach clár nua de chúram agus oideachas leanaí luath-óige (ECEC), ar a dtugtar freisin an bhliain réamhscoile saor in aisce, sa bhliain 2010. Bíonn breis is 60,000 leanbh páirteach anois sa chlár ECEC.

Tá fás seasta tagtha ar líon na ndaoine atá fostaithe i seirbhísí réamhscoile, agus tá an earnáil ag éirí níos eagraithe de réir a chéile. Ghlac na Boird Sláinte seilbh ar rialú na seirbhísí réamhscoile, agus tá polasaí oideachais réamhscoile faoi chúram na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige. Tá treoirlínte níos doichte i bhfeidhm dóibhsean ar mian leo a seirbhís oideachais réamhscoile féin a bhunú. 

Cé nach bhfuil gá le cáilíochtaí ar leith chun bheith ag obair le leanaí réamhscoile, bíonn cáilíocht aitheanta ag daoine go hiondúil sa lá atá inniu ann. De ghnáth lorgaíonn fostóirí íoscháilíocht FETAC Leibhéal 5 nó a choibhéis, a bhaineann leis an bpost ar leith agus leis na róil agus freagrachtaí a bhaineann leis an bpost sin.

Múinteoireacht Bunscoile

Mar gur ardaigh an líon leanaí a rugadh le blianta beaga anuas d’ardaigh an líon daltaí ag clárú sa bhunscoil. Ag leanúint uaidh sin beidh gá le tuilleadh múinteoirí bunscoile. Chomh maith leis sin, tá an Rialtas tar éis tosú ag dul i ngleic le fadhb na ranganna móra sa bhunscoil. Gealladh go laghdófaí arís, thar an gcéad trí bliana eile, an líon daltaí atá ceadaithe i rang bunscoile. Má chuirtear na laghduithe sin i bhfeidhm, beidh an líon daltaí i ranganna bunscoile in Éirinn cosúil leis na figiúirí atá ann don Eoraip agus seans go gcruthófar poist bhreise mhúinteoireachta dá bharr. Faoi láthair tá 22 cúrsa oiliúna bunmhúinteoirí ar fáil ar fud na gcúig choláiste oiliúna múinteoirí.

Tabhair faoi deara: 
Mar chuid den straitéis náisiúnta chun feabhas a chur ar scileanna litearthachta agus uimhearthachta, tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tar éis athruithe a dhéanamh, a mbeidh feidhm acu ó Mheán Fómhair 2012, a chiallóidh go mbeidh gá ceithre bliana a dhéanamh in ionad trí bliana sa chúrsa oiliúna chun a bheith i do bhunmhúinteoir (BEd).  Is gá do phríomhoidí a bheith ina múinteoirí cáilithe, agus go ginearálta, cúig bliana taithí mhúinteoireachta a bheith acu (ach amháin i mbunscoileanna ina bhfuil níos lú ná 80 dalta). Níl aon riachtanas foirmiúil ann don oiliúint ceannaireachta, ach is gá d’iarrthóirí dioplómaí bainteacha a bheith acu (e.g. bainistíocht, riarachán, oideachas) agus déanann roinnt mhaith daoine cúrsaí neamhchreidiúnaithe do cheannairí scoile.

Múinteoireacht ag an Dara Leibhéal

Is féidir le múinteoirí dara leibhéal dul le speisialtóireacht in ábhar is spéis leo, mar shampla Tíreolaíocht, Béarla, Corpoideachas, agus an t-eolas sin a thabhairt do na daltaí. Bionn an post seo dúshlánach agus bíonn díograis ar leith ag teastáil chuige. I roinnt ábhar tá ganntanas múinteoirí ann, mar shampla múinteoirí matamaitice agus corpoideachais. 

Ó mhí Mheán Fómhair 2013 bhí cúrsa nua ar fáil in UCD don múinteoireacht ag an dara leibhéal. Dóibhsean a bhfuil suim acu sa Mhata agus san Eolaíocht agus ar mhaith leo dul leis an múinteoireacht iar-bhunscoile, tá céim cúig bliana ar fáil anois atá creidiúnaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta - MSc san Oideachas Matamaitice agus Eolaíochta.

Tabhair faoi deara:
Mar thoradh ar athruithe a thug an Chomhairle Mhúinteoireachta isteach i mí Mheán Fómhair 2014, is cúrsa dhá bhliain a bheidh sa Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (PDE), an H Dip. mar a bhí.

Tá tuarastal tosaigh do Mhúinteoirí Bunscoile agus Iar-bhunscoile socraithe ag 27,814 Euro. Cé go bhfuil sé seo inchomparáide le tuarastail tosaigh i ngairmeacha eile, bíonn múinteoirí ag gearán nach bhfuil mórán deiseanna ann ardú céime a fháil sa ghairm. 

Múinteoir Acmhainne

De ghnáth bíonn Múinteoirí Acmhainne ag obair i mbuncoileanna nó in iar-bhunscoileanna agus cuireann siad dianteagasc ar fáil sa Bhéarla agus sa Mhata do dhaltaí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu. Chun post a fháil sa réimse seo is gá cáiliú ar dtús mar bhunmhúinteoir nó mar iar-bhunmhúinteoir ar an ngnáthbhealach. Bheadh cáilíocht speisialta inmhianaithe ach níl gá leis.  D’fhás an t-oideachas speisialta go mór le blianta beaga anuas mar go bhfuil an Roinn Oideachais tar éis a aithint go bhfuil gá le hidirghabháil luath do roinnt daltaí. Mar thoradh air sin, tá a lán múinteoirí ag obair i réimse an oideachais speisialta agus fostaithe mar Chúntóirí Acmhainne. Is ar líon na gCúntóirí Oideachais a tháinig an méadú is mó fostaíochta le 5 bliana anuas.

Treoirchomhairleoireacht/Gairmthreoir

Bíonn dhá ról ag an treoirchomhairleoir in Éirinn – comhairleoireacht ghinearálta iompraíochta agus comhairle maidir le gairmeacha a sholáthar.  Bíonn Treoirchomhairleoirí i bhformhór na scoileanna agus na gcoláistí sa tír. An ról acu ná comhairle a sholáthar do dhaoine óga de réir mar a bheartaíonn siad ar a rogha gairme i ndiaidh na scoile/na hollscoile. An jab ag an Treoirchomhairleoir ná:

  • Comhairleoireacht Phearsanta
  • Treoir agus comhairleoireacht oideachais
  • Gairmthreoir agus treoirchomhairleoireacht a sholáthar

Bíonn treoirchomhairleoirí fostaithe i scoileanna dara leibhéal, ach oibríonn siad freisin le daoine a fhágann an scoil go luath, le grúpaí faoi mhíbhuntáiste, i Seirbhísí Áitiúla Fostaíochta agus in FÁS. Bíonn a bhformhór tar éis tréimhse a chaitheamh ag obair sa mhúinteoireacht phríomhshrutha sular cuireadh oiliúint bhreise orthu, ionas go bhféadaidís dul leis an treoirchomhairleoireacht. 

Léachtóireacht/Teagasc ag an Tríú Leibhéal

Mhéadaigh líon na ndaoine ag freastal ar Ollscoileanna agus Coláistí na hÉireann le deich mbliana anuas. Tá an léachtóireacht ollscoile an-éagsúil le teagasc bunscoile nó iar-bhunscoile. Níl gá le cáilíocht mhúinteoireachta ar leith chun obair i gcoláiste tríú leibhéal nó in Ollscoil. 

De ghnáth éiríonn le daoine post a fháil san earnáil seo mar thoradh ar ranganna oidis a thabhairt ar bhonn páirtaimseartha do mhic léinn níos sóisearaí san ollscoil fad is atá siad féin ag staidéar do cháilíocht iarchéime, mar shampla Máistreacht nó Céim PhD. Chun post lánaimseartha a fháil sa réimse seo is gá Céim PhD a bheith agat agus roinnt páipéar taighde a bheith foilsithe agat.

Tháinig méadú mór ar líon na mac léinn ag freastal ar Choláistí Teicneolaíochta le blianta beaga anuas. Mar sin, bhí gá tuilleadh foirne a fhostú chun tabhairt faoin teagasc san earnáil. Cosúil leis na hollscoileanna níl gá le cáilíocht mhúinteoireachta chun múineadh sna coláistí seo. De ghnáth, bíonn cáilíochtaí maithe tríú leibhéal ag múinteoirí san earnáil seo.

Cuidíonn sé go mór má tá taithí agat ón tionscal nó sa réimse gnó ina mbeidh tú ag múineadh sna coláistí seo. Formhór na hoibre a bhíonn ar fáil do mhúinteoirí/léachtóirí tríú leibhéal is obair pháirtaimseartha í ar conradh gearrthéarmach.

Oideachas Aosach agus Pobail

Bítear ag obair le daoine fásta de gach aois san Oideachas Aosach agus Pobail. Is margadh fáis é seo in Éirinn sa mhéid go bhfuil brú ann go gcuirfeadh daoine feabhas ar a leibhéal oideachais. D’fhéadfadh oidí a bheith i mbun 'Oideachas Bunúsach Aosach' – a sholáthar a dhíríonn ar fheabhas a chur ar litearthacht daoine fásta – feabhas a chur ar a scileanna léitheoireachta/litrithe/mata/ríomhaireachta, mar shampla.

De ghnáth is múinteoirí iar-bhunscoile iad na hoidí oideachais aosach, agus iad fostaithe ag FÁS agus ag na Boird Oideachais agus Oiliúna. Bheadh sé go maith cáilíocht a bheith agat san oideachas aosach má tá suim agat a bheith ag obair le daoine fásta – cuirean UCD, Maigh Nuad, UCC etc. teastais, dioplómaí ar fáil san oideachas aosach, san fhorbairt pobail agus mar sin de. [féach AONTAS le haghaidh tuilleadh sonraí]

Oiliúint Chorparáideach

Tá a lán daoine fostaithe i réimse na hoiliúna sa ghnó. Na daoine a bhíonn ina bhun de ghnáth is daoine iad a bhfuil saineolas acu i réimse ábhair ar leith, agus uaireanta bíonn creidiúnú ag teastáil sa réimse sin, ach ó am go chéile is gnó pearsanta nó taithí theicniúil an té sin a bhíonn tábhachtach.

Má tá suim agat sa réimse seo téigh i dteagmháil le soláthraithe oiliúna agus pléigh na féidearthachtaí leo. [féach corporatetraining.ie le haghaidh tuilleadh sonraí]

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe