Baile     

Scéim Chónaithe UCD - Scoláireachtaí i dTeach na Gaeilge 2025-2026

October 30, 2024


Croílár Shaol na Gaeilge ar champas is ea Teach na Gaeilge UCD agus is taithí saoil faoi leith é. Bíonn deis ag mic léinn de chuid réimsí éagsúla léinn maireachtáil agus obair le chéile as Gaeilge. Cuireann said faobhar ar a gcuid buanna faoi leith trí mheascán mór imeachtaí cultúrtha agus sóisialta. Tairiscíonn Gaeltacht UCD 24 scoláireacht (12 scoláireacht do lucht na céad bliana), do mhic léinn atá líofa sa Ghaeilge agus a dteastaíonn uathu í a chur chun cinn le tograí nua i saol na hOllscoile.

  • Is dlite do mhac léinn le Gaeilge líofa atá ag gabháil d’aon chúrsa de chuid UCD cur isteach ar scoláireacht
  • Beidh an t-iarrthóir rathúil lonnaithe in ‘Teach na Gaeilge’, Árais Chónaithe Merville, achar nóiméad ó amharclanna, leabharlanna, áiseanna spóirt agus ríomhaireachta na hOllscoile
  • Beidh ról lárnach ag an iarrthóir rathúil in imeachtaí na mac léinn agus íoctar scoláireacht mhíosúil leis an mac léinn ar chomhlíonadh riachtanais na scéime dó, go sásúil (luach scoláireacht na bliana seo caite, 2025 - 2026: €1,500)
  • Maireann an scoláireacht bliain acadúil amháin. Tá cead ag mic léinn cur isteach ar an scoláireacht arís ina dhiaidh sin
  • Beidh foirmeacha iarratais don chomórtas ar fáil ó www.ucd.ie/irish/ga/ansceimchonaithe/ i mí an Mhárta 2025
  • Roghnaítear an t-iarrthóir rathúil ar bhonn a fhoirm iarratais agus a agallaimh
  • Beidh an scoláireacht luaite ar tras-scríbhinn gach scoláire

Tuilleadh eolais ó: Gaeltacht UCD, L540 Foirgneamh na Leabharlainne, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Belfield, Baile Átha Cliath 4, Éire Ríomhphost: [email protected]  www.ucd.ie/irish

Sonraí Iomlána