Baile     

CareersPortal ag FÍS 2026 - Conradh na Gaeilge

March 11, 2026


FÍS 2026 - Conradh na Gaeilge | Ar son phobal na Gaeilge

Déardaoin 12 Márta

Beidh roinnt mhaith tionscnamh tábhachtach ag CareersPortal.ie ar an seastán, ina measc:
An bealach chun príomhréimsí an tsuímh agus na cláir ghairmthreorach a aistriú
  • An bealach chun teacht ar roinnt mhaith PowerPoints tábhachtacha le cur i láthair sa seomra ranga
  • An bealach chun an “Interest Profiler “ a dhéanamh as Gaeilge agus tuairisc phearsanta a chruthú
  • Suíomh gréasáin neamhspleách SaolOibre, atá tiomnaithe do thaighde scoláirí agus a thacaíonn le cinntí faoi chúrsaí agus gairmeacha as Gaeilge a chur i láthair
  • Liosta na gcúrsaí CAO a bhfuil Gaeilge ag teastáil mar riachtanas iontrála nó a bhfuil cuid den teagasc, nó an teagasc ar fad, á dhéanamh trí Ghaeilge a chur i láthair
  • Iniúchadh a dhéanamh ar an eolas is déanaí ón margadh saothair faoi na réimsí ábhartha
  • Comórtas Scileanna Gairme 2026 a chur i láthair – an chuid neamhspleách Ghaeilge den chomórtas Scileanna Gairme a thacaíonn le hiarratas scoláirí ar an ngradam cré-umha Gaisce.
  • Póstaeir agus acmhainní as Gaeilge saor in aisce do scoláirí agus do mhúinteoirí, an póstaer Pointí CAO ina measc
  • An Dialann Taithí Oibre as Gaeilge a fheiceáil
  • Físeáin agus Agallaimh as Gaeilge a iniúchadh
www.careersportal.ie / www.saoloibre.ie

Sonraí Iomlána