Baile     

Oifigeach na Gaeilge – Comórtas Oscailte

October 14, 2024


Beidh an tOifigeach Gaeilge freagrach as forbairt agus cur chun cinn na Gaeilge ar fud na Comhairle Múinteoireachta. Oibreoidh siad chun próifíl na Gaeilge a ardú, laistigh d’acmhainní agus de shainchúram na heagraíochta, agus déanfaidh siad naisc straitéiseacha laistigh d’earnáil na Gaeilge.

Dáta Deiridh: 12i.n. Dé Luain, 4 Samhain 2024

Is fostóir comhdheiseanna í an Chomhairle Mhúinteoireachta agus is ar bhonn fiúntais a mheasfar gach iarratas ar fhostaíocht. Fáiltíonn an Chomhairle Múinteoireachta roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu, gan beann ar chreideamh, inscne, míchumas, cine, tuairim pholaitiúil, aois, stádas sibhialta, gnéaschlaonadh, nó cibé an bhfuil cleithiúnaithe acu nó nach bhfuil.

Tá an Chomhairle Múinteoireachta tiomanta lena n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus cuireann sí fáilte roimh iarrthóirí atá cumasach sa Ghaeilge, nó a bhfuil spéis acu bheith cumasach sa Ghaeilge.

  • Ríomhphost: [email protected]
  • Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, W23 Y7X0
  • Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gComhairle Mhúinteoireachta tabhairt cuairt ar teachingcouncil.ie.

Cúlra

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta rialtóir ghairm na múinteoireachta in Éirinn. Is é an ról atá againn ná an pobal a chosaint trí chaighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht a chur chun cinn agus a rialú. Déanaimid é seo trí mhúinteoirí a chlárú go reachtúil, rud a chinntíonn gairm mhúinteoireachta ardcháilithe, a chomhlíonann agus a chloíonn gach ball le caighdeáin arda gairmiúla inniúlachta agus iompair.

Teideal an Phoist

Oifigeach na Gaeilge.

Cineál Poist

Lánaimseartha, buan.

Suíomh

An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co Chill Dara W23 Y7XO.

(Tá socruithe oibre cumaisc ar fáil i gcomhréir le Prótacail na Comhairle Múinteoireachta um Oibriú Cumaisc).

Príomhdhualgais agus Príomhfhreagrachtaí

Beidh an tOifigeach Gaeilge, ag grád an Oifigigh Fheidhmiúcháin, ina bhall den fhoireann Polasaí agus Cumarsáide agus tuairisceoidh sé don Bhainisteoir Cumarsáide. Beidh an tOifigeach Gaeilge freagrach as forbairt agus cur chun cinn na Gaeilge ar fud na Comhairle Múinteoireachta. Oibreoidh siad chun próifíl na Gaeilge a ardú, laistigh d’acmhainní agus de shainchúram na heagraíochta, agus déanfaidh siad naisc straitéiseacha laistigh d’earnáil na Gaeilge.

Áiríonn dualgais agus freagrachtaí an róil na nithe seo a leanas, ach níl siad teoranta dóibh:

  • A chinntiú go gcomhlíonann an Chomhairle Mhúinteoireachta dualgais Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, arna leasú.
  • Plean Gníomhaíochta a fhorbairt chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ar fud na heagraíochta, lena n-áirítear eagrú imeachtaí agus oiliúna.
  • Oibriú mar chuid den fhoireann Polasaí agus Cumarsáide, chun tacú le forbairt na meán cumarsáide agus na seirbhísí cumarsáide i nGaeilge. D’fhéadfadh foilseacháin, preaseisiúintí, míreanna nuachta agus postálacha ar na meáin shóisialta a bheith san áireamh anseo.
  • Nuashonruithe ábhair a bhainistiú ar na codanna Gaeilge de shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta.
  • Dul i dteagmháil le heagraíochtaí seachtracha agus comhlachtaí poiblí maidir leis an nGaeilge lena n-áirítear an Coimisinéir Teanga, An Roinn Oideachais agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán.
  • Freastal ar imeachtaí seachtracha páirtithe leasmhara i leith na Gaeilge, thar ceann na Comhairle.
  • Aistriúcháin ar dhoiciméid, ar chomharthaí agus ar chomhfhreagras a dhéanamh/chomhordú nuair is gá do rannóga aonair.
  • Iniúchtaí a dhéanamh ar chomharthaíocht, ardáin ar líne, agus ar ábhar scríofa a úsáideann an Chomhairle Mhúinteoireachta chun cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal chun comhlíonadh na gceanglas reachtúil a chinntiú.
  • Comhairle a chur ar bhaill foirne eile, lena n-áirítear bainisteoirí líne, maidir le ceanglais reachtúla i dtaobh na Gaeilge.
  • Éascú a dhéanamh ar sholáthar agus ar bhainistiú seirbhísí aistriúcháin Ghaeilge don eagraíocht.
  • Seirbhísí custaiméara a sholáthar don phobal trí Ghaeilge nuair a iarrtar iad agus tacú le rannóga inmheánacha na Comhairle a gcuid seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge.
  • Imeachtaí Gaeilge a eagrú don fhoireann, e.g., Seachtain na Gaeilge.
  • Tuarascálacha gearra a ullmhú do Choiste Feidhmiúcháin na Comhairle Múinteoireachta, nó do choistí eile, de réir mar a iarrtar.
  • Úinéireacht iomlán a ghlacadh ar thascanna mar a ordóidh an bainisteoir líne.
  • Réitigh fhéideartha a thairiscint ar shaincheisteanna a thagann chun cinn laistigh de do rannóg.
  • Dualgais eile a chomhlíonadh a d’fhéadfadh Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, an Leas-Stiúrthóir, an Ceannasaí Polasaí & Cumarsáide agus an Bainisteoir Cumarsáide a shannadh.

Ginearálta

  • Caidrimh oibre éifeachtacha, ghairmiúla a fhorbairt agus a chothabháil le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha.
  • Comhairle, treoir agus oiliúint a chur ar fáil do chomhghleacaithe agus do dhaoine eile i do réimse saineolais.
  • Eolas agus foghlaim a roinnt le d’fhoireann agus le d’eagraíocht níos leithne.
  • Tacaíocht a sholáthar do thionscadail eagraíochtúla, grúpaí oibre, coistí, etc.
  • Cultúr d’fheabhsú leanúnach, de bhunathrú agus de nuálaíocht a chur chun cinn laistigh den Chomhairle agus rannchuidiú leis.

Riachtanais Riachtanacha

Ní mór don iarrthóir rathúil:

  • A bheith ina chainteoir líofa Gaeilge.
  • A bheith compordach ag léamh, ag scríobh, agus ag labhairt na Gaeilge, lena n-áirítear aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge, agus ó Ghaeilge ar ais go Béarla.
  • A bheith in ann gníomhú ar a threallús pearsanta agus cinntí a dhéanamh laistigh de bheartas.
  • Scileanna pleanála, eagrúcháin agus anailíse/léirmhínithe as an ngnáth a bheith aige/aici agus an cumas oibriú de réir spriocdhátaí teann, tascanna a chur in ord tosaíochta go héifeachtach agus torthaí a sheachadadh laistigh de spriocdhátaí dochta agus fócas á choinneáil ar chaighdeán na hoibre.
  • Scileanna cumarsáide, idirphearsanta agus bainistíochta daoine den scoth a bheith aige.
  • Cumas cruthaithe a bheith aige/aici chun caidreamh oibre fiúntacha a thógáil le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha.
  • An t-eolas agus an cumas riachtanach a bheith aige/aici le bheith in ann feidhmeanna uile an phoist a chomhlíonadh.

Critéir Inmhianaithe

  • Cáilíocht tríú leibhéal a bheith agat
  • Eolas ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, arna leasú.
  • Taithí bliana ar a laghad ag obair i gcomhlacht rialtais, eagraíocht dheonach nó comhlacht ábhartha eile ar chur chun cinn agus forbairt na Gaeilge nó taithí ábhartha chomhionann. I measc na réimsí oiriúnacha tá an Ghaeilge, oideachas, cultúr, obair phobail, polasaí sóisialta, polasaí poiblí, bainistíocht nó eile, ach níl siad teoranta dóibh.

Critéir Mheasúnaithe Iarrthóra

Déanfar iarrthóirí a mheas ar bhonn an chur síos ar an bpost atá leagtha amach thuas, fianaise ar chomhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach thuas agus an creat inniúlachta d’fhoireann ghrád an Oifigigh Fheidhmiúcháin thíos.

Daoine a Bhainistiú

  • Dul i gcomhairle le agus rannpháirtíocht iomlán na foirne a spreagadh, ag spreagadh plé oscailte cuiditheach ar shaincheisteanna oibre.
  • An leas is fearr a bhaint as daoine aonair agus as an bhfoireann, ag spreagadh dea-fheidhmíochta agus ag tabhairt aghaidhe ar aon cheisteanna feidhmíochta a d’fhéadfadh teacht chun cinn.
  • Luach a thabhairt d’fhorbairt daoine eile agus na foirne, agus tacú leo.
  • Spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do bhealaí oibre nua agus níos éifeachtaí.
  • Déileáil le teannas laistigh den fhoireann ar bhealach cuiditheach.
  • Spreagadh a thabhairt d’aiseolas ón bhfoireann, éisteacht leis agus gníomhú air chun feabhsuithe a dhéanamh.
  • Faisnéis, eolas agus saineolas a roinnt go gníomhach chun cabhrú leis an bhfoireann a cuspóirí a bhaint amach.

Anailís agus Cinnteoireacht

  • Déileáil go héifeachtach le raon leathan foinsí faisnéise, ag fiosrú na saincheisteanna ábhartha go léir.
  • Tuiscint a fháil ar impleachtaí praiticiúla an eolais maidir leis an gcomhthéacs níos leithne ina n-oibríonn siad – nósanna imeachta, cuspóirí rannáin etc.
  • Príomhfhadhbanna agus treochtaí a aithint agus a thuiscint.
  • Faisnéis uimhriúil a eastóscadh agus a léirmhíniú i gceart, ag déanamh ríomhanna uimhriúla beachta.
  • Conclúidí chruinne a dhéanamh agus moltaí cothroma agus córa a dhéanamh agus fianaise mar thaca leo.

Seachadadh Torthaí

  • Úinéireacht a ghlacadh ar thascanna agus a bheith diongbháilte iad a thabhairt chun críche go sásúil.
  • Cur chuige loighciúil agus pragmatach a bheith ann, cuspóirí a leagan síos agus na torthaí is fearr is féidir a sheachadadh leis na hacmhainní atá ar fáil trí thosaíocht éifeachtach.
  • Dúshlán cuiditheach a thabhairt do chuir chuige atá ann cheana féin chun seachadadh éifeachtach seirbhíse do chustaiméirí a fheabhsú.
  • Paraiméadair ama don tionscadal a mheas go cruinn, agus teagmhais a dhéanamh chun constaicí a shárú.
  • Earráidí a íoslaghdú, ag athbhreithniú na foghlama agus ag cinntiú go bhfuil réitigh i bhfeidhm.
  • Ionchur na foirne féin a uasmhéadú chun seachadadh éifeachtach na dtorthaí a chinntiú.
  • A chinntiú go bhfuil nósanna imeachta/prótacail/athbhreithnithe cearta seachadta i bhfeidhm agus curtha i bhfeidhm.

Scileanna Idirphearsanta & Cumarsáide

  • Cur chuige cumarsáide a mhodhnú chun freastal ar riachtanais chás/lucht éisteachta.
  • Éisteacht go gníomhach le tuairimí daoine eile.
  • Idirchaidreamh a dhéanamh le grúpaí eile chun comhoibriú a fháil.
  • Dul i mbun caibidlíochta, nuair is gá, chun teacht ar thoradh sásúil.
  • Fócas a choinneáil ar dhéileáil le custaiméirí ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus measúil.
  • A bheith teanntásach agus gairmiúil ag déileáil le saincheisteanna dúshlánacha.

Saineolas, Oilteacht agus Féinfhorbairt

  • Ardleibhéil scileanna/saineolais a thaispeáint ina réimse féin agus treoir a sholáthar do chomhghleacaithe.
  • Tuiscint shoiléir a bheith acu ar an ról, na cuspóirí, agus na spriocanna agus conas a thacaíonn siad leis an tseirbhís a sholáthraíonn an t-aonad agus an Roinn/Eagraíocht agus ar féidir leo é sin a chur in iúl don fhoireann.
  • Treorú trí eiseamláir, ag léiriú tábhacht na forbartha trí am a chur ar leataobh do thionscnaimh forbartha duit féin agus don fhoireann.

Treallús agus Tiomantas do Luachanna na Seirbhíse Poiblí

  • A bheith tiomanta don ról, agus iarracht leanúnach a dhéanamh a bheith ag feidhmiú ag leibhéal ard.
  • Solúbthacht agus oscailteacht i leith athraithe a léiriú.
  • A bheith athléimneach agus buanseasmhach chun cuspóirí a bhaint amach in ainneoin constaicí nó buillí.
  • A chinntiú go bhfuil seirbhís do chustaiméirí i gcroílár a chuid oibre féin/na foirne.
  • Go pearsanta gur daoine macánta agus iontaofa iad.
  • Gníomhú le hionracas agus é seo a spreagadh i ndaoine eile

Próiseas Iomaíochta

Conas Iarratas a Dhéanamh

Ba cheart iarratais a dhéanamh tríd an bhfoirm iarratais seo a chomhlánú. Ní mór gach cuid den fhoirm a chomhlánú go hiomlán. Nuair a bheidh d’iarratas comhlánaithe agat ní mór duit é a sheoladh trí ríomhphost chuig [email protected].  

Ní mór gach foirm iarratais a chur isteach i bhformáid Microsoft Word amháin.

Dáta Deiridh

Ní mór d’iarratas a chur isteach trí ríomhphost tráth nach déanaí ná12i.n. Dé Luain, 4 Samhain 2024.

Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an dáta deiridh.

Mura bhfaigheann tú admháil go bhfuarthas d’iarratas laistigh de 5 lá oibre ón iarratas a dhéanamh, déan teagmháil le do thoil le [email protected] .

Ba chóir d’iarrthóirí iad féin a chur ar fáil ar an dáta/na dátaí atá sonraithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta agus a chinntiú go bhfuil na sonraí teagmhála ar an bhfoirm iarratais cruinn.

Modhanna Roghnúcháin

Áireofar sa roghnú:

  • Iarrthóirí a ghearrliostú bunaithe ar an eolas atá ina bhfoirm iarratais.
  • Agallamh bunaithe ar inniúlacht.

Gearrliostú

Is gnách go bhfaightear níos mó iarratas ar phost ná mar a theastaíonn chun folúntas a líonadh. Cé go sásódh iarrthóir na riachtanais cháilitheachta don chomórtas, má tharlaíonn sé go gcuireann an oiread sin daoine isteach ar an bpost nach mbeadh sé praiticiúil agallamh a chur ar gach duine, d’fhéadfadh an Chomhairle Múinteoireachta cinneadh a dhéanamh gan ach líon áirithe iarrthóirí a ghlaoch chuig agallamh.

I dtaca leis seo, baineann an Chomhairle Múinteoireachta úsáid as próiseas gearrliostaithe chun grúpa, gur cosúil gurb iad na daoine is oiriúnaí don phost, a roghnú le haghaidh agallaimh, bunaithe ar scrúdú ar na foirmeacha iarratais. Déanfaidh bord saineolaithe na foirmeacha iarratais a scrúdú i gcoinne na gcritéar réamhshocraithe bunaithe ar riachtanais an phoist.

Ná baintear as an méid sin go gcaithfidh go bhfuil iarrthóirí eile mí-oiriúnach nó nach mbeidís in ann don phost ach gur cosúil, bunaithe ar a n-iarratas, go bhfuil cuid de na hiarrthóirí níos cáilithe ná a chéile nó go bhfuil taithí níos ábhartha acu.

Sonraí Iomlána