Baile     

FÍS ’26 - Comhdháil Ollmhór don Ghaeilge

December 23, 2025


5,000 duine | 100+ seastán | 3 phlé-phainéal


Bí páirteach sa chomhdháil úrnua do dhaoine óga a léiríonn ár dtodhchaí dhátheangach san oideachas, sa saol gairmiúil agus sa saol sóisialta. Beidh seastáin, ceardlanna agus cainteanna ann a léireoidh na deiseanna uile éagsúla a eascraíonn ón nGaeilge agus ón dátheangachas, chomh maith le bealaí le nascadh isteach leis an bpobal bríomhar de chainteoirí Gaeilge. Beidh FÍS 26’ ar siúl san Ionad Comhdhála i lár chathair Bhaile Átha Cliath i rith Seachtain na Gaeilge ar an 12ú Márta, 2026.

 

Is comhdháil nua é FÍS ‘26 a thugann daoine óga le chéile chun léargas a thabhairt dóibh ar na slite uile éagsúla a bhfuil an Ghaeilge ag múnlú na todhchaí. Tugann an lá seo scoláirí, mic léinn, gairmithe óga, cruthaitheoirí agus eagraíochtaí Gaeltachta, Gaeilge agus Stáit le chéile le oll-theachtaireacht amháin: is bua luachmhar sa bhreis í an Ghaeilge sa saol acadúil, gairmiúil agus sóisialta.

 

  • Cathain?

Déardaoin, 12 Márta, 2026

  • Cá hÁit?

An tIonad Comdhála, Duga Spencer, Baile Átha Cliath 1, D01 T1W6

  • Cé Dóibh?

Daltaí sinsearacha meánscoile (4ú, 5ú, 6ú bliain) agus mic léinn ollscoile.. Beidh an 2 seisiún ar maidin dírithe ar daltaí scoile (bl4-6) agus an seisiúin níos déanaí dírithe ar mhic léinn triú leibhéal

Sonraí Iomlána