Baile     

Gairmeacha le Gaeilge: COGG ag an gCeathrú Ghaeltachta, Higher Options, 25-27 Meán Fómhair

September 23, 2024


Tá COGG ag súil go mór le filleadh ar an gCeathrú Ghaeltachta an tseachtain seo – rannóg ar leith de Higher Options a bheidh ar siúl san RDS ó Dé Céadaoin go dtí Dé hAoine.

https://higheroptions.irishtimes.com/gaeltacht

Beidh leagan úrnua den Phacáiste Gairmeacha: Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge, mar aon le leagan nua Béarla den phacáiste, Career Opportunities with Irish,  á thabhairt amach againn saor in aisce do scoláirí agus múinteoirí a thiocfaidh chomh fada linn!

Seo an dara bliain den Cheathrú Ghaeltachta ag an aonach gairmeacha seo agus beidh deis iontach ag scoláirí na roghanna ar fad atá ann dóibh ó thaobh Gairmeacha le Gaeilge de a fhiosrú.

I measc na n-institiúidí a bheidh i láthair, beidh:

  • Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
  • TG4
  • Institiúid Oideachais Marino
  • Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh
  • An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
  • Coláiste na Tríonóide
  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge

Beidh deis ag scoláirí éisteacht freastal ar chainteanna gairme fíorspéisiúla le leithéidí:  Páidí Ó Lionáird – láithreoir, léachtóir, colúnaí; Ruadhán Mac Cormaic, eagarthóir an Irish Times; Sinéad Ní Uallacháin- láithreoir, iriseoir, aisteoir agus podchraoltóir.

Tabharfaidh Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne, cuairt ar an gCeathrú chun bualadh le scoláirí agus a gcuid múinteoirí agus béim a chur ar bhuntáiste na Gaeilge in aon ghairm bheatha.

Táimid ag súil go mór le bualadh libh ag seastán 304 Dé Céadaoin, Déardaoin nó Dé hAoine!

Sonraí Iomlána